lunes, 15 de febrero de 2016

Níl aon duine ag léamh, deirtear

"Cén fáth nach bhfuil leabhair Ghaeilge á léamh?

Feicim go bhfuil an cheist seo á cíoradh arís eile ar na meáin agus á plé ar an idirlíon, mar a bhí is dócha leis na cianta. Samhlaítear dúinn go raibh daoine óga go háirithe ag léamh i bhfad níos fadó, roimh theacht na teilifíse abair, agus go raibh cumas teanga níos fearr acu dá bharr. Creidim gur fíor go raibh i bhfad níos mó á léamh ag daoine sa naoú haois déag agus agus ar feadh seasca bliain nó mar sin den bhfichiú haois, agus gur tháinig laghdú mór ar  an méid ama a chaith daoine le leabhair, coimicí, irisí, nuachtáin agus ábhar scríofa eile ó shin. Ach is léir chomh maith go bhfuil an t-uafás léitheoireachta á dhéanamh i gcónaí, agus go bhfuil níos mó scríbhneoireachta á dhéanamh ná mar a bhí riamh, mar thoradh ar na ríomhairí póca, glúine agus deisce atá ag na céadta milliún daoine anois, fóin agus táibléid le scáileán ar féidir scríobh go furast orthu agus an toradh a sheoladh go lucht aitheantas nó a chraobhscaoileadh go dtí an domhan mór fíorúil ar a dtugtar an gréasán nó an t-idirlíon. Is inimircigh sa domhan nua seo ár bhformhór, ach is dúchasaigh na daoine a rugadh le tríocha bliain anuas, agus ní raibh agus níl aithne acu ar dhomhan ar bith eile. 

Nuair a bhí mise i mo ghasúr leathchéad bliain ó shin, bhíodh páipéir nó dhó á cheannach ag m’athair gach lá, Scéala Éireann (The Irish Press) de ghnáth agus an páipéar tráthnóna, an Evening Press, nó an Echo nuair a bhí cónaí orainn i gCorcaigh. Ar an Domhnach ba ghnách leis dhá pháipéar ar a laghad a cheannach, an Sunday Press agus an Independent, agus corrnuachtán toirtiúil Sasanach ar nós an Observer nó an Sunday Times, agus ba bhreá liom féin agus an chuid eile den chlann na hirisí snasta a bhí leis na páipéir Dhomhnaigh a léamh. Bhí an Beano, Dandy, Topper, Beezer agus Our Boys againn ó am go ham, agus an Gael Óg, leathanaigh agus colúin do pháistí sa Phress (An Captaen Mac), scéalta Victor O’Dea Power in Our Boys, laochra Impireacht na Breataine sna greannáin Shasanacha, leaganacha de na mórchlasaicí a spreag mé le tabhairt faoi na leabhair féin, blúirí eolais faoin stair agus an tíreolaíocht, faoi fhionnachtain na heolaíochta, agus a lán eile. Domsa bhí an focal scríofa, agus na léaráid a ghabh leis go minic, fíorthábhachtach, agus i bhfad níos spéisiúla ná leimhe an tsaoil sa tírín ghruama inar tharla dom teacht ar an saol.  

Agus mé i rang a dó nó a trí sa bhunscoil chuir an máistir Ó Méalóid (Pádraic, a bhí ina léitheoir nuachta ag an am chomh maith) tús le leabharlann sa rang. Iarradh orainn 2d an duine a thabhairt isteach agus leathadh leabhair amach ar an urlár agus cead againn ár rogha a phiocadh suas agus a léamh. Bhí sé sin go breá domsa, bhí leabhair sa bhaile agus ar scoil, mo mháthair ag léamh dúinn agus mé ag léamh dom féin. Ní bhacainn le dul amach sa chlós, bhí sé níos spéisiúla finscéalta na Gréige, nó eachtraí Réamonn Óg nó Reics Carló a léamh ag mo dheasc. Bhí an Captaen Spéirling ann freisin, spásphíolóta, agus b’fhearr liom go mór a chuid eachraí siúd ná bleachtaireacht Reics, ach ní raibh an oiread de na leabhair sin ann. Bhí leabhair Chlub Leabhar na nÓg sa bhaile againn, beart nua um Nollaig agus is ann a bhí Laochra na Machairí (Annraoi Ó Liatháin) a léigh mé in aon lá amháin nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Bhí An Tine Bheo againn le scéal an Éirí Amach, agus Éalú le Tarlach Ó hUid le heachtraí na bhFiníní a d’éalaigh ón Astráil go Meiriceá a léamh. Anois agus arís bhí orm leabhar a léamh den dara huair mar nach raibh aon rud nua ar fáil, ach de ghnáth bhí rud éigin nua le léamh i gcónaí, seaneagrán ón naoú haois déag de Robinson Crusoe nó a leithéid. Bhí cónaí orainn i dtithe éagsúla, mar gur athraigh m’athair a phost cúpla uair, seal ag obair le Comhairle Contae Chorcaí, i nDún Laoghaire ó 1964 go deireadh 1965, ar ais go Corcaigh ansin mar oifigeach pleanála leis an mBardas ar feadh ceithre bliana. Tháinig mé ar leabhair i ngaráiste an tí i mBeaumont mar ar chuir muid fúinn agus an teach in Ard Barra á thógáil, chomh maith le beart de ghreannáin faoi Billy Bunter agus seanchoimicí eile Sasanacha (ba léir dom go raibh Corraí Mórthimpeall, an plubaistín ramhar sna scéalta scoile ag Ó Sandair, Buachaillí Chluain Éanna, bunaithe ar an truán sin), chomh maith le Superman, Spidermen agus a leithéidí. Chuir mé dúil in eachtraí Biggles, píolóta a chuaigh ar fud an domhain lena chairde Algy , Bertie agus Ginger ag troid le cneamhairí éagsúla. Ba sna tíortha aduaine a bhí mo dhúil seachas i laochra na scéalta. Bhí An Deachtóir, An Fáinne Arabach agus An Dealbh Spáinneach (le Deasún Breathnach) léite agam chomh maith, agus leabhair le Eoghan Ó Grádaigh, Máirtín Ó Corrbuí, Criostóir Ó Floinn agus corrscríbhneoir Gaeilge eile, agus de réir a chéile thosaigh mé ar leabhair Shéamuis Uí Ghrianna a léamh tar éis do mo mháthair cuid dá scéalta a léamh os ord dúinn. Bhí Ceachta as Leabhar na Cruinne againn chomh maith,  agus Troscán na mBánta. Bhí mo mháthair an-chráifeach agus léigh sí Doiminic Savio dúinn, agus Treasa Bheag.  Bhí dúil mhór agam sa leabhar ‘Sláinte an Domhain, le Donach de Róiste, scríbhneoir nach bhfaca mé tagairt ar bith dó riamh ó shin. 

I rang a ceathair bhí Diarmaid Ó Murchú mar mhúinteoir againn, agus bhíodh sleachta as cuntas Thraolach Mhic Shuibhne ar a bheatha mar óglach á léamh aige dúinn, agus an-chuid cainte aige faoin stair. Bhí seisean ina eagarthóir ar an iris Agus (agus fuair mé amach le déanaí gur thug sé an-chuid cabhrach do Sháirséal agus Dill agus dá scríbhneoirí, é pósta le deirfiúr céile Sheán Uí Éigeartaigh). 

Thug Pící Loch Garman agus L’Attaque léargas ar éirí amach 1798. Bhí amhráin le fáil i leabhair chomh maith, agus is iomaí rann as Amhránleabhar Ógra Éireann, cnuasach tírghrách dátheangach, a chuir mé de ghlanmheabhair gan brú nó spreagadh ó dhuine ar bith. 


Bhí an dá arm aigne agam agus mé an-óg, go leor Béarla foghlamtha ar scoil agus ar an tsráid le bheith ábalta tabhairt faoin léitheoireacht sa dá theanga, ach is fíor, mar a tharlaíonn do go leor agus iad sna déaga, go raibh léitheoireacht an Bhéarla go mór chun cinn, mar gur i mBéarla den chuid is mó a bhí na nuachtáin, agus na leabhair a mbeadh spéis ag duine óg iontu. Sílim go minic gur cur amú ama é leabhair a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, mar má tá an dá theanga sin ag duine cén fáth go léifí an t-aistriúchán. Rinne mé iarracht nó dhó ‘Séideán Bruithne’ a léamh, aistriúchán ar ‘Typhoon’, agus shíl mé go raibh locht éigin orm féin nach raibh mé ábalta aon taitneamh a bhaint as saothar le scríbhneoir chomh cáiliúil le Conrad - ach níor éirigh liom leagan Béarla de leabhar ar bith dá chuid a chríochnú ach oiread, in ainneoin an moladh go léir a thuill sé.  Bhí dúil mhór agam sa bhficsean eolaíochta agus mé sna déaga agus ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, ach ag léamh aistriúchán Phanú ar Foundation Asimov chonacthas dom nach raibh ealaín na scéalaíochta ná carachtair inchreidte ag an eolaí cáiliúil sin ar chor ar bith. Chuaigh mé siar ar chuid de shaothar Arthur C. Clarke chomh maith tamall ó shin, agus mheas mé go raibh stíl scríbhneoireachta leamh gan ealaín aige siúd chomh maith, rud a bhí fíor, le bheith ionraic faoi Chathal Ó Sandair i nGaeilge. Is léir mar sin nach ar son a gcuid stíle ach ar son na heachtraíochta agus na samhlaíochta a bhí mé faoi dhraíocht ag na leabhair agus mé i mo ghasúr. 


Tiocfaidh mé ar ais chuig an ábhar seo…. 

1 comentario:

  1. ar son na heachtraíochta agus na samhlaíochta ... sin sci-fi duit! Agus sraith Beau Geste...

    ResponderEliminar