lunes, 2 de junio de 2014

Poblacht agus Poblacht Eile

Chuir mé an litir seo a leanas chuig an Irish Times tamall ó shin. Níor bhac siad lena fhoilsiú.....
A eagarthóir,
in Easter 1916 a Republic was declared. The only royal presence at the commemoration of that event should be in effigy - hanging from the lamp-posts.

Cuireann sé múisc orm daoine a fheiceáil gléasta ar nós ainmhithe sorcais agus ag umhlú dóibh siúd a bhfuil cumhacht acu mar oidhreacht ó ghadaithe agus dúnmharaithe na haimsire atá caite. Ba náireach an rud é do pholaiteoirí na hÉireann na cultacha moncaí a chur orthu féin le béile a chaitheamh le banríon Shasana. Is náirí fós iad na meáin chumarsáide a deir gur dul chun cinn agus aibíocht agus fás suas a léirigh an lúitéis sin. Ach deirtear go bhfuil formhór an phobail i bhfách le cuireadh a thabhairt do chuid den teaghlach ríoga sin chuig comóradh céad bliain an Éirí Amach . . . . Mar a deirim thuas fógraíodh poblacht ar Luan Cásca 1916. Más poblacht atá againn, nó atá uainn, chuirfeadh sé déistin orainn ár nUachtarán agus ár dTaoiseach a fheiceáil ar aon-ardán le sliocht na gcoirpeach - coirpigh a bhí ina sinsir, is ar shlad agus ar mharú atá a stádas agus a saibhreas bunaithe agus a fhad is atá a gcumhacht bunaithe ar a ngaol fola leis na dúnmharfóirí tá siad féin chomh ciontach céanna. 

Tá rí na Spáinne, peata Franco, ag éirí as... cuirfear a mhac ina áit. Is beag teaghlach ar domhan atá chomh ciontach i slad, marú, impiriúlachas, seicteachas, agus gadaíocht. An bhfuil an sponc sna Spáinnigh le diúltú don Phrionsa? 



Beidh daoine ag teacht le chéile le reifreann a éileamh i gcathracha éagsúla anocht. Go n-éirí leo. 

1 comentario:

  1. Fuair an poblacht abhus bás sa chogadh cathartha agus is creachlathas atá ann ó shin.

    Tá gá leis an dara poblacht abhus; chuige sin is gá aibíocht agus glacadh le freagracht. Níl sin ag tarlú. Anallód b'iad na Breatnaigh a bhí ciontach as gach droch rud, anois an Eaglais, nó an Eoraip, nó ... gach duine ach muid féin.

    ResponderEliminar