Stailc na nDílseoirí 1974

Stailc na Bealtaine 1974

Shiúl mé isteach i mbaile Chúil Raithin.
Mhothaigh mé láithreach an teannas. Sráideanna folmha, siopaí druidte, 
Slua fear ar an droichead ag cur bac ar thrácht. Fir gan aigheanna ag tabhairt cuairt ar na siopaí atá foscailte go fóill. Druidtear go gasta agus go suaimhneach iad. Póilíní ag siú-thart ar nós cuma liom agus an imeagú soiléir seo ar siúl. 
Níl rian ann den arm Briotanach.
D’fhág mé an baile go luath i ndiaih piléír a chluinstean á scaoileadh 
- Níor chreid aon duine mé nuair a dúirt mé gur chuala mé urchair agus mé istigh i leabharlann an bhaile, an t-aon áit a bhí oscailte.  Bhí mórán rudaí eile sa nuacht, ba bheag iad eachtraí Chúil Raithin an lá sin.

Mar seo a léirigh oibritheoirí Uladh a míshásamh le polaiteoirí uasaicmeacha a thréig iad.
Fágadh scartha iad dá ndeoin féin ó na náisiúnaigh, tréigthe ag a gceannairí, agus shocraigh siad gan faic a dhéanamh agus leag siad an Comhthionól. 

Scrúduithe an tsamhraidh againn i halla damhsa i bPort Rois, leictreachas á sholáthar ag vean uachtar reoite. Muid brúite isteach i mionbhusanna le muid a thabhairt ar ais, cailín ar mo ghlúin, ní bhfuair mé a hainm amach riamh. 

Taincéir ar bharr na haille, ag stealladh bainne chun farraige.  .. . . 
 - Bealtaine 1974 

Fiche bliain eile a de mharú, de phríosúin, den eagla agus den teannas, sular ghéill na gealta. ’Síocháin’ anois againn a d’fhéadfadh a bheith againn an samhradh sin. Deighilt níos mó idir an ‘dá thaobh’ ná mar a bhí fiú an uair úd, agus an fuath agus neamh-aithne ag brúchtaíl faoi dhromchla an ‘phróiséis síochána’ i gcónaí.  Na faisistigh sin a chuir an oiread sin eagla ormsa, agus ar rialtas na Breataine, an lá Bealtaine sin, iad anois ag roinnt na cumhachta lena ndearg-naimhde, dream atá ar chomh-mheon leo…. 

- Bealtaine 2014

Comentarios

  1. Ba mhaith liom mo chuid fianaise iontach a roinnt ar an gcaoi a bhfuair mé mo fhear céile mo shaol ar ais, agus ba mhaith liom a rá leis na daoine ar fud an domhain go bhfuil caster fíor-litrithe ar líne agus go bhfuil sé cumhachtach agus fíor, Is é a ainm Baba Wale Wiseman, chabhraigh sé le déanaí, mo chaidreamh le mo fhear céile a dhúnadh le chéile, nuair a chuir mé i dteagmháil le Wiseman chaith sé gearán grá domsa agus mo fhear céile a dúirt nach bhfuil aon rud aige a dhéanamh liom arís ar a dtugtar mé agus thosaigh mé ag géilleadh orm. Do dhuine ar bith a bhfuil an t-alt seo á léamh agus má tá aon chabhair ag teastáil uaidh, is féidir le Wiseman aon chineál cabhrach a thairiscint chomh maith le teacht ar phósadh agus caidreamh, Curing gach cineál Galair, Cásanna Cúirte, Spell um Thoirchis, táimid anois sásta lenár gcuid féin. Déanann Wiseman é a thuiscint cé mhéid is breá linn agus a dteastaíonn uainn a chéile. Tá an fear seo fíor agus maith. Féadfaidh sé cabhrú leat do chaidreamh briste a shocrú freisin. Bhí mo fhear céile agam ar ais! Bhí sé cosúil le miracle! Níl comhairleoireacht pósadh agus táimid ag déanamh go han-mhaith, inár saol grá. Déan teagmháil leis an fear mór seo má tá aon fhadhb agat le réiteach buan
    trí Ríomhphost: babawalewiseman01@gmail.com
    WhatsApp: +2348129806153

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne