Bliain agus an lá inniu, d'éag Jesús Neira.


Bhí crith ina láimh agus é ag piocadh suas na bpiollaí a chuir a bhean ar an mbord dó.
‘Dá bhfeicfeá an méid a bhíonn orm a shlogadh gach oíche’ ar seisean. ‘ Ordaíonn na dochtúirí dom iad, ach cén mhaith a dhéanann siad dom? Is ar éigean go bhfuil mé in ann siúl.’ Chabhraigh muid leis éirí as a chathaoir agus siúl go dtí an carr. Coiscéimeanna gearranálacha seanduine. 

Oíche Chinn Bhliana, d’ordaigh sé dá mhac óráid an rí a chur ar an teilifís. Chaith sé maslaí leis an ‘gran hijo de puta’ de Rí nach raibh fiú in ann Spáinnis a labhairt i gceart, dar le Jesús. Bhí an tsláinte go dona aige le blianta agus thagadh taomanna feirge air, fearg faoi staid na tíre, frustrachas faoina riocht féin, díomá faoi na srianta ar a chorp agus a intinn. Dúirt mé leis nach fada go mbeadh an rí imithe, ag ceapadh go raibh an bás ag Juan Carlos, ach níor chreid Jesus mé. Bhí rí eile ann an bhliain dár gcionn mar gur éirí an seanBorbónach as.... 

 Rugadh Jesús Neira in Granada i 1953 ach bhí a mhuintir as A Coruña (Galicia) agus theastaigh uaidh dul sa chabhlach mar a rinne go leor dá shinsear. Chuaigh a mhuintir go Madrid nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Agus é seacht mbliana déag d’aois tháinig tinneas croí air a chuir deireadh le haon bhrionglóid a bhí aige faoina shaol a chaitheamh ar muir agus chuaigh sé leis an saol acadúil. Bhí obráid eile aige ar a chroí agus é sna tríochaidí ach níor lig sé dó sin cur isteach air agus ceapadh é ina ollamh le Teoiric an Stáit. Scríobh sé go minic i nuachtáin mhóra na Spáinne faoi chúrsaí reatha. Thosaigh sé ag labhairt amach in aghaidh an rialtais, an Páirtí Sóisialach go háirithe, mar gheall ar an chogadh salach in aghaidh ETA agus rudaí eile. Ach chonacthas dó go raibh an chaimiléireacht go smior i bpolaitíocht na Spáinne, agus go raibh sé amhlaidh mar gheall ar lochtanna bunreachtúla. 


(Leanfaidh an chaimiléireacht ar aghaidh, ní bhaineann sé leis an pháirtí Soisialach , ná fiú leis an pháirtí coimeádach (PP), is gnéith den Rialtas í an chaimiléireacht mar gheall ar shocrú na bliana 78)

D’eagraigh sé féin agus cuid dá chomhghleacaithe ‘Oícheanta na Poblachta’ i gcoláistí éagsúla mórthimpeall Madrid, le géarchéim an réimis a phlé i dtús na 1990í. Bhí meas ag a lán air, ach rinne naimhde sa dá eite pholaitiúil a bhí i gceannas na tíre. 


 Rinne laoch náisiúnta de Jesús Neira go tobann, nuair a tháinig sé i gcabhair ar bhean a bhí faoi ionsaí lasmuigh de theach ósta i dtús mhí Lúnasa 2008. Ar dhul isteach san óstán dó tháinig an t-ionsaitheoir ina dhiaidh agus thug buille dó sa droim. 

https://www.youtube.com/watch?v=O7UY9IylUec

Ceithre lá ina dhiaidh sin thit Neira i laige agus bhí sé san ospidéal ar feadh ocht mí, an chuid is mó den am gan aithne.  Fiú nuair a chuaigh sé abhaile bhí sé tinn, agus is iomaí cuairt a thug na hotharchairr ar a theach ar feadh breis agus seacht mbliana. Cuireadh an fear a d’ionsaigh é i bpríosún ar feadh bliana go leith, agus d’éag sé go luath ina dhiaidh sin, http://www.elmundo.es/elmundo/2010/10/15/madrid/1287125302.html  agus an bhean a bhí leis ar an lá, tuairiscítear gur in ospidéal meabhairshláinte atá sí. 

Maidir leis an Ollamh Neira, rinneadh laoch de agus bronnadh gradaim air ar fud na tíre. Bhí an oiread sin ócáidí ar bun go raibh ar dhaoine eile dul chuig na dinnéir agus na boinn a ghlacadh ar a shon. Dúirt a chairde gur ridire den seandéanamh a bhí ann, ag teacht i gcabhair ar bhean a bhí i ngátar, ach ba bheag a shíl sé féin de sin, ní dhearna sé dar leis ach an rud ceart. Thapaigh páirtí na heite deise an fhaill, agus chuir siad leis an sorcas poiblíochta. Bhronn Uachtarán Madrid, Esperanza Aguirre, bonn óir air agus cheap sí mar chathaoirleach é ar Choiste Ríoga um Fhoiréigean Teaghlaigh i mí Eanáir 2009 agus gealladh dó go gcuirfeadh an Stát gach áis ar fáil leis an obair a dhéanamh go maith. 

Tugadh cuireadh dó a thuairimí a nochtadh faoi chúrsaí an tsaoil ar chláir teilifise, ach bhí sé deacair dó labhairt go measartha, bhí an saol ag goilliúint air agus a chuid foighde caillte aige. Rinne ceap magaidh de ar na meáin. Briseadh é as a chathaoirleacht ar an gCoiste Ríoga nuair a ghabh na póilíní é agus an iomarca ólta aige dar leo, dúirt sé féin gurbh iad na cogaisí ba chúis leis an léamh ard ar an anáileadán, ach mhaígh sé gur oir sé do lucht na polaitíochta é a chur as oifig mar gur labhair sé amach go rólom. 

Thiontaigh na meáin ina choinne, d’éirigh an tsláinte níos measa, agus níorbh fhada go raibh sé imithe as radharc an phobail. Fágadh é le pinsean suarach, a bhean agus a chlann agus a chairde ag fulaingt. Cuireadh faillí i leith na n-ospidéal mar nach ndearna scanáil inchinne air an lá mí-ámharach sin a chuaigh sé chuig teach ósta i Majadahondas le lón a ithe lena mhac, ach cé gur gheall na polaiteoirí go leor, d’fhág siad ar leataobh é agus fuair sé bás ar an 20 Lúnasa 2015. 


Bhí aithne agam ar sa chúpla bliain deireanach dá shaol. Ní raibh muid ábalta caint le chéile mórán, ba bhrónach an rud é beannú dó agus an fonn díospóireachta a fheiceáil ina shúile, fonn an dea-mhúinteora an strainséar a chur ar an eolas, agus an tuiscint againn beirt go bhféadfadh uaireanta fada comhrá agus díospóireachta a bheith againn le chéile, murach an méid a tharla.


Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne