jueves, 10 de marzo de 2016

Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007.

Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil
le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007.


Má thráigh an tobar fadó bíonn corrdhuine ag triall air go fóill.
Níos mó ná seachtó bliain ó shin chuir Seosamh Mac Grianna deireadh lena shaothar scríbhneoireachta, ag rá go raibh a dhícheall déanta agus gur chuma leis. Bhí gearrscéalta, aistriúcháin, aistí agus úrscéalta scríofa aige agus é molta go minic as an gcion a bhí déanta aige do litríocht na Gaeilge. Chuaigh sé as amharc ansin, ina othar tostach ar bheagán aird ar feadh bliana agus tríocha in Ospidéal Naomh Conaill i Leitir Ceannain. Níl dialanna ná páipéir phearsanta eile againn a thabharfadh níos mó eolais faoin duine ná mar a thug sé féin, ní féidir a bheith cinnte fiú cérbh í an bhean a phós sé, má phós. Ach ní dhearnadh dearmad go hiomlán riamh de. Bhí scéalta dá chuid ar chlár na hArdteiste agus tugadh gradam mór dó as An Droma Mór, leabhar a foilsíodh i bhfad tar éis dó é a scríobh. Ní haon iontas ar dhóigh é go mbeadh dúil ag daoine óga i saothar an duine seo a chuir é féin  in iúl go hiomlán ina shaothar liteartha, gan ligint do dhaoine aithne a chur air. Chruthaigh sé scéalta a thuill clú dó mar mhórscríbhneoir chúige Uladh, a chorraigh an tsamhlaíocht agus a réitigh go maith leis an fhonn laochais agus eachtraíochta a bhíonn ar an óige.

Duine corr a bhí ann ó thús, gasúr óg aigeantach láidir a chuir dúil sna leabhair agus i laochas a mhuintire, a bhí faoi dhraíocht ag an mbeagán de léann na leabhar a bhí ar fáil dó in iarthar Thír Chonaill. Mhothaigh sé go rabhthas ag tromaíocht air, go rabhthas á lochtú as rudaí nach raibh neart aige orthu:
“Dá dtigeadh slaghdán ar dhuine eile dhéanfaí trua de; dá dtigeadh slaghdán ormsa ba mhór an náire dom é. Dá dtigeadh fearg ar dhuine eile ba sin an té nach ligfeadh a chnámh leis an mhadadh; dá dtigeadh fearg ormsa ba mé an tarbh de dhuine fiáin.”
Bhí ochtar den chlann níos sine ná é agus b’fhéidir nach iontas ar bith é nach raibh an oiread sin foighde fágtha ag a mháthar nuair a tháinig ann do Sheosamh, buachaill láidir leathan éirimiúil nach nglacfadh le comhairle. Ní raibh sé i ndán dó dul ag obair ar an Lagán ina ghasúr - nó go hAlbain agus é ina stócach - mar a rinne formhór na ndaoine óga as Rann na Feirste lena linn. D’fhág sin é ina éan corr sa bhaile ag staidéar ‘ón ceathar déag go dtí an sé déag, an dá bhliain ba phianmhaire de mo shaol’ agus a chomhaoisigh bailithe leo. Aithníodh go raibh éirim ann agus ba mhian lena mhuintir múinteoir a dhéanamh de, agus mar sin chaith sé tamall ina dhalta cónaithe i Leitir Ceannain agus i nDoire sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig i nDroim Chonrach ar scoláireacht nuair a bhí sé naoi mbliana déag d’aois. Ach is cinnte nach raibh a dhúil ná a chroí sa mhúinteoireacht agus gur shamhlaigh sé go raibh níos mó ná sin tuillte aige.
Saol fileata a theastaigh uaidh, eachtraíocht agus taisteal agus aitheantas mar ‘rí-éigeas na nGael’.
Chaith sé tamall ag múineadh i gcontaetha éagsúla in Éirinn, ach ba ghairid na tréimhsí a chaith sé in aon scoil, agus is cosúil gur ghoill an obair go mór air. Bhí sé deacair go leor d’iarchime Poblachtánach obair a fháil sa Saorstát agus tá noda go leor ann ón chur síos a thugann Pól Ó Muirí ar óige an scríbhneora nár dhuine é a ghéillfeadh go réidh d’údarás bainisteoirí ná cigirí.
Is ar bhlianta deireannacha Mhic Grianna a dhíríonn Ó Muirí sa chéad chaibidil dá leabhar, na blianta fada brónacha uaigneacha a chaith an t-údar clúiteach ó d’imigh sé as aithne isteach san otharlann i 1959, na blianta fada  tar éis dó éirí as an scríbhneoireacht chruthaitheach. Chuir a dheartháir Seán Bán chuig an otharlann é mar go mbíodh sé ag fánaíocht leis féin ar bhóithre na Rosa tar éis dó filleadh ar a cheantar dúchais as Baile Átha Cliath. 

