viernes, 31 de agosto de 2018

Triúr Ban

Triúr Ban

Stop na póilíní mé agus mé ag imeacht as Jimani.

“Cá bhfuil do thriall?”
“Santo Domingo.”
“Ceart go leor, ar aghaidh leat. Ach ná tabhair síob do dhuine ar bith. Tá dream contúirteach ar na bóithre anseo cois teorann.”
“Thug mé ceathrar saighdiúr isteach sa bhaile arú inné.”
“Tá sin ceart go leor. Ní haon dochar síob a thabhairt do shaighdiúir. Ach ná stop do dhuine ar bith eile.”



Ar aghaidh liom. Tá an taobh tíre sin chomh hálainn, chomh héagsúil ón bhfásach ar an taobh eile den teorainn. Ar aghaidh liom timpeall ar Lago Enriquillo, atá ag méadú, páirceanna agus crainn ag dul faoi uisce de réir a chéile le tamall de bhlianta, agus gan a fhios ag aon duine cén fáth. 

Ag cé bheag bhí bád, agus na hainmhithe aisteacha míofara sin, iguana. Tá crogaill sa loch. Dúradh liom go mbeadh turas ar fáil nuair a bheadh ochtar paisinéir tagtha. Ach níor tháinig aon turasóir. Tar éis uaire chuaigh mé ar aghaidh.

Bean lena hordóg in airde. Lig mé isteach sa charr í. 
’Tá mé ag dul go dtí an baile mór le roinnt cógas a cheannach do leanbh tinn.”
“Cé mhéid leanbh atá agat?”
“Ceathrar.”
“Is leor sin.”
“Ba mhaith liom cúpla páiste eile.”
“I ndáiríre?”
“Ní mórán ceathrar. Tá fear inár mbaile a bhfuil ochtar déag aige.”
“An bhfuil an mháthair céanna acu uilig?”
“Níl,” ar sise le gáire. 


D’fhág mé í sa chéad bhaile eile, ag súil nach mbeadh sé deacair di filleadh abhaile arís.  Bhí sí buíoch. Bhí céad peso sábháilte aici, agus an carr i bhfad níos tapúla ná an bus.

Bean eile. Ag dul chun na hardchathrach le cáipéis a lorg dá mac in Ambasáid na Spáinne. Bhí sé ag súil le dul ar imirce chun na tíre sin. Ní fhanann aon chuimhne eile di ach gur scaoil mé amach í sa chathair roimh aghaidh a thabhairt ó thuaidh ar Santiago de los Caballeros.

Santiago de los Caballeros

Cathair i lár tíre í Santiago, le sliocht mhuintir Galicia a tháinig anseo fadó. Tá a gcanúint chomh haisteach, nach n-athneoinn mar Spáinnis í. Teas oighinn ar mhullach an chnoic mar a raibh cuimhneachán do na daoine a throid ar son na saoirse…

Ag dul siar ar bhóithre cúnga, trí sráidbhailte beaga bochta, cailín óg ar thaobh an bhealaigh. Lig mé isteach í. Shíl mé go raibh sí thart fá sé bliana déag d’aois, ach dúirt sí liom go raibh sí i gcoláiste d’ábhair oidí. 

‘Nach bhfuil eagla ort marcaíocht a lorg ó strainséirí ar na bóithre seo?’

‘Níl’, ar sise. “Tá Dia ag tabhairt aire dom.”  Thaispeáin sí dom cá bhhfaighinn fíor-shú torthaí le hól, botháinín bídeach ar thaobh na sráide i mbaile beag ar an mbealach go Jarabacoa. Tamairind, ní raibh a dhath eile ar díol ag an mbean sa bhothán ach sú tamairind, agus ba é a bhí fíorbhlasta. Ghlac mo phaisinéir le cupáínín plaisteach den sú agus chuir beannacht Dé liom nuair a shroich sí ceann scríbe. Chun na sléibhte liom.

No hay comentarios:

Publicar un comentario