viernes, 8 de julio de 2016

Fadó fadó in Éirinn

An Spá, 1960:

An leanbh ina shuí leis féin sa chistin. Gliogar ón tine, dorchadas ag titim, 
fuaimeanna beaga, ainmhithe nó feithidí i mbun a ngnó, 
an gasúr ar chathaoir adhmaid, ag machnamh. 

Ach níl trí bliana slánaithe go fóill aige. An mbíonn leanbh ag machnamh?

Tagann a athair isteach: "an bhfuil tú ansin leat féin, tá sé in am dul a chodladh". 

Tuairim éigin go raibh faillí déanta, mé dearmadta, nach fiú a dhath a iarraidh. 
Má imrím le haon rud go mbeidh sé briste, 
má ithim aon rud go mbeidh siad ar buile liom, 
níl cead, 
ná déan, 
ná bac, 
fan ciúin, 
má dhéanann tú iarracht imeacht amach béarfar ort, 
coinneoimid súil ort i gcónaí, 
níl sé in ndán duit a bheith sásta 
ná déan iarracht ach nuair a ordaítear duit, 

níl cead níl cead níl cead. 

Ag teacht abhaile ón trá, cos clúdaithe le gaineamh. 
Nuair a nitear í tá sí gearrtha go dona, 
an craiceann oscailte mar bhéal, ach níor mhothaigh mé tada. 
Cén fáth nár thug mé faoi deara go raibh gloine ar an trá? 
Cén fáth nach bhfaca aon duine eile go raibh mé leonta? 

Peil á imirt sa pháirc os comhair an tséipéil i dTrá Lí. An liathróid ag teacht i mo threo, an talamh ag crith faoi chosa na bhfear mór a ritheann i mo threo. 
Beireann m'athair ar an liathróid agus tugann cic di lena cur in measc na bhfear óg arís. 


Ní dheinim dearmad ar mheáchan na ndaoine móra agus iad ag rith i mo threo.

No hay comentarios:

Publicar un comentario