martes, 12 de julio de 2016

Oíche chomh te le hIfreann



Bhí mé ag cruinniú éigin i Háítí , cé go raibh cuma ró-ghalánta ar an halla. Ag plé rudaí éagsúla, deisiúchán ar na bóithre tar éis na stoirme, daoine as eagraíochtaí éagsúla, fíorbheagán de mhuintir na háite. 

Tháinig bean chugam agus thug sí pláta beag dom, cosúil leis na plátaí beaga a bhíonn i mbialanna seapánacha don anlann soighe. 

‘Cad é seo?’ arsa mise ag amharc air. Ní raibh aon rud scríofa air.

‘Beidh tú ag fáil gradaim nuair a théann tú ar ais go Baile Átha Cliath’, ar sise.
‘Gradam? Tuige? Cé uaidh?

‘Ó Podemos na hÉireann.’ D’imigh sí.

Bhí Ruairí Ó Brádaigh ag caint liom ansin. 

Bhí dhá phláta aige sin. Ceann mór a raibh a lán scríbhneoireachta air, nach raibh mé ábalta a léamh. 

Ceann beag le hainm scríofa air: ‘Nicaragua Ó Cualáin.’

‘Duine éigin as Conamara a bhí i Meiriceá Láir ar son na cúise?’ arsa mise.

‘Ní hea. A mhac. D’ainmnigh sé a mhac tar éis dó seal a chaitheamh ag troid ar son na Saoirse i Nicaragua.’

‘Ach nach é Tomás Mac Giolla a bhí ina chara mór do Nicaragua, seachas dream s’agatsa?’ arsa mise. ‘An é go bhfuil tú mór le do shean-namhaid anois?’

‘Is mar sin é. Ó fuair muid bás, táimid an-mhór le chéile.;


‘Anois nuair a chuimhním air tá tú féin agus Mac Giolla básaithe le tamall. An gciallaíonn sé sin go bhfuil mise fosta…….?’ Ach bhí sé imithe agus mhúscail mé i dteas ifreannda Madrid. 


No hay comentarios:

Publicar un comentario