miércoles, 19 de octubre de 2016

Bhí Cathair ann uair.

Chonaic an scríbhneoir leabhar ar díol, na céadta grianghraf de chathair cháiliúil na ngluaisteán. Bhí na pictiúir go hálainn cé gur léiriú iad ar mheath, ar bhás sibhialtachta, ar thréigean. Bhí Detroit ina ceanncheathrú ag na comhlachtaí ba mhó ar domhan ar feadh tamaill fhada sa bhfichiú haois, General Motors, Ford, Chrysler, d'fhostaigh siad na céadta míle Meiriceánach agus na sluaite imirceach ón iasacht agus ó stáit léanmhara bhochta an Deiscirt. Bhí saol na bhfuíoll acu ar feadh cúpla glúin, airgead le déanamh, tithe ar fáil do chách, oideachas agus dóchas.

Chaith Thomas Reverdy laethanta fada ag stánadh ar na pictiúir agus chonaic sé iontu fothraigh na sibhialtachta a bhí ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann. Chuimhnigh sé ar na húrscéalta cáiliúla le Orwell agus Huxley, an t-uafás a bhí laistiar den fhorbairt ábhartha, an dúshlán don duine aonair agus don daonlathas, a bhí mar an gcéanna faoi chaipitleachas an Iarthair agus faoi Chumannachas an Oirthir. Scríobh sé a úrscéal roimh dhul go Detroit, an chathair súite isteach ina shamhlaíocht as na pictiúir, agus íomhá uilechumhachtach bhuacach Mheiriceá.

Chuir sé innealtóir Francach go dtí an chathair ina scéal, fear a bhí idirnáisiúnaithe, taithí aige ar obair do na mórchomhlachtaí cibé áit a chuirfí é, strainséir síoraí, ach súile Eorpacha aige a dhéanann iontach de dheighilt na gciní, den 'déshumanization' nó den dídhaonnú atá tarlaithe sna hollchathracha.


Cainteoir den scoth is ea Thomas Reverdy, agus bhain mé an-taitneamh as an chaint a thug sé aréir i siopa leabhar La Central, ach níor éirigh liom taitneamh a bhaint as a úrscéal 'Il Était Une Ville' (Flammarion 2015), agus nuair a labhair sé faoin dóigh ar chum sé an leabhar as na grianghraif thugi mé an t-easnamh a bhí ann, an t-úrscéal a raibh cuma na réadúlachta air ach gan mothú na fírinne san insint. Tar éis bualadh leis an údar tabharfaidh mé faoi arís, mé níos báúla anois don aidhm a bhí aige.

Fuair sé taithí ar chathair Detroit i ndiaidh dó an leabhar a scríobh. Dúradh leis nach bhféadfadh sé taisteal ar na busanna, mar gur leis na daoine gorma iad, agus nach mbeadh fáilte roimhe ina measc. Tá na ciníocha deighilte go hiomlán óna chéile, na daoine geala imithe amach go dtí na bruacha, an chuid eile fágtha i mbochtaineacht, gan uisce ná solas go minic, gan siopaí. Tá scéimeanna anuachana ar bun, ach tugann siad lucht teicneolaíocht na faisnéise gona bhféasóga isteach, dream chomh haduain sin nach bhfuil aon ghlacadh leo ag an méid atá fágtha de na glúinte a thóg na carranna agus atá caite ar an charn aoiligh anois. Sílim go mbeadh sé ábalta úrscéal níos fearr a scríobh anois, a thaithí a fhí isteach sa scéal samhalta, blas na fírinne a thabhairt don ealaín.

Cuireadh ceist air faoi eagarthóirí agus foilsitheoirí. Labhair sé faoina eagarthóir, bean ghéarchúiseach a thug air dul siar ar na caibidlí agus amharc arís orthu, gan treoracha ná orduithe a thabhairt dó, ach na laigí stíle a thaispeáint agus a dhúshlán a thabhairt feabhas a chur ar an leabhar. D'éirigh chomh maith sin leis gur ghnóthaigh an leabhar an Prix des Libraire don bhliain seo 2016, duais a bhronntar go bliantúil as comórtas atá eagraithe ag siopaí leabhar na Fraince agus na dtíortha eile ina labhraítear an teanga go forleathan. Nach méanar do scríbhneoirí na mórtheangacha an oiread sin cabhrach agus aitheantais a bheith ar fáil dóibh.....


No hay comentarios:

Publicar un comentario