lunes, 5 de septiembre de 2016

Badajoz 1812

Rinne mé trácht ar shléacht a rinne i gcathair Badajoz na Spáinne ag tús an chogaidh chathartha ochtó bliain ó shin, agus luaigh mé gur tharla a leithéid cheana, agus go raibh na mílte Éireannach páirteach. Agus thosaigh mé ag amharc ar an stair a bhaineann leis an eachtra agus chuaigh mé in abar na gcuntas éagsúla faoi Napoleon agus Wellington, an Spáinn agus an Phortaingéil, reisimintí agus airm agus gléasanna iomarbhá agus léigir agus leaganacha éagsúla den stair.

Le scéal fada a dhéanamh gearr rinne Napoleon ionradh ar an Spáinn agus ar an Phortaingéil sa bhliain 1807 mar gheall ar an mbagairt go mbeadh Sasana ábalta an leithinis a úsáid le ionsaí a dhéanamh ar an Fhrainc. (Bhí cabhlach na Spáinne scriosta ag Nelson cúpla bliain roimhe sin agus smacht ar feadh seal ag Cabhlach na Breataine ar an Atlantach.  Ba chomhghuaillithe iad na Sasanaigh agus na Portaingéalaigh ón cheathrú haois déag i leith agus in ainneoin iarrachtaí na Fraince ní raibh moill ar Shasana cabhlach agus arm a sheoladh faoi cheannas Wellesley (nó an Diúc Wellington mar is fearr aithne anois air)  agus na Francaigh a bhrú amach de réir a chéile go teorainn na Spáinne.

Tar éis trí bliana bhí smacht ag Sasana ar an Phortaingéil ach ag teip uirthi sna hionsaithe thar teorainn. Chuir Wellington feachtas earcaíochta bun agus ba as Éirinn don chúigiú cuid ar a laghad dá chuid saighdiúirí  - chomh maith le reisimintí ar nós na Connaught Rangers agus na Inniskillings bhí Éireannaigh sa mhórchuid de na reisimintí Sasanacha agus Albanacha. Bhí saighdiúirí as an Ghearmáin agus as tíortha eile, agus na scórtha míle Portaingéalach faoina gcuid ginearál féin. Ba é tuairim Wellington gur ar son an óil a liostáil a chuid saighdiúirí, ach is cinnte gur spreag an bhochtaineacht agus an géarleanúint agus an cruatan a lean Éirí Amach  98 a lán de na fir óga a ghlac le scilling an rí.

B'éigean do Wellington fanacht tamall ar airtléire sular thug sé faoina ionradh ar an Spáinn. Faoi dheireadh bhí sé réidh ag tús na bliana1812 agus thrasnaigh sé an teorainn. Ghabh sé Ciudad Rodrigo i mí Eanáir agus thug sé aghaidh ó dheas ansin ar Badajoz, mar a raibh garastún an-láidir faoin ghinearál Phillipon. Rinne Wellington moill ar feadh tamaill leis na gunnaí móra a fheistiú agus faoin 17ú Márta bhí an baile timpeallaithe aige. De réir na dtuairiscí ní raibh ach timpeall 4,000 de mhuintir na cathrach fágtha laistigh de na ballaí, agus cúig mhíle saighdiúir. Thart fá 27,000 a bhí faoi cheannas Wellington, idir Sasanaigh, Portaingéalaigh, Éireannaigh, Gearmánaigh agus eile. Tar éis trí sheachtain de léigear bhí dún ar imeall an bhaile, Picurina i seilbh arm na Breataine agus leanadh ar aghaidh ag tochailt trinsí agus ag tuargaint go dtí go raibh bearnaí déanta faoi dheireadh sna ballaí.





Ar an 5 Aibreán rinneadh mórionsaí ar na bearnaí agus tar éis na mílte fear a chailliúint d'éirigh leis na comhghuaillithe a mbealach a dhéanamh isteach sa chathair agus ghéill Phillipon faoi dheireadh ar oíche an 6 lá d'Aibreán. Bhí na corpáin carntha ina mílte, beagnach cúig mhíle de na hionsaitheoirí a cailleadh agus thart fá míle go leith den lucht cosanta. Ar feadh cúpla lá bhí na saighdiúirí buacacha as smacht, ag réabadh, ag goid, ag dó, ag éigniú agus ag marú. Áirítear go bhfuair timpeall ceithre mhíle sibhialtach bás  - más mar sin a bhí, is fíorbheag an méid a tháinig slán.

Áirítear léigear agus sléacht Badajoz ar cheann de na heachtraí ba uafásaí a tharla sa chogadh mór Eorpach idir na hImpireachtaí.

Bronnadh onóir ar na Connauhgt Rangers ar son a gcuid éachtaí ... 'The Devil's Own' an leasainm a bhí orthu...

No hay comentarios:

Publicar un comentario