Sodardhraíocht i bPluais na mBuabhall



D'fhoghlaim mé an focal 'buabhall' blianta fada ó shin as an leabhar 'Laochra na Machairí' le Annraoi Ó Liatháin, an sárscríbhneoir Déiseach. Ainmhí mór trom láidir a mhair ar mhachairí fairsinge na hEorpa i Meiriceá Thuaidh agus na hEoráise go dtí gur tháinig an duine, an neach lag le hinchinn mhór, méara aclaí agus saint gan teorainn. Agus misneach, an chrógacht le aghaidh a thabhairt ar an ainmhí agus é a chloí. Samhlaímid anois na sealgairí ar chapaill agus bogha agus saigheada mar arm acu, ach thosaigh an duine ar a chuid seilge i bhfad sular raibh smacht aige ar an chapall. B'éigean dó aithne a chur ar na hainmhithe, a gcuid nósanna a thuiscint, bua a fháil ar sceon, an t-aimmhí a cheapadh. Labhair an Ríordánach faoin 'aigne linbh' agus ba í sin a bhí ag teastáil ón duine anallód le teacht slán agus teacht i gceannas ar an domhan.  ('líontar an saol de chapall-alltacht agus de shodardhraíocht. Sin bheith – bheith fé ghné eile.)

Tá an sodardhraíocht le feiceáil sna pluaiseanna a bhí mar ardeaglaisí i gceantair atá anois sa Fhrainc agus sa Spáinn agus in áiteanna eile ar fud an domhain. Ba i Nerja tamall de bhlianta ó shin a bhuail an smaoineamh mé go raibh an chosúlacht sin idir ionaid dála na clochaoise agus na teampaill arda dorcha ina mbíonn dia agus déithe a adhradh leis na mílte bliain anuas - cinnte ní haon smaoineamh úr é sin, tá an chosúlacht chomh soiléir, na colúin arda cloiche, na scáileanna agus na gathanna solais trí fhuinneoga caola, dealbha agus pictiúir ildathacha, dorchlaí, altóir agus taobh-altóirí mar phluaiseanna ar leataobh ... 

Timpeall tríocha ciliméadar siar ó chathair Santander chuaigh cailín beag ar strae i bpluais sa bhliain 1879 agus chonaic sí na buabhaill, rian lámha, agus ainmhithe eile ar an charraig os a cionn. Tharla sé go raibh spéis ag a hathair sa seandálaíocht agus gur aithin sé ársaíocht agus tábhacht na healaíne. Chuir sé an scéal amach agus rinneadh iontas de, ach ní raibh eolaithe na linne sásta glacadh leis go bhféadfadh an duine a mhair i gCantabria tríocha nó daichead míle bliain ó shin in ann a leithéid a dhéanamh. Cuireadh i leith Marcellino Sanz gurb é féin nó cara dá chuid a rinne an phéintéireacht ar mhaithe le clú a bhaint amach dó féin. Bhí na Francaigh go háirithe an-tarcaisneach, ba iad a chuir tús leis an taighde ar an chlochaois agus bhí siad den tuairim gur beag an difear a bhí idir an duine agus na hápaí chomh fada sin siar sa chlochaois. Ach ar ndóigh nuair a tháinig siad ar ealaín na clochaoise ina dtír féin d'athraigh siad a bport. Glacadh leis go raibh an ceart ag Sanz faoin mbliain 1902, ach bhí sé ar shlí na fírinne faoin am sin. 




Scríobh Emile Cartailhac alt inar ghabh sé leithscéal le Sanz "Mea culpa d'un sceptique" sa bhliain sin, ach bhí Marcellino san uaigh faoin am sin. Sa lá atá inniu ann úsáidtear íomhá an bhuabhaill chun an turasóireacht a chur chun cinn i gCantabria agus tá macasamhail den phluais tógtha do chuairteoirí mar go raibh na híomhánna á scrios ag anáil na mílte a chuaigh le hamharc orthu le céad bliain anuas. 




Bhí sé de phribhléid agam scannán nua atá bunaithe ar scéal Marcellino agus a iníne Maria a fheiceáil aréir agus éisteacht le healaíontóirí, seandálaithe agus léiritheoir an scannáin á phlé. Is scáfar an ní é suí in amharclann ollscoile agus na híomhánna iontacha a rinne duine éigin (agus ba é tuairim láidir an ealaíontóra a labhair linn gur duine amháin a chum na saothair is cumasaí sa phluais) tríocha míle bliain ó shin a fheiceáil, an chonspóid idir eolaithe agus sagairt, agus scéal an chailín agus a muintire. Is maith an t-aitheantas a thugtar do ról na mban i scéal na fionnachtana, agus don 'aigne linbh' a bhí chomh tábhachtach do chruthú na healaíne an chéad lá agus d'oscailt na súl inár linn féin. 



Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne