viernes, 3 de octubre de 2014

Críochdheighilt

'Tobar Bhríde é seo' arsa m'athair. Chuir sé méar san uisce agus chuimil ar mo shúile í. 'Deirtear go bhfuil leigheas san uisce do shúile tinne. Ní raibh sé i bhfad ó bhí orm péire gloiní a fháil.

Chuaigh muid ar aghaidh, seisear páiste faoi dheich mbliana d'aois sa VW le mo mhuintir.

Chonaic muid cloigeann dorcha fir i mbosca gloine i séipéal. Oilibhéar Beannaithe Pluincéad a bhí ann, nó a thaise, easpag a mharaigh na Sasanaigh fadó, mairtíreach.

Amach faoin tuath linn arís, ar bhóithre beaga caola. Tar éis tamaill tháinig amhras ar m'athair faoi cá raibh muid. Stop sé an carr agus chuir ceist ar bheirt fhear a raibh droim le claí acu. D'fhreagair siad i mBéarla aduain é. 'Táimid imithe thar teorainn', arsa m'athair le mo mháthair.

'B'fhearr dúinn dul ar ais,' ar sise.

'Cad í an teorainn?' arsa mise. Níor chuala mé trácht riamh ar a leithéid a bheith ann.

'Tá Sasana i réim fós sa taobh ó thuaidh.' Thug sé míniú éigin ar chríochdheighilt na tíre. Ach bhí sceitimíní an domhain ormsa. Mé ag amharc thart ar na páirceanna, ag súil le saighdiúirí a fheiceáil ag troid le chéile, mar  má bhí na Sasanaigh a bheith in Éirinn fós, chaithfeadh sé go mbeadh cogadh na saoirse ag dul ar aghaidh go fóill... .

'Tá an cogadh thart le fada. Ní bheimid ag troid níos mó.... '

B'shin 1965.

1 comentario: