viernes, 19 de agosto de 2016

Sléacht (agus sléacht eile) i mBadajoz

Sléacht (agus sléacht eile) i mBadajoz


Ní thugtar mórán airde ar an chathair bheag seo ar theorainn na Portaingéile anois,  is ar éigin is féidir a rá go bhfuil teorainn ann níos mó agus an dá thír i leithinis na hIbéire le chéile san Aontas Eorpach le blianta. Ach ba chathair thábhachtach í ar feadh na gcéadta bliain, daingean cosanta agus ríthe na Portaingéile agus na Spáinne ag iarraidh smacht a fháil nó a choinneáil ar chúige Extremadura, nó é a ghabháil ó na Múraigh. 

Sléacht Yagüe

Tá an cur síos seo bunaithe ar alta le Sol López-Barrajón a foilsíodh ar an 14 Lúnasa 2016. 


Ar an 14 Lúnasa, timpeall mí tar éis do na faisistigh tús a chur lena n-éirí amach, thit cathair Badajoz faoi lámh an dúnmharfóra ba mhó a tháinig chun na cathrach ó thús na staire, an Ginearál Yagüe, a chuir tús leis an uafás agus an uirísliú is mó a d'fhulaing na daoine riamh.

Shroich na náisiúnaithe an chathair ar an 13 Lúnasa, agus rinne siad ionsaí straitéiseach ó thrí thaobh. Osclaíodh bearna sa bhalla cosanta díreach in aice leis an áit ina bhfuil páirc an Léigiúin anois, osclaíodh an bhearna san áit a dtugtar an Cuarbhóthar agus ghluais na hionraitheoirí  go dtí Instituto Zurbarán mar ar bhuail siad leis na Falangaigh agus lucht comhcheilge eile a bhí neadaithe sa chathair rompu.  Scaoileadh sliogáin airtléire agus d'eitil siad os cionn na ndaoine a chónaigh in aice le stáisiún na traenach, daoiena a bhí ag iarraidh éalú chun na Portaingéile nuair a tháinig na náisiúnaithe isteach sa chathair. , Ach nuair a rinne siad iarracht dul thar teorainn ghabh saighdiúirí Salazar iad agus tiontaíodh ar ais iad.  Ag breacadh an lae ar an 14ú lá, thosaigh airtléire na gceannairceach ag scaoileadh le ballaí cosanta Badajoz. Lean an tuargaint dhian ar aghaidh, le heitleáin Ghearmánacha agus Iodálacha ag buamáil, ar feadh roinnt uaireanta, go dtí gur scrios siad na ballaí agus na tithe mórthimpeall orthu. 

Ag a ceathair a chlog sa tráthnóna, bhí smacht ag na ceannaircigh cheana féin ar chuid mhór den chathair, ach lean an comhrac ar aghaidh sna sráideanna go titim na hoíche. Theith caoga den mhílíste isteach san ardeaglais agus lean siad leis an troid go dtí nach raibh aon armlón fágtha acu; gabhadh ansin iad agus cuireadh chun báis iad os comhair na príomhaltóra: - cé gur maíodh gur féinmharú a rinne siad, is amhlaidh gurb iad lucht an léigiúin a mharaigh ag bun na haltóra iad. Bhí Yagüe tagtha isteach i gcathair Badajoz agus an t-ár tosaithe aige. 

Díreach ina dhiaidh sin a tharla an chéad sléacht. Tar éis gach dream a bhí ina gcoinne a chloí, thuirling na Múraigh ar an gcathair ar nós madraí alta agus iad armtha go béal, ag marú aon duine a tháinig amach ar an tsráid, ag éigniú na mban. Sciobadh gach ruainne bia a bhí ar fáil, agus bailíodh cloigne gearrtha na mílísteach a raibh ór ina gcuid fiacla mar chreach. Thit a lán daoine neamhurchóideacha, mná gan chosaint, fir nár ghlac aon pháirt sa troid, leanaí agus seanóirí. Fuair daoine bás díreach mar go raibh uaireadóir nó slabhra óir orthu a mhúscail saint na n-amhas múrach a bhí i seirbhís an fhaisisteachais. 

Níl aon áireamh cruinn déanta ar an líon a cuireadh chun báis.

Bhain oifigigh gearmánacha a bhí i seirbhís le Franco, pléisiúr as grianghraif a ghlacadh de chorpáin a bhí spochta (coillte) ag na múraigh, agus bhí an oiread sin uafáis mar gheall ar na corpáin spochta go raibh ar an nginearál Franco ordú a thabhairt do Yagüe go n-éireofaí as an spochadh agus as na deasghnátha gnéis leis na naimhde marbha. Ach lean siad ar aghaidh á dhéanamh.

Ní raibh siad in ann gach duine  a mharú, agus bhí ar Yagüe príosúnaigh a dhéanamh díobh, bhí an charcair ag cur thar maol, ní fhéadfaí duine amháin eile a bhrú isteach inti. Bhuail an smaoineamh an ‘Búistéir Badajoz’ gur mhaith an t-ionad é plás na dtarbh, áit fhairsing ina bhféadfaí a lán príosúnach a choinneáil.

