jueves, 30 de octubre de 2014

Fanacht san Aontas Eorpach nó dul ár mbealach féin.



alt ag teachta dála de chuid an Rialtais in Éirinn san Independent inniu (30 DF 2014) ina ndeir sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach agus gur cheart dá rialtas féin agus do shaoránaigh na Poblachta tathaint go láidir ar ár gcomharsana béal dorais gan an nasc leis an 'Eoraip' a bhriseadh. Is léir go bhfuil fonn ar go leor sa Bhreatain, agus i Sasana go háirithe, neamhspleáchas a fhógairt ó chinntí na Bruiséile agus Frankfurt agus dul a mbealach féin i dtreo an tsaibhris agus a 'gcearta', agus bheadh sé deacair do go leor náisiúntóirí in Éirinn easaontú leo.

Is é an fáth is mó go mbeadh polaiteoirí agus lucht gnó na hÉireann i bhfách leis an Bhreatain a choinneáil istigh, go bhfuil táirmheon chomh láidir in Éireannaigh nach féidir leo an saol a shamhlú gan na seanmháistrí. Tá siad dílis don Bhreatain, dá cultúr intleachtúil agus gnó, agus do mháistrí nua na Breataine ar an taobh thall den Atlantach 'a chuireann an oiread sin jabanna ar fáil' don lucht oibre s'againne a bhfuil Béarla ó dhúchas acu, agus is cúis aiféala agus náire do phríomhpháirtí an rialtais gur éirigh Gaeil amach in aghaidh na hImpireachta céad bliain ó shin. 

Tá a fhios againn go bhfuil a lán de lucht cáinte an AE (little Englanders mar a thugtar uaireanta orthu) an-naimhdeach d'imircigh, agus go bhfuil daoine in Éirinn amhlaidh chomh maith. Níl uathu ach daoine nach labhraíonn agus nach mbreathnaíonn cosúil leo féin a choinneáil amach ónár gcóstaí. Is ar an AE an locht go bhfuil na daoine sin a bhfuil dath níos dorcha ar a gcraiceann, nó blas aisteach ar a gcuid Béarla (nuair  a thoilíonn siad Béarla a labhairt) ag plódú isteach i gcathracha agus fiú i mbailte beaga na Breataine agus na hÉireann, dar leo, agus is ceart beartas dian a chur i bhfeidhm leis na heachtrannaigh sin nach gcleachtaíonn 'ár' gcultúr a choinneáil amach uainn.

Beidh áthas ar na daoine seo go bhfuil deireadh á chur le feachtas mór 'Mare Nostrum' a thagann i gcabhair ar na mílte a bhíonn i mbaol a mbáite sa Mheánmhuir agus iad ag teitheadh ó bhochtaineacht agus ó chogaí. Ní admhóidh siad go brách go bhfuil na daoine sin ar a dteitheadh mar gheall ar pholasaithe agus gníomhartha na Breataine/SAM agus a gcomhghuallaithe, treascairt agus ár atá á chothú go leanúnach le blianta fada, le cinntiú nach mbeidh rialtas ná geilleagar a fhreastalódh ar a gcuid riachtanas féin ag muintir an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAfraice go brách.

Cinnte tá a lán athruithe le déanamh san Aontas Eorpach, sa chéad áit ní mór dúinn a chinntiú gur ar leas na hEorpa atá sé seachas a bheith ina mhogha ag na Stáit Aontaithe. Is é leas na hEorpa é an tsíocháin a chothú sna tíortha atá ar chóstaí 'Mare Nostrum'. Sin rud nach féidir a dhéanamh nuair is leas mhórchomhlachtaí ilnáisiúnta an chloch is mó ar phaidrín 'cheannairí' na hEorpa. Tá cóilíniú déanta ag SAM, an chumhacht pholaitiúil is mó a threisíonn na mórchomhlachtaí, ar an intinn dhomhanda, glacann ár máistrí leis an chóilíniú sin agus brúnn siad teanga agus cultúr an mhórmháistir chun cinn ar gach ócáid is féidir, chun aimhleas a muintire féin.

Ba mhaith an rud é dá n-imeodh an Bhreatain, bheadh laghdú éigin ar úsáid an Bhéarla, agus ní ghlacfaí chomh réidh sin le soiscéal frithdhaonlathach meánaoiseach lucht an ollrachmais. Tá sé deacair a bheith dóchasach faoin Eoraip agus faoin domhan, ach dá mbainfí an guth dochrach anglasacsanach amach as an díospóireacht b'fhéidir go mbeadh sé ar chumas na coda eile, Éire san áireamh (agus is ionann Éire agus an t-oileán uile) casán eile a ghlacadh a chothódh fíorfhás agus síocháin.

Creidim go mbeadh fonn níos mó ar mhuintir oirthuaisceart na tíre aontú leis an chuid eile dá mbeadh orthu rogha a dhéanamh idir fanacht leis an Ríocht Aontaithe nó leis an Aontas Eorpach. Ní hé bealach na Breataine ár mbealach.


No hay comentarios:

Publicar un comentario