Go Tobann tá an Oíche i bhFad níos Fuaire






Is dóigh liom gur in Ottawa a cheannaigh mé an t-albam Ten New Songs, ar mo chéad chuairt ar Québec sa bhliain 2001. Bhí aithne agam ar cheol Leonard Cohen le blianta, bhíodh cara liom ag canadh línte "the Sisters of Mercy have not departed or gone" agus shíl mé go raibh sé róghafa leis na mná rialta. Rinne cuid de mo chairde iontas de leabhar filíochta darbh ainm Suzanne sa Seomra Folctha, agus bhíodh Suzanne, Mariane agus amhráin eile ar an raidió go minic. Is dócha gur shásaigh na hamhráin sin uaigneas aobhinn an déagóra, an sásamh aisteach a bhain cuid againn as brón agus cumha agus éagóir agus éadóchas an tsaoil. Cé gur dhúradh gur ceol le caol na láimhe a ghearradh a bhí ann, déarfainn go bhfuair go leor daoine faoiseamh, agus gur chuir siad lá na cinniúna siar tamall eile tar éis éisteach le 'Lady Midnight'. 'That's no Way to say Goodbye' agus amhráin mar iad. De réir a chéile thug mé faoi deara go raibh go leor grinn sna hamhráin chomh maith. Ach thar aon rud eile bhí mé meallta ag guth na mná a bhí ag canadh leis san albam seo. Tá a halbam féin curtha amach aici le cuid de na hamhráin céanna, óir is cosúil gurb í a chum iad. Le tamall de bhlianta anuas tá Gaeilge curtha ar amhráin le cuid de na mórchumadóirí, Brel, Dylan, Cohen. Shíl mé gur mhaith an dúshlán é tabhairt faoi cheann de na hamhráin is fearr liom as an albam Ten New Songs, agus rinne mé iarracht a chruth a chaomhnú sna focail agus sna nathanna. Ar ndóigh b'aoibhinn a bheith ag an choirm cheoil ag teach Lios an Daill in 2010.

Ábhar spéise é go bhfuil an t-amhrán bunaithe ar dhán a chum Constantine Cavafy i nGréigis agus a foilsíodh sa bhliain 1911, agus an dán sin bunaithe ar scéal Plutarch faoin dia Bacas a thréig Antony le linn léigir ar chathair Alastair. San amhrán is bean atá á mealladh ón fhear ag an dia. Tá neart eolais anseo faoin amhrán agus faoin amhránaí, agus leagan Robinson le cloisteáil anseo


Alexandra ag imeacht


Sharon Robinson le Leonard Cohen, Teach Lios an Daill 2010

Go tobann tá an oíche i bhfad níos fuaire, 
dia an ghrá ar tí imeacht uait anois, 
Alexandra crochta thar a ghualainn, 
éalaíonn siad idir fharairí do chroí.

Cumhdaithe ag simplíochtaí an aoibhnis, 
sroicheann siad léas, snaidhmeann siad gan chruth. 
Niamhrach thar aon tsamhail a bhí i do chloigeann, 
titeann siad i measc na nguthanna sa bhfíon.

Ní cleas é seo, do chéadfaí uilig ar strae,
aisling ghiongach, tráite ag bánú lae, 
Fág slán le hAlexandra agus í ag imeacht, 
fág slán le hAlexandra agus í ar shiúl

Fiú má chodlaíonn sí ar do bhráillín saitinn 
Fiú má dhúisíonn sí ar maidin tú le póg, 
ná habair gur shamhlaigh tú an fhaill sin, 
ná humhlaigh do sheift chomh suarach lom

Mar dhuine a bhí réidh dó seo le fada, 
Siúl leat go daingean chuig an fhuinneog, á dhiúgadh isteach. 
Ceol fíoraoibhinn, Alexandra ag gáire, 
bhur gcéad gheallúintí follasach arís

Duitse a thug sí onóir uilig na hoíche,
agus uaithi sin ghabh tú onóir chugat féin,
Fág slán le hAlexandra agus í ag imeacht, 
Alexandra ag imeacht lena flaith

Fiú má chodlaíonn sí ar do bhráillín saitinn 
Fiú má dhúisíonn sí ar maidin tú le póg, 
ná habair gur shamhlaigh tú an fhaill sin, 
ná humhlaigh do sheift chomh suarach lom

Tusa a bhí réidh riamh don ócáid 
Smacht agat ar gach beart agus tú á lot 
Ná húsáid míniú lag an chladhaire, 
cúis agus éifeacht ceilte agat faoin tocht

Agus tusa a bhí faoi mhearbhall ag brí 
A raibh a cód briste, a crois gan chrois 
Fág slán le hAlexandra agus í ag imeacht
fág slán ansin le hAlexandra agus í ar shiúl

Fág slán le hAlexandra agus í ag fágáil, 
fág slán ansin le hAlexandra ar shiúl.



Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne