Port au Prince






Tar éis dom na saighdiúirí a thabhairt go dtí a gceann scríbe threoraigh an duine deireanach díobh, an 'comandante' mar a thug siad air Hotel Jimani mé, tar éis dom m'amhras a léiriú faoin gcéad áit a mhol sé. Bhí amhras orm faoin áit chomh maith,  cailíní sna déaga sa linn snámha. . . balla ard os a chomhair amach, geata fada ard miotail ar rotha.  Dheimhnigh an comandante nach nach ionad striapachais a bhí ann, gur cailíní áitiúla a bhí iontu a raibh cead acu an linn snámha a úsáid. Bhí fear óg as Háití a bhí ar dualgas. Theastaigh uaidh a fháil amach an Críostaí a bhí ionam. Dúirt sé gur sábháileadh é féin le miorúilt le linn an chrith talún an bhliain roimhe sin, gur tharraing a aintín isteach ón tsráid é díreach agus teach ar tí titim sa mhullach air, gur tháinig sé slán mar gheall ar a chreideamh, go raibh a lán drochdhaoine i Port au Prince agus go raibh an tubaiste tuillte acu. Ní fhéadfainn aontú leis ar ndóigh ach bhí ár ndíospóireacht sibhialta agus cairdiúil. Dúirt sé liom nach raibh aon cháipéisí aige ach gur theastaigh uaidh pas a fháil, bhí $20 sábháilte aige agus 30 eile ag teastáil - an mbeinn sásta cabhrú leis. Dúirt mé leis dá dtabharfadh sé go Port au Prince mé agus amach aisti slán arís go mbeinn an-sásta an t-airgead a thabhairt dó. 








"Maith go leor ar seisean, gheobhaidh mé duine eile chun mo chuid oibre a dhéanamh amárach agus rachaimid chun na teorann ag a hocht ar maidin. Níl Port au Prince i bhfad uainn agus tá an bóthar go maith. Beidh busanna ar fáil ar an taobh thall den teorainn.






Fear óg eile, nár chuala riamh faoi Éirinn, ach theastaigh uaidh a fháil amach cad iad na cáilíochtaí a bheadh ag teastáil chun obair i mo thírse. 'Leigheas' arsa mise. 'B'fhéidir go ligfí isteach tú dá mbeifeá i do dhochtúir.'
'Cad faoi thógáil? ar seisean go díomách.
'Tá tú ródhéanach - cúpla bliain ó shin bhí na céadta míle ag tógáil tithe agus arasán in Éirinn, ach tógadh an iomarca agus tá deireadh leis sin anois. Ní dhíolfar cuid de na tithe go deo. " Duine eile a tháinig slán ón chrith talún i Port au Prince, ag súil go dtiocfadh an lá go mbeadh sé in ann éalú ón liombó seo cois teorainn mar a raibh sé ón lámh go dtí an béal ag freastal ar na cuairteoirí fánacha a bhí ag dul thar bráid.

Oíche allasach mhíchompordach i seomra a raibh an chuma ar an doras gur briseadh tríd níos mó ná uair amháin, agus coiligh ag glaoch i rith na hoíche.  N’fheadar cén úsáid a baineadh as an bhfolcadán, ach níor glanadh le blianta é. Ní raibh aon duine eile sa teach ósta, shíl mé, ach idir na corrmhíolta agus na coiligh bheaga a bhí ag glaoch lasmuigh chuaigh an oíche thart go mall corrach. 

Ar maidin bhí fear ag siúl thart le coileach ina láimh. D'iarr mé cead air pictiúr a ghlacadh den choileach. 'Ceart go leor, ach ná bíodh m'aghaidh sa phictiúr.' 

Amach liom as an óstán ag a leath i ndiaidh a seacht mar a dúirt ísé ach ní raibh tásc ná tuairisc ar chara na hoíche aréir, Alberto a thug siad air i Spáinnis. Chuir mé mo mhála sa charr. Bhí fear óg ar ghluaisrothar ag bagairt orm. Dúirt sé go raibh sé le mé a thabhairt go dtí an 'frontera'. D'fhiafraigh mé de an bhfaca sé mo chara. Ní fhaca, ach b'fhéidir go raibh sé imithe ar aghaidh. Cé go raibh amhras orm chuaigh mé leis chun na teorann. Bhí m'uimhir ag Alberto ar aon nós, cé nach raibh a uimhir siúd agamsa. 



Bóthar garbh gan dromchla. Scata bothán réamhdhéanta mar oifigí. Loch mór. Cúpla trucal agus gluaisrothar. Fir óga ag seasamh thart. D'fhág fear an ghluaisrothair ansin mé. Tháinig diúlach beag teann chugam agus labhair sé Béarla. 


Theastaigh uaidh mo thuras a eagrú dom, ach dúirt mé go raibh mé le bualadh le fear eile. 
Rinne muid tamall cainte. Bhí a chuid Béarla an-mhaith cé nach raibh sé riamh ar scoil, é ina chónaí i Jimani ó leagadh an chathair bliain roimhe sin. Chuir sé fainic orm gan grianghraf a ghlacadh d’aigheeanna na bhfear a bhí timpeall orainn. Bhí a bhformhór sa tír go mídhleathach, ach iad ag rochadh thart ag an teorainn ag súil le cúpla dolar a dhéanamh as cuairteoirí cosúil liomsa a bhí ag iarraidh dul isteach i Háítí. 

Bhí sé féin le misinéir a threorú níos déanaí. agus tháinig cúpla duine eile chugam, duine acu a thug Ben air féin ag labhairt i mBéarla, Fraincis ag roinnt eile.  Dúirt Ben liom 200 peso a íoc le mo thiománaí, agus rinne mé sin, cé gur shíl mé go raibh sé sin daor. 



Theastaigh uathu mé a cheistiú agus 'cabhrú' liom, ach dúirt mé go raibh mé ag fanacht ar mo chara, agus nach rachainn le duine ar bith eile. Chaith mé tamall ag caint le Ben, a bhí le 'pastor' a threorú níos moille. Dúirt sé nár mhaith le daoine go dtógfaí grianghraif díobh. Thaispeáin sé na seanoifigí inimirce a bhí faoi uisce an locha. Tá an Loch Laz Azuei/Laguna del Fondo/ Étang Saumâtre ag  ardú le cúpla bliain, mar atá an loch is mó ar an oilleán Lago Enriquillo, agus sin é an fáth go bhfuil an bóthar chomh holc, is gá é a ardú os cionn an locha de shíor. Bhí dornán saighdiúirí ar garda ar an teorainn - geata mór d'fheithiclí, ceann cúng do choisithe. D'osclófaí an geata ag a hocht. Cheana féin ba léir an difríocht idir an dá thír. Ar an taobh abhus tírdhreach bláfar, sceirdiúlacht thall. 




Tar éis tamaill bheartaigh mé filleadh ar an teacht ósta, agus thug Ben ann mé ar chreatlach beag de ghluaisrothar a chosain 4,000 peso air, timpeall €80. Ar ndóigh b'éigean dom 200 peso a íoc leis siúd chomh maith. Bhí Alberto sa teach ósta agus cuma an-inmíoch air,bhí sé ráite leis nach bhféadfainn dul thar teorainn gan víosa agus gurbh fhearr dearmad a dhéanamh ar an turas. Bhí mé ar mo bhealach amach geata an óstáin sa charr nuair a tháinig sé i mo dhiaidh, ag rá go raibh sé faighte amach aige go bhféadfainn víosa a fháil in oifig éigin ag an teorainn. Stop sé fear ar ghluaisrothar agus shuigh muid beirt laistiar den tiománaí leis an turas cúpla ciliméadar chun na teorainn a dhéanamh. Dhiúltaigh sé tairiscint ó thiománaí eile, bhí gluaisrothar amháin sách maith do thriúr. 

Bhí na botháin cois teorann le feiceáil arís nuair a tháinig beirt ar Honda ag bagairt orainn stopadh. Dúirt duine acu gur póilín é agus go gcaithfinn táille a íoc leis le dul thar teorainn. Chonaic sé an t-amhras a bhí orm agus thaispeáin a chárta aitheantais.... ceadúnas tiomána a bhí ann. Féach’ arsa mise. ‘Tá oifig thall ansin agus má tá cáipéis nó víosa le fáil gheobhaidh mé ansin é.'

Rinne muid amhlaidh. Cuireadh stampa ar mo phas agus bhí cead againn an tír a fhágáil.  Ar ndóigh dúradh liom ansin nach raibh gá agam le víosa mar go raibh ceann Doiminiceach agam cheana féin agus gur ar an taobh eile a gheobhainn víosa Háítí. 



Osclaíodh na geataí, agus thosaigh an trácht ag gluaiseacht, busanna agus leoraithe trí an geata mór ar an mbóthar agus daoine tríd an gheata beag. 
Bhí seastáin margaidh gnóthach cheana féin nuair a d’éirigh linn dul thar teorainn. Bhí go leor le tabhairt faoi deara, saighdiúirí as Ecuador in éide na Náisiún Aontaithe, mionbhusanna, botháin, seastáin an mhargaidh, gluaisrothair.  Isteach i bhfoirgneamh sealadach eile, chuaigh Alberto chun cainte le malartóirí airgid agus mise sa scuaine le víosa a fháil ó phóilín. Bhéic an póilín ar Alberto, agus chuaigh sé anonn. Thug sé roinnt airgid don phóilín, d’iarr sé siúd tuilleadh, agus chuir stampa doléite ar mo phas.

Amach linn, agus thosaigh Alberto ag caint le tiománaithe na mionbhusanna. 
Bhailigh scata fear mór ar ghluaisrothair timpeall orm.
’Tabharfaimid síob duit go dtí an chathair’, arsa an duine ba mhó díobh.
’Tá mé leis siúd,’ arsa mise ag tagairt do Alberto.
’Níl muid ag caint leis siúd. Táimid ag caint leatsa. Tar linn go Port au Prince.’
’Tá mé ag dul ar an mbus, go raibh maith agaibh.’ Bhrúigh mé mo bhealach eatarthu agus isteach liom i mionbhus le Alberto. 

Isteach linn ar cúl, agus líonadh an bus go mear. Ansin nuair a bhí gach suíochán lán, tháinig deichniúr eile isteach agus shuigh idir na suíocháin. Mhothaigh mé go raibh daoine ag stánadh orm, duine mór geal a raibh spás beirte uaidh, nach bhféadfadh sé dul ar cheann de na busanna galánta, nó i gcarr?

Is scáfar an difear atá idir an dá thír ar aon oileán. Taobh thoir den teorainn tá an tír chomh glas torthúil, ach ghluais an bus trí fhásach gránna lom siar. Bhí fuinneoga an bhus clúdaithe le deannach agus ba léir gur cur amú ama a bheadh ann iad a ghlanadh. 

55 km de bhóthar atá idir an teorainn agus príomhchathair Haití, ach turas cúpla uair a chloig a bhí ann ar mhionbhus plódaithe. Mhothaigh mé go raibh cuid de na paisinéirí míshásta Eorpach mór lena mhála a bhí ag líonadh spás beirte. . . Thosaigh  triúr nó ceathrar fear ag plé cúrsaí idirnáisiúnta go glórach domhain, cuid de chaint intuigthe mar go bhfuil a lán téarmaí Fraincise sa Chréol. Diaidh ar ndiaidh thit tost ar na daoine ach lean fear amháin ar aghaidh lena léacht, formhór na ndaoine ag gáire faoi shíl mé. 


Bhí mé ag brath go hiomlán air nuair a tháínig muid as an mbus, tar éis dul thar an aerfort beag plódaithe, gan tuairim agam cá raibh mé. 

‘Ar mhaith leat Pálás an Uachtaráin a fheiceáil, an Ardeaglais, an stáisiún teilifíse?’
‘B’fhearr liom cabhrú leat teacht ar do mhuintir.’
Isteach i jíp, as sin go bus, trí mhargadh ollmhór mar a raibh na cailíní ag glaoch ar an ‘blanc’ agus ag meangadh leis. 
‘Cuirfimid snas ar ár mbróga.’ Chuir buachaill snas ar ár mbróga agus Alberto á cheistiú. 
Ar aghaidhlinn i mbus eile. Ag dul thar ionad siopaí chonaic bean bheag ag tiomáint a cairrín ‘Thrifty Car Reltal’ amach go neirbhsíeach ar an tsráid. Na mílte gan áireamh ar an tsráid. Chromadh bean ar an gcosán lena mún a scaoileadh, dhéanadh na fir in aghaidh an bhalla é, go hoscailte. Píopaí briste, séarachas ag rith thar na cosáin. Píosaí de cholúin, bricí, adhmad, earraí briste leagtha amach ar thaobh na sráide, gach rud ar díol, saothair ealaíne ar na ballaí, na céadta acu. Saighdiúir as tíortha éagsúla ar phatról. Na mílte puball brúite in aghaidh a chéile i ngach aird. 

Chaith muid an lá ag léim ó thacsaí go bus go gluaisrothar, ag labhairt le daoine i margaí agus i siopaí, Alberto ag iarraidh teacht ar a ghaolta. Dúirt mé leis nach le Ardeaglaisí ná foirgnimh cháiliúla a bhí mé ann, ach le bualadh le daoine. Tríd margadh ollmhór, cibé ganntanas a bhí sa tír bhí neart torthaí agus glasraí ar díol, léim daoine isteach sna busanna le málaí beaga uisce agus nithe eile. D’iarr Alberto ar ghasúr snas a chur ar ár mbróga, rud a shíl mé a bheith ait, ach thug sé deis dó ceisteanna a chur faoi na daoine a bhí á lorg aige. 








Saothair ealaíne ar díol ar fud na cathrach. Ach cá raibh na ceannaitheoirí?

Bhí rian an chrith talún ar fud na cathrach. 



Bhí na daoine brúite le chéile i bpubaill, saol contúirteach míshláintiúil, agus is cosúil go bhfuil na mílte gan tithe i gcónaí, blianta níos déanaí 







D’ith muid béile measartha maith i mbialann ar chnoc, tugadh bille dúinn ndolair Mheiriceá agus chuaigh Alberto ag argóint leo, ag rá nach Meiriceánaigh a bhí ionainn agus gur airgead na tíre a bhí againn. Chuir a cheanndánacht iontas orm ach bhí a shaol caite aige ag cuntas na bpinginí agus thuig sé go raibh iarracht á dhéanamh dallamullóg a chur orainn. 

Amach linn agus isteach i mbus. Bhí buidéilíní piollaí ag cailín amháin, leigheas ar gach galar iontu, ar sí, ach níor thug aon duine aird uirthi. Pubaill brúite le chéile i ngach áit, ealaín ar na ballaí, corr-strainséar le feiceáil, bean ag teacht amach ó chlós ollmhargaidh i gcarr beag bídeach Dollar Rentacar, a haghaidh chomh neirbhíseach agus í ag iarraidh dul isteach sa trácht. ‘Cuidate’ ó Alberto gach cúpla nóiméad mar nach raibh mé ag tabbairt go leor airde ar na feithiclí ag bhí ag sciúrdadh thar bráid gan spás ar bith a ghéilleadh do choisithe. daoine ag déanamh leithris den tsráid… Feithiclí armtha na Náisiún Aontaithe, agus SUVs na n-eagaraíochtaí líonmhara a bhí ann fós le ‘cabhrú’ le muintir Haití bliain tar éis an chrith talún… Lón i mbialann nach raibh aon duine eile ag ithe ann. Chaith mé tamall i mo shuí ag seastán glasraí, ag comhrá i mBéarla, Spáinnis agus Fraincis le daoine. Bhí cailín beag ag stánadh orm le hiontas i rith an ama, í timpeall naoi mbliana d’aois, b’fhéidir nach bhfaca sí ‘blanc’ ina steillbheatha riamh cheana. Bhí sé ag éirí déanach, bheadh an bus deireanach chun na teorainn imithe mar go ndúntar na geata san  oíche. Bheadh orainn lóistín a lorg. Agus muid ag siúl amach ón margadh lean bean sinn, ag béicíl agus ag cuimilt a boilg. ‘On a déja mangé’ arsa Alberto léi agus thuig mé go raibh sí ag iarraidh muid a mhealladh le béile a cheannach uaithi. 

Bhí ‘Hotel’ ar thaobh sráide. Chuir Alberto ceist cé mhéad a bheadh ar lóistín. Luaigh siad praghas le haghaidh cúpla uair an chloig. ‘Pour toute la nuit?’ arsan an fáilteoir le hiontas. Ba léir nárbh é sin an cineál óstáin a bhí uainn. D’fhiosraigh muid i siopa. Chuir an siopadóir glaoch, tháinig fear óg ar ghluaisrothar agus thug go teach ósta i gcúlshráid muid, ballaí gránna arda concréide agus geata trom iarainn. Ní raibh an fáilteoir le feiceáil laistiar den ghloine dhorcha. D’iarr mé dhá sheomra, rud a chuir iontas ar cibé duine a bhí ann. Fuair muid na seomra agus d’imigh Alberto leis le cúpla buidéal dí a fháil. Agus mé ag fanacht air ar ardán ar an chéad urlár chaith mé cúpla nóiméad ag caint le fear a bhí tagtha as Nua Eabhroc, duine de mhuintir na háite a raibh airgead déanta aige sna Stáit. ‘Tá go leor deiseanna anseo d’fhear gnó’ ar seisean. is dócha go raibh agus go bhfuil, bíonn deiseanna i gcónaí san áit ar thit tubaiste amach. 



Chuaigh ar ais thar teorainn ar maidin. Turas gan eachtra. Ag amharc amach ar an tírdhreach atá chomh lom sceirdiúil ar an taobh thiar den teorainn. Bhí na daoine brúite isteach le chéile arís, iad ina suí sa lár sa chosán beag idir na suíocháin. Ag dul trí an fhásach dúinn dúirt bean ‘Merci!’ agus stop an tiománaí. Amach léi sa díthreabh…. 




Ar aghaidh linn go dtí an teorainn. Ar theacht amach as an mbus dom tháinig fear ag éileamh $100 le cead a fháil an tír a fhágáil. 'Tabhair dó an t-airgead, is póilín é' arsa Alberto. 
'Ní hea muis,' arsa mise. 'Níl cead ag teastáil uaim le dul amach as an tír.

Bhí an geata ar oscailt. Chuaigh mé tríd, níor bhac aon duine liom, agus níorbh fhada go raibh mé sa charr arís, ag tiomáint cois Loch Enriquillo, cosúlacht pharthais air tar éis Haití a fheiceáil. Murach na 
corrmhíolta... . 




Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne