Castar na daoine ar a chéile

Bean ag siúl romham ar an gcosán. Caol, measartha ard, gruaig chatach ghearr liath, rud annamh na laethanta seo agus a bhfolt daite ag beagnach gach bean. Ní raibh spás ann le hí a scoitheadh nó bhí daoine ag teacht an treo eile. Ní raibh deifir ar bith orm ar an chaoi, ach gur shíl mé go mbeadh sí neirbhíseach dá mbeadh a fhios aici go raibh duine éigin á leanúint.

Go tobann baineadh tuisle aisti, agus rug mé ar a sciathán agus í ag titim. Bhí iall a cuaráin briste. Chrom mé le cabhrú léi ach dúirt sí gur chuma, go raibh sí ceart go leor. Ar aghaidh liom gan amharc san aghaidh uirthi.

Cheana féin bhí scuaine fada bailithe lasmuigh de na fuinneoigíní. Níorbh aon iontas é, ach bhí go leor ag gearán go raibh rudaí níos fearr cúpla bliain ó shin sular tháinig an rialtas caomhach 'Popular' i gcumhacht. Alt sa pháipéar saor '20 Minutos' faoi éadaí leapa salach agus easpa glaineachta go ginearálta ó cuireadh na seirbhísí glantóireachta amach ar conradh go cuideachtaí príobháideacha.

Fiche nóiméad agus bhí mé ag an bhfuinneog. Bean amháin a freastal ar an slua, dúirt sí go mbíonn triúr eile ann de ghnáth, ach tá ciorraithe ag teacht i bhfeidhm....

Ag feitheamh arís le dul isteach sa 'Cabina' le sampla fola a thabhairt. Nuair a tarraingíodh siar an cuirtín chonaic mé an ghruaig ghearr chatach liath...


Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne