Kurdi Béar i Jenin, fíorscéal

Scaoileadh linn as an teach ag bun na sráide, a deirtear liom. Níor chuala mise tada, conas a chloisfinn leis an ghleo a dhéanann an t-inneall seo? Stánaim tríd an fhuinneog bheag agus feicim romham sráid chaol. Seo liom tríd ar lánluas. Ar an dá thaobh tá fuinneoga beaga eile a thugann radharc dom den taobh istigh de na tithe ar dhá thaobh na sráide – ní fheicim na ballaí ar chor ar bith, tá siad ag titim romham agus mé ar mo bhealach go dtí an teach a dúradh liom a leagadh. An buicéad trí thonna ardaithe agus ag réabadh trí na tithe. Níor mhothaigh mé chomh maith riamh. Le sé mhí anuas níl i mo shaol ach frustrachas agus díomá agus fearg. 

Seacht mbliana déag a chaith mé ag obair mar chigire don chathair, agus cé nach raibh rudaí i gcónaí i gceart bhí compánaigh gnaíúla agam, agus ní raibh aon chaill ar na conraitheoirí ach oiread. Cad a dhéanfá agus tú ag obair gach lá le daoine ach bia a chaitheamh leo agus deoch a ól anois agus arís? Ba bhreá liom é sin, siúl thart ar na foirgnimh nua le saoiste agus ansin tamall a chaitheamh sa chaifé leis, an páipéarachas a thiocáil sna háiteanna cearta agus cúpla deoch a ordú, caint faoin sacar nó paca cártaí a tharraingt as mo phóca agus an chuid ba theo den lá a chur thart mar is ceart. 

Ach ansin labhair bastard éigin leis na péas. Chuir siad i mo leith go raibh caimiléireacht ar bun agam féin agus mo chomrádaithe leis na conraitheoirí, go raibh mé ag glacadh le breabanna. Ba é mo lá breithe é, mé dachad bliain d’aois, agus bhris siad as mo phost mé. Is millteanach an éagóir é, is fear cairdiúil mé, tuige nach mbeinn cairdiúil leis na daoine a bhí faoi chigireacht agam? Bheadh airgead agam dá mbeinn ag glacadh le breabanna, agus ní fhéadfainn fiú dlíodóir a fhostú chun achomharc a dhéanamh. Tá na céadta míle d’fhiacha orm, chaill sí féin a post cúpla mí ó shin, ghortaigh mé mo dhroim, tá ceathrar clainne agam, duine acu ag teacht chuige féin ó leag carr é. Tá sé ceart go leor anois, ach níl seans aige ár mbionglóid a fhíorú, ní imreoidh sé go deo d’fhoireann Beitar anois. 
Níl sa saol ach buille in ndiaidh buille. An bhfaca mé bean agus páistí sa teach sin ar clé? Spléachadh gearr, iad ag screadaíl is dócha. is cuma liom. Dúirt siad liom gan teach a leagadh go dtí go ndéanfaí fógra trí na callairí, ach is cuma liomsa, níor chóir dóibh a bheith anseo go fóill i ndiaidh na troda. Triúr déag dár gcuid gasúr maraithe acu, iad chomh hóg le mo chlann mhac féin, tá trua agam dóibh sin, ach bíodh an diabhal acu seo atá ag tacú leis na sceimhlitheoirí. Má tá siad brúite faoi thraiceanna an dósair seo bíodh acu. Ní fheicimse iad, ná ní chloisim na pléascáin. Bheadh buama céad ciligream ag teastáil chun dochar a dhéanamh don Caterpillar seo. Feicim an deannach ó phléascáin ar fud na háite ach ní chloisim tada. Is dócha go bhfuil piléir ag preabadh as an miotal chomh maith, ach is cuma sa diabhal liom. Tá mo shaol ina chac ceart faoi láthair, agus má mharaítear mé tabharfar aire di féin agus do na gasúir. Beidh mé i mo mhairtíreach ar son na cúise. Na mná sin sna tithe seo, tá siad ag súil go ndéanfaidh a gcuid mac agus iníon iad féin a íobairt, pléascáin a cheangal orthu féin agus bus nó caifé a ionsaí, ticéad go parrthas mar dhea, agus cúiteamh fial do mham. Is ar mhaithe leo atá mé. Beidh sráid bhreá leathan acu anois.

Mé ag bun na sráide, an sprioc romham amach, teach beagán níos mó agus níos airde ná an chuid eile. Ruathar díreach tríd anois agus má tá aon ghunnadóir fágtha beidh sé ina phancóg. Slog den uisce beatha. Tá sé seo go hiontach, ní raibh mé chomh sásta riamh. Casadh beag den stiúr agus beidh an teach sin ina smidiríní.

“Kurdi, Kurdi, Stad láithreach in ainm Dé! Muide atá ann. Ár gcuid fear féin atá sa teach sin!”

Cúpla soicind sular thuig mé iad. An balla éadain leagtha agam sula raibh mé ábalta an scairtire a stopadh. Nuair a chuireann tú seasca tonna ag réabadh romhat níl sé chomh héasca sin na coscán a chur air. Seachtar dár gcuid saighdiúirí ag cúbadh siar in aghaidh an bhalla cúil, a n-aighthe gealbhána ag stánadh orm. An teach contráilte. Siar liom trasna na sráide, an teach os a gcomhair amach á leagadh go talamh agam. Ba ansin a bhí an namhaid is dócha. D’fhan mé ansin tamall, anonn is anall go dtí go raibh iarsmaí an tí chomh cothrom le dromchla na sráide féin. Ní fhaca mé duine ar bith, ach dáiríre ní raibh mé ag iarraidh iad a fheiceáil. Bíodh an áit sin mar uaigh acu, má bhí siad ag scaoileadh lenár gcuid gasúr. Is cuma sa diabhal liomsa. 

Tá siad ag glaoch orm arís, ag rá liom filleadh. Dachad uair an chloig ag réabadh is ag leagadh. Lig do scíth Kurdi, adeir siad, maith an fear. Ba chóir duit béile a ithe. Ach ní theastaíonn aon bhia uaim. Cúpla buidéal uisce beatha chun nach dtitfidh mé a chodladh, an chuid is mó den naoi gcéad líotar breosla sa teainc go fóill, leanfaidh mé ar aghaidh. Cinnte tá mé ceanndána, agus cuireadh faoi ghlas mé go minic mar gheall air. Rinne mé mo sheirbhís mhíleata agus le fiche bliain anuas ordaíonn siad dom teacht ar ais chun seirbhís chúltaca a dhéanamh. Gardáil, cigireacht, rudaí mar sin. Deirim leo dul i dtigh diabhail. Má tá Beitar ag imirt bailím liom agus téim chuid an staid pheile, deirim leis an sáirsint go dtig leis féin a ghardáil a dhéanamh. Is cuma sa diabhal liomsa. Cártaí, cluichí, cúpla deoch. Ach is le fonn a ghlac mé leis an dualgas seo. D’impigh mé orthu ligint dom an scairtire a thiomáint. Ach níor thiomáin tú ceann riamh, ar siad. Dhá uair an chloig ina dhiaidh sin bhí sé foghlamtha agam. Is iontach sásúil an rud é sráideanna a ghearradh trín champa seo leis an inneal fathachúil seo, bealach isteach a dhéanamh don Arm. Dúirt siad liom fanacht laistiar de na teainceanna, ach is cuma liom, níor bhain mé sásamh as aon rud riamh go dtí seo, ar lánluas an t-am ar fad, deannach agus smidiríní ar fud na háite, an t-uisce beatha agus an teas, gan tada orm ach tuáille, cén gá atá le héadaí? istigh anseo liom féin is cuid den inneal mé, ag treabhadh sráideanna leathana trín champa, ag baint díoltais amach ar na naimhide, ag baint cúitimh astu sin ar son gach drios a cuireadh i mo chasán le fiche bliain anuas. 

Rinne mé cinnte go mbeadh bratach Beitar crochta in airde ar an scairtire. Dúirt mé leo sa bhaile a bheith ag faire amach don bhratach ar an teilifís, mise a bheadh ann, ag déanamh gaisce. Tá mé craiceáilte faoi Beitar, deir siad go bhfuil máchaill éigin ar m’inchinn maidir leis an bhfoireann sin. Ní féidir liom é a mhíniú, ach bím chomh corraithe nuair a bhíonn siad ag imirt. Thit mé a laige ag cluiche amháin nuair a fuair siad cúl, chaith mé tráthnóna ag siúl thart lasmuigh den staid uair amháin agus ticéad i mo lámh, bhí an oiread sin eagla orm dul isteach, eagla orm go bhfeicfinn iad ag cailliúint. Sin é an fáth go bhfuil brat Beitar ar an gCaterpillar. Theastaigh uaim é a chrochadh ar an mosc, ach bhí na ceannairí ar buille liom. ‘Má dhéanann tú iarracht é sin a dhéanamh, marófar tú.’ is trua sin. 

Tá pléascáin ar fud na háite, ach ní féidir leo mise a ghortú. Chonaic mé cás éin á shiabadh san aer nuair a bhí an tsráid á leathnú againn. Bhí trua agam do na héin. Ach tá na pléascáin sin ann chun ár gcuid gasúr a mharú. Má tá teach le leagadh leagaim trí chinn acu. Tá siad chomh beag sin, bíonn siad sa bhealach ar a chéile. Ba chóir an áit go léir a leagadh go talamh, ach ní ligfidh siad dom sin a dhéanamh. Deir siad: tá daoine ag scaoileadh as an teach sin thall, gabh ann, gabh anseo, gabh ansiúd. Tá spriocanna le leagadh, lig don chuid eile. Déanaim cinnte go dtiteann go leor de na tithe ar gach taobh, go ndéanaim an oiread damáiste agus is féidir. 

Ar aghaidh agus ar aghaidh, caoga uair an chloig, seasca, seachtó, ní mian liom stopadh, ní féidir liom stopadh, níl aird agam ar aon ghlaoch ar an raidió níos mó. Tháinig sé isteach i mo cheann go nglanfainn lár an bhaile, é a leibhéalú go hiomlán. Beidh ionad acu ansin chun sacar a imirt. Táimid in ainm seans a thabhairt do na daoine teacht amach as na tithe, buille amháin a thabhairt don bhalla agus fanacht siar ansin. Ach níl aird ar bith agamsa ar sin. Réabaim liom ar aghaidh, tá jab le déanamh agam, staid sacair a ullmhú. Má tá siad sna tithe is orthu féin an locht. Ba chóir dóibh bailiú leo i bhfad ó shin. “Kurdi, tá tú ag dul thar fóir. Beidh an campa uilig leagtha agat. Éirigh as. Tóg sos. Goitseo amach as sin agus bíodh béile agat.” Bíodh an diabhal acu. Is breá an rud tiomáint díreach isteach sna tithe arda, ceithre stór de bhallaí agus d’urláir ag titim anuas orm, iad ag béicíl orm ar an raidió, ach tá mé sásta den chéad uair i mo shaol, fiabhras orm, ach neart uisce beatha sna buidéil go fóill. Leanfaidh mé ar aghaidh… Ach tá an breosla ídithe, caithfidh mé tarraingt siar ar feadh tamaillín.

Na saighdiúirí ag déanamh comhghairdeachais liom, chosain mé iad, bhain mé díoltas amach ar son a gcomrádaithe. Mé tagtha anuas ón chábán. An fiabhras níos measa, an tuirse orm go tobann. Chaith mé chuid éadaí síos ar an talamh, agus chuaigh a luí. ‘Líon suas an teainc, agus tosóidh mé arís.”
“Déanfaidh muid sin. Dún do shúile tamall. Tabharfaidh muid aire duit.”
Thug mé cuireadh don chathlán uilig teacht go dtí mo theach agus ár ngaisce a cheiliúradh. Ghlaoigh mé ar mo mháthair. ‘Cinnte’ ar sise. “beidh fáilte rompu uilig’.

Agus cad a bhí ar a shon agam. Cúpla lá san ospidéal le niúmóine, abhaile ansin ach ní fhéadfainn codladh. Ag a ceathar a chlog ar maidin an glaoch faoi mo mhac. Bhí sé san ospidéal, tinn arís. Deir siad go bhfuil sé an-dona. Ag fáil bháis fiú. 

Shroich mé an t-ospidéal agus bhí dea-scéala acu. Mhúscail sé go tobann agus tharraing sé de na píobáin. Isteach liom. Cuirim taise ón Rabbi  in aice lena cheann, agus leagaim bratach Beitar anuas ar a leaba. Tá áthas air.

‘A Dhaid, ná déan dearmad. Tá ticéidí ag teastáil uaim don chluiche leathcheannais.’

Ba ar éigean a bhí mé ábalta é a fhreagairt. ‘Nati, a thaisce, nár dhúirt mé leat cheana é. Chaill Beitar an cluiche sin an tseachtain seo caite.’

‘Ná bí ag amaidí. Tá mise ag dul chuig an gcluiche sin!’

Mo mhac, a chuimhne caillte aige. Tá mé ag faire gach lá anois air. Deir na dochtúirí go mb’fhéidir go dtiocfaidh feabhas air, ach ní bhíonn a fhios aige cá bhfuil sé, má fhágaim an seomra san ospidéal ar feadh nóiméid agus teacht ar ais, labhraíonn sé liom amhail is nach bhfaca sé cheana inniu mé. 

Codlaím sa charr lasmuigh, agus caithim an lá leis. Ní féidir liom fiú íoc as peitreal don seanchreatlach. Tháinig mo chairde ar cuairt agus bhain siad an gruaim díom ar feadh tamaill, ach chuir na dochtúirí inár dtost muid  nuair a thosaigh muid ag déanamh mórtais as mo ghaisce sa champa. Tar éis na mblianta den díomá ba mhaith le fear a thaispeáint dá mhac go bhfuil ar a chumas nithe fiúntacha a dhéanamh, ní raibh mé ach ag iarraidh cian a bhaint de. Ach caithfidh mé éirí as. Deir siad go bhfuil mé ag cur isteach ar na banaltraí Arabacha. 

Pic

Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne