miércoles, 7 de septiembre de 2016

Úll Réidh Aibí

Fadó fadó nuair a bhí mé óg agus fonn orm tabhairt faoin scríbhneoireacht, chuir mé alt nó dhó chuig Gearóid Stockman a bhí ina eagarthóir ar An tUltach ag an am. Bhí, agus tá, mo chuid lámhscríbhneoireachta go fíordhona, agus d'iarr sé orm iad a athscríobh agus spás go leor a fhágáil idir na línte sa dóigh go mbeadh sé ábalta ceartúcháin a dhéanamh a bheadh inléite ag an té a bheadh á chlóscríobh.

Bhí clóscríobháin ag cairde saibhre (mic léinn as na Sé Chontae a raibh deontas flaithiúil na Ríochta acu) agus shantaigh mé ceann de na hinnill sin, agus d'éirigh liom ceann a fháil ar iasacht ó rúnaí le cleachtadh sular cheannaigh mé mo Smith Corona leictreach cúig bliana is tríocha ó shin, ar mholadh chara.



Bhíodh orainn an síneadh fada a scríobh isteach ar na leathanaigh an uair sin, ach ba ar inneall den chineál sin a scríobh mé an tráchtas M/Phil, ailt agus scéalta agus leabhar nó dhó. Rinne sé gnaithe breá ar feadh tamaill is dócha, ach bhí iriseoirí agus scríbhneoirí na linne ag caint faoi 'phróiseálaithe focal' agus Amstrads a bhféadfá do chuid nótaí a scríobh agus a shábháil orthu, agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu cibé uair ba mhian leat. Bhí an tsaint agus an fhiosracht múscailte arís, cé go mbíodh cuid againn ag magadh fúthu siúd a shíl go ndéanfadh an teicneolaíocht scríbhneoirí nó scoláirí níos fearr astu. 

Ach bhí siad daor agus ní raibh mé ábalta ceann a cheannach. Is cuimhin liom gur tugadh an-chuid poiblíochta do ríomhaire de chuid IBM, an PS/1 agus chuaigh mé ag amharc air ag taispeántas a bhí in óstán in earrach na bliana 1991. Bhí IBM ag maíomh as chomh héasca is a bhí sé é a úsáid, ach nuair a dúradh liom go mbeadh orm alt a phriontáil sula bhfeicfinn an leagan amach a bhí air, shíl mé go raibh rud éigin eile ag teastáil. Bhí ríomhairí ar fáil ó chomhlacht eile a raibh comhéadan WYSIWYG orthu, agus nuair a cuireadh scéim ar bun san ollscoil timpeall an ama sin a thug deis don fhoireann íoc as ríomhaire thar tréimhse dhá bhliain nó trí thapaigh mé an deis le  Mac


Classic II nua a cheannach. Scáileán beag 9" gan dathanna, diosca crua 40MB, 4MB de chuimhne, ar £1,200. Rinne sé sin cúis ar feadh cúpla bliain eile, ach ar ndóigh bhí mé in éad leo siúd a raibh Quadras agus scáileáin dhaite acu....

Ceann de na cúiseanna is mó gur mealladh mé i dtreo an Mac ba ea an obair a bhí á dhéanamh ag Michael Everson agus Marion Gunn, le comhéadan Gaeilge agus feidhmchláir i nGaeilge a chur ar fáil. Ach ní raibh mórán daoine sásta íoc as, ag an am bhí sé an-éasca aon fheidhmchlár a theastaigh uait a chóipeáil agus a chur ar do ríomhaire ar chostas diosca flapaí nó dhó. Chomh maith leis sin, bhí an dearcadh forleathan ann gur cheart ríomhairí 'IBM-compatible' a úsáid i ngach oifig seachas i stiúideonna grianghrafadóirí agus dearthóirí, agus ní raibh margadh sách mór in Éirinn le luach a saothair a chur ar fáil do Mhichael agus do Mharion.

Bheinn saibhir anois dá gceannóinn scaireanna in Apple seachas a gcuid ríomhairí a cheannach, ach bhí ag teip ar an chomhlacht sna 1990í agus ar feadh tamaill bhí ríomhairí le leaganacha éagsúla de Windows agam chomh maith le Powerbook, Performa agus Powermac nó dhó -  Níor mhair na ríomhairí mórán thar cúpla bliain, agus bhíodh ceann nua ar an deasc gach re bliain. Agus bhí rás idir lucht déanta crua-earraí agus bog-earraí a d'fhág gur minic nach bhféadfaí leagan nua de Photoshop a úsáid gan cárta físe nó cuimhne nó ríomhaire nua ar fad a cheannach. Bhíodh na 'saineolaithe' ag magadh fúthu siúd a d'fhan dílis don Mac, á rá nach raibh an chumhacht iontu, nach bhféadfaí 'costumization' nó saincheapadh a dhéanamh orthu, agus go raibh siad ró-éasca le húsáid. Bhí Apple 'belly-up' ar siad agus Steve Jobs imithe leis, agus ní bheadh aon mhaith inár ríomhairí feasta.

