martes, 11 de octubre de 2016

'Mon école de théatre c'était la guerre.'



Bhí Darina Al-Joundi i Madrid an tseachtain seo caite, ag caint le léitheoirí na Fraincise faoin aisteoireacht, faoin óige i mBéiriút agus faoin saol atá aici anois sa Fhrainc.

Rugadh í i 1968, duine de thriúr iníon a bhí ag intleachtóir as an tSiria a thug tógáil aisteach dá chlann i bpríomhchathair na Liobáine. Ina leabhar 'Le Jour où Nina Simone a cessé de Chanter' tá a lán le rá aici faoin athair sin, Hassem al Joundi,  ach is ar éigean go luann sí a máthair, in ainneoin a ndeir sí faoin mháthair a bheith i gceannas ar shaol na leanaí i dtíortha Arabacha. Thuig sí go luath gur duine ar leith ba ea an t-athair seo a bhí aici, fear a dhiúltaigh do gach creideamh, a dúirt lena chailíní beaga nár cheart dóibh a dtóin a chur san aer le Dia a adhradh mar a dhéanann Moslamaigh ná dul ar a nglúine mar Chríostaithe. Ach cuireadh chuig scoil leis na mná rialta (bonne soeurs, mar dhea) í agus chuir sí dúil mhór sna paidreacha agus sna searmanais go dtí gur dhúirt duine de na mná rialta léi nach bhféadfadh sí leanúint ar aghaidh leo mar nár baisteadh í riamh. I dtír ina bhfuil níos mó ná fiche aicme creideamh, agus a lán easaontais agus coimhlinte eatarthu, ní fhéadfadh an cailín beag a rá nár bhain sí le haon aicme.




Ní raibh cead ag na daltaí Arabais a labhairt ar scoil, bhí an iarracht impiriúil fhrancach beo i gcónaí blianta fada tar éis don Fhrainc seilbh a chailliúint ar na críocha sa Mheánoirthear. Ba mhinic a cuireadh píonós ar an gcailín beag mar gheall ar theanga na tíre a labhairt.

'Elève turbulente, j'était chaque jour contrainte de recopier des centaines de fois: "Je ne parlerai jamais en arabe." (l 19).  Níor thaitin an cúrsa léi, an fhraincís ná an mhatamaitic, ach bhí dúil mhór aici sa teagasc críostaí, go háirithe i scéal Íosa agus na striapaí. Bhí na striapacha le feiceáil sa chalafort ag plé leis na mílistigh agus leis na saighdiúirí ón iasacht agus thaitin sé leis an gcailín beag a shammhlú go mbeadh Íosa ina chara acu. D'fhás sí suas go mear agus an tír faoi ionsaí agus faoi ionradh ag Iosrael, ag an tSiria, agus á réabadh ag na mílistí nó na hairm phríobháideacha a bhí ag na Pailistínigh, na Críostaithe, agus dronganna éagsúla eile sa tír. Chuaigh gnáthshaol de chineál éigin ar aghaidh mar sin féin sa chomhluadar ilteangach ilchreidmheach. Ach nach raibh gnáth-thógáil ag Darina. Chomh maith le coisc a chur ar chreideamh d'áitigh an t-athair uirthi a bheith saor, chuir sé ag ól fíona í agus í ocht mbliana d'aois agus thosaigh sé ar na drogaí agus í an-óg chomh maith. Bhí an-tóir ar bhealaí éalaithe, éalú chun na Cipire dá mb'fhéidir, nó éalú sealadach ón bhuamáil agus ó síorbhagairt ó eitleáin chogaidh, ó mhílistigh, ó shaighdiúirí as scór náisiún, go tearmann sealadach an alcóil, an ghnéis agus an chócaoin.

Gabhadh an t-athair nuair a tháinig arm na Siria. Éigníodh an cailín, phós sí, bualadh í, scar sí, phós sí arís. Bhí sí ag aisteoireacht sa stáisiún teilifíse ina raibh a máthair ina léitheoir nuachta ó bhí sí ocht mbliana d'aois. Fuair an t-athair bás agus thosaigh raic nuair a dúirt Darina nár cheart véarsaí den Chóran a sheinm ag a thórramh, gurbh fhearr leis snagcheol ná creideamh. Theith sí go dtí an t-aerfort, é ar intinn aici dul do Londain, ach bhí na heitiltí go léir lán. "Il restait une place pour Paris. Je l'ai pris. Paris que je ne quiterai jamais.'

Sa Fhrainc cuireadh aithne uirthi mar gheall ar a saothar amharclainne i gcomhar le Mohamed Kacimi. Chuaigh sí go féile Avignon leis in 2007. Dúirt sí linn i Madrid go raibh timpeall triúr déag i láthair ag an chéad léiriú, ach an lá ina dhiaidh sin, go raibh os cionn céad i scuaine lasmuigh den amharclann cúpla uair an chloig roimh tús an dráma, ag fanacht le dul isteach. Ó shin i leith tá an-cháil bainte amach aici leis an léiriú sin, ar a bhfuil a leabhar bunaithe, agus le léirithe eile, i dtíortha go leor ar fud an domhain.

 Ach ní dheachaigh sí ar ais chun na Liobáine, ná níor cheadaigh sí aistriúchán Arabaise a dhéanamh ar a saothar. Ní fhéadfaí é a dhéanamh gan chinsireacht, a deir sí. Tá sí pósta le fear as an Éigipt anois, Coptach, agus is minic a bhíonn sí sa tír sin, ach ní osclaíonn sí a béal. Níl saoirse cainte ag na mná ansin ná i dtíortha Arabacha eile. Is saoránach de chuid na Fraince anois í agus tá buaite aici dar léi ar uafás na hóige. 
'J'ai gagné', ar sise cúpla uair nó trí le linn a cainte. 

Tá an ceart aici, is dócha. Tá ábhar uafáis ina leabhar, rinne sí iarracht fiú a hathair a mharú le nimh agus le piostal, ach is minic a fheiceann sí an saol trína shúile, a deir sí. Agus bhí sé bródúil aisti, fiú nuair a fuair sé amach faoi na hiarrachtaí a rinne sí. Agus tháinig sí slán ón chogadh, ó na drugaí (tá dúil mhór aici sna toitíní i gcónaí áfach), ón ól, ón ainsriantacht. Tá an leabhar coscrach ach greannmhar. spiorad iontach na saoirse léirithe sa scríbhneoireacht, agus i dteacht i láthair na mná féin. 








No hay comentarios:

Publicar un comentario