Tugadh teifigh ar ais ón Phortaingéil chomh maith go gaineamh tragóideach Phlás na dTarbh, mar ar  eagraíodh taispeántas fola nach bhfacthas a leithéid riamh ar domhan. I measc na dteifeach a gabhadh bhí a lán daoine nach raibh páirteach sa chath mar gheall a n-aois nó a meon agus daoine leonta a bhí le lámhach i searmanas míchlúiteach Phlás na dTarbh. Iompraíodh go dtí an áit sin daoine a cáineadh ní fios cén fáth, le heagla nó le héad, nó sean-achrann éigin nach raibh aon bhaint aige le tuairimí polaitiúla. Carnadh isteach iad, gan a fhios acu cad a bhí in ann dóibh, lámhachadh a bhformhór gan triail a chur orthu, gan chúis. 
   Tugadh siad na híobartaigh isteach trí gheataí na gcapall agus fágadh gan aon chosaint iad sa phlásóg. Bhí na meaisínghunnaí curtha acu sna suíocháin os cionn phionna na dtarbh. Tugadh ticéid agus cuirí amach don taispeántas seo, tháinig na huaisle as Andalucía agus Extremadura, tiarnaí talún a raibh cíocras orthu chun díoltais agus daoine a d’iompaigh ina bhfaisistithe leis an éirí amach, idir fhir agus mhná.  Rinneadh sléacht ar mhílístigh, saighdiúirí, fir den eite chlé, tuataigh gan pháirtí, spailpíní, tréadaithe agus daoine a bhí faoi amhras. Leanadh leis an marú ag an reilig, ag an mballa agus laistigh, dódh na coirp agus cuireadh in olluaigh ansin iad
.

Mar is gnách, níl ainm ná sloinne ag na mairbh ón sléacht seo, níl siad scríofa in aon áit agus ní fios cé mhéid a fuair bás. Dúirt an t-iriseoir Meiriceánach Jay Allen ón Chicago Tribune, a bhí i mBadajoz go luath ina dhiaidh sin, gur cuireadh 1,800 chun báis sa dá uair an chloig déag tosaigh den sléachr agus chualathas oifigigh de chuid na gceannairceach ag maíomh gur 4,000 ar fad a maraíodh.

Ar feadh mórán laethanta bhí daoine á marú gan aon chúis shoiléir, bhí na sráideanna dearg le fuil théachta agus fágadh na coirp ar na sráideanna mar rabhadh agus mar nach bhféadfaí iad a iompar ar shiúl chomh mear le rithim na marfóirí.  Cé gur éalaigh roinnt daoine, bhí ar an chuid eile gníomhartha fíor-scáfara a fheiceáil.  Saol laethúil ina bhféadfadh duine teacht abhaile le leoraí lán de chorpáin a chomharsana a bheith ag fanacht air, nó daoine a raibh cluasa daonna crochta as maide acu, scata fear a fheiceáil a imirt peile le cloigeann daonna mar liathróid, mná bearrtha éagnaithe a bheith ar taispeáint i mórshiúlta, capaill a fheiceáil ag tarraingt corpáin na ndaoine a cuireadh chun báis le déanaí i gcearnóga an bhaile nó a fháil amach go raibh coirp a chomharsa, éignithe agus básaithe, faighte in áit éigin in aice leis an mbaile.  Bhí modh nua maireachtála cruthaithe go speisialta le cur in iúl dóibh gur daoine ísle gan cheart iad. Is é seo an méid a thug an Spáinn d'fhaisisteachas na hEorpa.

Agus bhí an preas i láthair don iomlán. Bhí cúigear comhfhreagraí ón iasacht in Badajoz agus nocht siad an t-uafás láithreach, b'éigean do dhuine acu dul chuig ospidéal meabhairshláinte agus cóireáil shíciatrach a fháil. Ní fhéadfadh sé cur suas lena raibh feicthe aige.

Sléacht a bhí ann a raibh grianghraif de agus cuntas air ag an domhan. D'aithin na ceannaircigh go raibh botún déanta acu agus chum siad scéalta bréige ina séanadh gach gníomh. Ach ní fhéadfaidís an fhianaise a cheilt. Go háirithe nuair a bhí fianaise tugtha ag Yagüe féin don Stair faoi dhó ar a laghad faoin fhreagracht mhór a bhí air. An chéad uair, d'fhiafraigh an comhfhreagraí Portaingéileach de ar tharla dhá mhíle bású agus d'fhreagair sé nach raibh an oiread sin ann. An dara huair tháinig John T. Whitaker chuig Yagüe, agus imní air faoin méid a bhí ráite ag a chomhghleacaí agus a chara Jay Allen, agus d'fhiafraigh sé de an raibh sé fíor gur básaíodh na mílte.  


D'fhreagair an leifteanant-coirnéal Yagüe le meangadh:
"Ar ndóigh mharaigh muid iad. Cad a cheapann tú? Go dtabharfainn liom 4,000 príosúnach dearg le mo cholún, agus deifir orm? Nó iad a fhágáil laistiar díom agus ligean do Badajoz a bheith dearg arís?”

Ní raibh aiféala riamh ar Yagüe faoinar tharla i mBadajoz; is amhlaidh go raibh sé bródúil as. Mar a dúirt sé leis an iriseoir francach Jacques Berthet: 

"Is iontach an bua é. Sula dtéimid ar aghaidh glanfaimid Extremadura suas le cabhair na bhFalangach." 

Tá cuimhne ar an nGinearál Yagüe sa Spáinn i gcónaí, agus feachtas ar bun lena ainm a scrios as na sráideanna:  


Tá comóradh á dhéanamh ar an Chogadh Cathartha faoi láthair, agus cuimhní á múscailt ar an ár.
Ach bhí sléacht eile in Badajos, nuair a ghabh arm eile an chathair, arm ina raibh na mílte Éireannach.... 








No hay comentarios:

Publicar un comentario