Tar éis cur síos a dhéanamh ar na blianta deireanacha sin agus an seanchas a bhaineann leo, téann Ó Muirí siar ar óige Mhic Grianna i gcaibidil a dó, agus leanann ar aghaidh caibidil ar chaibidil ansin le tuairisc faoina shaol agus a shaothar go dtí gur tháinig an díchuimhne, go dtí gur chúlaigh Seosamh ó shaol na cathrach agus óna lucht aitheantais.

Scéal brónach a instear faoin duine lúfar aigeantach a rinne gaisce lena chuid scríbhneoireachta ina óige, agus a ghlac páirt ghníomhach i nGluaiseacht na Poblachta le linn Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad, a rinne a oiread de ghaisce mar údar óg go raibh sé aitheanta mar dhuine den triúr ‘fíorscríbhneoirí’ a bhí againn sa chéad leath den bhfichiú haois, mar a adúirt Máirtín Ó Cadhain faoi i 1949. Bhí scéalta agus ailt leis foilsithe in irisí éagsúla ó 1924 ar aghaidh agus nuair a bunaíodh an Gúm chuir sé a shaothar faoina mbráid. Ghlac eagarthóirí an Ghúm lena shaothar ach níor réitigh sé go maith lena ndearcadh státseirbhísiúil malltriallach agus an mhoilleadóireacht is dual d’eagraíocht stáit ó thaobh foilsitheoireachta agus díolaíochta. Aisteach go leor is beag adeirtear faoin aistriúchán sa leabhar seo, nuair a chuimhnímid air gur aistrigh Mac Grianna timpeall milliún go leith focal don Ghúm agus gur cháin sé a rátaí díolaíochta, agus a nósanna eagarthóireachta, go poiblí.
“Bhí mé trí bliana go leith ag obair don Ghúm” a scríobh sé sa bhliain 1932. “Is é an chuimhne atá agam air go raibh mé mar a bheinn i bpríosún, agus lucht mo choimhéadta ag déanamh úsáide de rialacha an phríosúin ar gach dóigh a mb’fhéidir le masla agus easonóir agus anró a thabhairt dom”. (‘Scríbhneoirí Gaeilge agus an Gúm’, 1932 )
Ba í sin an bhliain a chuir sé a mhórshaothar An Droma Mór faoina mbráid, ach ní ligfeadh an eagla roimh chás clúmhillte do na heagarthóirí an saothar sin a fhoilsiú.

 Rinne sé an t-uafás oibre i dtréimhse gearr agus is cinnte nach ndearna sé sin féin maith dó. Chaith sé tamall in aonteach lena dheartháir Séamus agus bhí corrchara eile as a cheantar dúchais aige sa phríomhchathair, ach ní raibh mórán foighde aige le daoine a chuaigh le postanna sábháilte inphinsean. Ba iomaí seoladh a bhí aige i rith na mblianta i mBaile Átha Cliath agus ba dhoiligh don Ghúm é a íoc uaireanta mar nach raibh a fhios acu cá raibh sé, agus an fhadhb chéanna ag lucht an cháin ioncaim nuair a theastaigh uathu siúd dul i dteagmháil leis. Chaith sé seal ag fánaíocht sa Bhreatain agus nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1934 tháinig bean anoir leis darbh ainm Peig. Bhí mac acu ach ní raibh an lánúin in ann aire a thabhairt dó agus ba iad na Bráithre Críostaí a thóg é. Scríobh sé Mo Bhealach Féin an bhliain dár gcionn agus “Dá mBíodh Ruball ar an Éan”, an t-úrscéal cáiliúil neamhchríochnaithe a foilsíodh in aon leabhar leis an saothar dírbheathaisnéiseach sa bhliain 1940. Ach bhí moilleadóireacht an Ghúm faoin Droma Mór ag goilliúint go mór air agus chuaigh sé ar seachrán arís, é ina chónaí leis féin agus é doicheallach gruama leis an gcorrchara a thug cuairt air.



Bhí Seosamh in ospidéal meabharshláinte ó am go ham, agus rinne a bhean a dícheall ar a shon, ach is beag eolais atá ann faoi na blianta deireannacha a chaith sé i mBaile Átha Cliath go dtí gur chuir bean agus mac lámh ina mbás féin ar dhátaí éagsúla i 1959. D’fhill sé ar Rann na Feirste ina strainséar agus as sin go Leitir Ceannain.



Leabhar spéisiúil é seo ina n-éiríonn le Pól Mac Muirí portráid den ealaíontóir cumasach cróga uaigneach a chruthú as míreanna neamhiomlána dá shaol, sa dóigh go mothaíonn an léitheoir go bhfuil oiread aithne aige ar an nGriannach is a bhí ag duine ar bith air lena bheo. D’fhág Seosamh Mac Grianna saothar sárealaíonta ina dhiaidh, agus ba bhreá an rud é dá spreagfadh leabhar seo Uí Mhuirí muid chun an saothar sin a léamh agus a athléamh.

No hay comentarios:

Publicar un comentario