Bhí caint sna nuachtáin faoi thrioblóidí Apple, agus go mb'fhéidir go ndúnfaí an monarcha mór a bhí acu i gCorcaigh. Chuaigh toscaireachtaí go California. Shíl mé ag an am go bhféadfadh an Roinn Oideachais, mar shampla, a chinntiú go mbeadh éileamh ar a gcuid ríomhairí dá gcuirfí scéim ar bun do na scoileanna, ar an gcoinníoll go mbeadh ábhar i nGaeilge ar fáil ar na ríomhairí, ach d'fhan na státseirbhísigh dílis do IBM agus Windows, agus chuaigh blianta fada thart sula raibh ríomhairí ar fáil go coitianta i scoileanna an stáit. Is cuimhin liom a bheith ag cruinniú de chuid Fhoras na Gaeilge ina raibh plé á dhéanamh ar cad ba chóir a dhéanamh sa dóigh go mbeadh ábhar ar fáil do na scoileanna - i mBéarla a bhí an cruinniú, go dtí gur chuir duine éigin ceist sa deireadh an raibh aon duine gan Gaeilge i láthair. Ní raibh, ach b'fhearr le lucht an Fhorais an Béarla a úsáid ar mhaithe leis an 'dátheangachas' a bhí mar pholasaí láidir acu ag an am....   Ar ndóigh níor tháinig a dhath as an chruinniú sin, agus ba bheag an toradh a bhí ar an obair a rinne dreamanna éagsúla le hábhar a chur ar fáil i nGaeilge. Nuair a tosaíodh ar na ríomhairí a sholáthar do na scoileanna faoi dheireadh, bhí Encarta agus ábhar Angla-Mheiriceánach eile leo mar chuid den mhargadh agus is beag comhlacht in Éirinn a rinne aon phingin mar nach bhféadfadh siad iomaíocht le hábhar a bhí 'saor in aisce' leis an phacáiste.

Bhí na ríomhairí glúine an-áisiúil ach déanta de phlaisteach agus thiteadh siad as a chéile. Bhí an
Powerbook g4 alúmanam go breá téagartha, beag néata le scáileán 12", agus tá sé ag luí i dtarraiceán éigin go fóill. Tug mé liom chuig cruinnithe go leor é, le miontuairiscí a scríobh. Chonaic Marion Gunn agam é ag cruinniú de chuid fhochoiste Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana agus dúirt sí liom gur cheannaigh sí an ceann ba mhó, le scáileán 17" go gearr ina dhiaidh sin.

Bhí Steve Jobs ar ais agus tháinig an iMac, an iPod, an iPad agus an iPhone sna sála ar a chéile. Bhí deireadh leis an náire nó an cheilt a bhain le dílseacht na 'fanboys' agus an domhan agus a mháthair faoi dhraíocht ag na bréagáin nua. Aistríodh an chuid is mó den déantúsaíocht chun na Síne ach fos féin ba é Apple an fostóir ba mhó i gCorcaigh agus le bliain nó dhó anuas is é an comhlacht teicneolaíochta is mó ar domhan é. Ní maith le húinéirí an chomhlacht cáin a íoc, agus is iad atá saibhir go leor le cinntiú go mbeidh gach cleas agus seift agus lúb ar eolas ag aa gcuid cuntasóirí leis an brabús ollmhór a choinneáil slán ó choimisinéirí cánach an domhain. Tá a lán á rá faoi láthair faoi chinneadh an Aontais Eorpaigh go gcaithfidh Apple na mílte milliún a íoc in Éirinn, agus faoi sheasamh rialtas Bhaile Átha Cliath i gcoinne an tsocraithe sin.

Deirtear go bhfuil carn airgid ag Apple, os cionn $230,000,000,000 faoi láthair, agus nach ndéanfar tada leis mar go mbeadh orthu cáin a íoc dá dtabharfadh siad abhaile go dtí na Stáit é. Is fíorbheag an méid  de sin atá dlite, dar leis an AE, d'Éirinn, ach mar is gnách is fearr le lucht na 'cumhachta' in Éirinn an t-airgead a dhiúltú ná glacadh leis, ar eagla go n-imeodh na comhlachtaí móra ilnáisiúnta abhaile agus go bhfágfaí na céadta míle gan obair... Is dual don Éireannach a bheith ina mhaidrín lathaí, ach anois táimid sáite sa troid idir na madraí is mó ar domhan agus ba cheart dúinn ár leas féin a dhéanamh agus glacadh leis an trí mhíle déag milliún sula roinntear é idir na tíortha eile go léir nár íoc Apple cáin leo trí úsáid a bhaint as cleasa cuntasaíochta in Éirinn.

Ní féidir a mhaíomh fiú gurb í an infheistíocht ó chomhlachtaí ilnáisiúnta ríomhaireachta agus cógas an infheistíocht is mó a thugann toradh uaithi, maíonn Brian Lucey go bhfuil seirbhísí oideachais, mar shampla, i bhfad níos torthúla.

Ar aon nós, déanfaidh rialtas na hÉireann an beart lúitéiseach mar is gnách, teipfidh orthu, ach faoin am a mbeidh an cath thart ní bheidh ach codán beag den 13 billiún + ús ar fáil do státchiste Bhaile Átha Cliath, mar go mbeidh a gcuid féin bainte as ag fiche tír eile....

Ach, fág seo, deirtear go mbeidh iPhone nua, agus b'fhéidir fiú MacBook nua, á fhógairt anocht....



No hay comentarios:

Publicar un comentario