Dubh agus Geal

Áit éigin sa Bhriotáin blianta ó shin chonaic mé 'France Blanche' i litreacha móra ar bhalla. Thíos faoi i litreacha níos lú, scríobh duine éigin 'Breizh: Gwenn ha Du'. Bhí Jean-Marie le Pen in ard a réime mar cheannaire ar ghluaiseacht Fronta Náisiúnta na Fraince ag an am, é ag maíomh gur cheart eachtrannaigh a dhíbirt as an tír agus an cine geal a chosaint. Ní haon iontas é gur de bhunadh na Briotáine é le Pen (an Ceann), an náisiúntóir ciníoch is mó a raibh rath air sa Fhrainc le leathchéad bliain anuas - is minic gur daoine as lasmuigh de thalamh naofa na náisiúntóirí a bhaineann ceannas amach (Hitler an tOstarach, Franco as an Ghailís, Napoleon an Corsach....) nó a shéideann trumpa an fhorlámhais. Ba as baile beag sa Bhriotáin do mhuintir le Pen ó thús, La Trinité sur Mer.

Nuair a chonaic mé an 'Gwenn ha du' sin faoin mana ciníoch shíl mé gur freagra é a bhí báúil do na himircigh agus dá sliocht, ach le gairid agus mé ag fiosrú faoi na heagraíochtaí beaga frithghiúdacha náisiúnacha 'Críostaí' a bhí in Éirinn, agus atá ag teacht chun cinn arís le gairid, tháinig mé ar alt faoi bhratach na Briotáine a thug léargas eile ar ghluaiseacht an neamhspleáchais agus na féiniúlachta sa tír sin.

Cros dhubh le cúlra bán a bhí mar bhratach ag na Briotánaigh a ghlac páirc i gCrosáidí na Meánaoiseanna, leagan den mheirge a bhí ag go leor de na tíortha agus na réigiúin a chuaigh chun cogaidh ar iarratas an Phápa - tá cros ar go leor de bhratacha náisiúnta na hEorpa fiú agus an Chríostaíocht tréigthe ag formhór na ndaoine (An Bhreatain, Sasana, Alba, an Iorua, an Danmhairg, an Eilbhéis, An Ghréig, an Fhionlainn, an tSeoirse ...). I rith na meánaoiseanna bhí a sciatha féin ag ríthe agus uaisle eile, agus ag cathracha agus eagraíochtaí, agus i measc na n-íomhánna a úsáideadh bhí craiceann na heasóige, an t-ainmhí beag fíochmhar a bhíonn donn de ghnáth ach ar dhath an tsneachta sa gheimhreadh. Comhartha den ghlaineacht nó den gheanmnaíocht a bhí san easóg bhán mar sin. Bhí an easóg ar a sciath ag Diúc na Bríotáine, Jean III ón bhliain 1316.




Níos déanaí cuireadh an chros agus an easóg le chéile.




Bhí an bhratach thuas sásúil do Bhriotánaigh áirithe ar theastaigh féinriail uathu ach le linn an 19ú haois bhí dreamanna ann nár theastaigh uathu a bfhéiniúlacht a shrianadh le comhartha a bhain le ríthe, diúcanna agus easpaig. Tháinig roinnt daoine faoi anáil ideolaíocht an Nordachais, agus rinne siad iarracht an seanchreideamh págánach mar a shamlaigh siad é a athbheochan. Bhí comhartha na heasóige róchosúil dar leo leis an fleur de lys, an siombal de ríogacht na Fraince atá ar bhratach Québec i gcónaí.

Ba Morvan Marchal a dhear an bhratach a aithnítear inniu mar shiombal den Bhriotáin. Duine ar leith a bhí ann, a rugadh sa bhliain 1900 i Vitré. Sa bhliain 1918 bhunaigh sé féin agus ógánaigh eile gluaiseacht fheidearálach na Briotáine,  agus bhunaigh sé an iris Breiz Atao i dtús na bliana 1919. Theastaigh uaidh réigiúin éagsúla san Eoraip a thabhairt le chéile in aontas feidearálach a neartódh a seasamh in aghaidh na mórchumhachtaí. Rinne sé tréaniarracht náisiúnachas na Briotáine a scaradh ó chúrsaí creidimh agus thit sé amach lena chomrádaithe a bhí róthugtha do theagasc ciníoch - theastaigh uathu scaradh ón Fhrainc mar gur thír 'Laidneach' í agus mhaígh siad go raibh gaol níos láidre ag na Briotánaigh le tíortha an Tuaiscirt agus le cine níos uaisle agus níos glaine agus níos láidre ná an meascán iarChríostaí a bhí i réim sa Fhrainc. 

Cháiligh sé mar ailtire agus ghlac sé páirt i ngrúpa ealaíontóirí Seiz Bruer. Ba é a chum an bhratach Gwenn ha Du idir na blianta 1923 agus 1925. Dar leis go raibh bratach na heasóige róchosúil le meirgí monarcacha. Bhunaigh sé a dhearadh ar bhratach Stáit Aontaithe Mheiriceá, tír na saoirse (ní bheadh thrídhathach  na Fraince ina shiombal saoirse dóibh siúd a bhí ag iarraidh a neamhspleáchas a bhaint amach ón tír sin, cé go raibh a mhalairt fíor do phoblachtánaigh na hÉireann). Bhí na heasóga agus na bandaí dubha agus bána in úsáid cheana féin i sciath chathair Roazhon/Rennes 



Mhínigh Marchal dearadh na brataí in 1937. Ba é a mhian bratach nua-aimseartha a chruthú don Bhriotáin agus an easóg a choinneáil sa chearnóg mar chomhartha d'ársacht na tíre, na naoi mbanda dubh agus bán ag seasamh do naoi gcúige traidisiúnta na tíre, An Bhriotán Uachtar i ndubh agus ceithre chúige na Briotáine Íochtair i mbán. Mhaígh sé nach raibh sé riamh i gceist aige go mbainfí úsáid pholaitiúil as an bhratach ach mar chomhartha d'fhéiniúlacht na Briotáine. Scaip úsáid na brataí ar fud eagraíochtaí cultúrtha agus polaitiúla a bhí an-éagsúil óna chéile, ar gach eite den pholaitíocht, cumannaigh agus faisistigh, náisiúnaigh Briotánacha, náisiúnaigh Francacha agus mar sin de. 

 Chuaigh Marchal isteach sna másúin agus thug sé cúl leis an pholaitíocht agus leo siúd a shíl gur cheart comhoibriú leis na Gearmánaigh in aghaidh na Fraince. Chaith sé na blianta deireanacha dá shaol ag obair do chomhlacht gáis.  Mar gheall ar chomhoibriú eagraíochtaí áirithe Briotánacha leis an Ghearmáin agus le rialtas Vichy bhain rialtas na Fraince díoltas amach air féin agus ar go leor eile a chuir féiniúlacht agus teanga na Briotáine chun cinn. 

Bhí an-rath ar amhrán de chuid Giles Servat caoga bliain ó shin, ag agairt ar Bhriotánaigh troid in aghaidh na bhFrancach 'La Blanche Hermine' (An Easóg Bhán). Deirtear gur spreagadh é lena scríobh tar éis dó éisteacht le hamhrán as Éirinn. Níl a fhios agam cén t-amhrán atá i gceist.
 
(Que c'est en entendant une chanson irlandaise racontant le départ d'un partisan avec une balle dans sa poche que Gilles Servat écrit en 1970 "La Blanche hermine".)

 [https://france3-regions.francetvinfo.fr/bretagne/travers-chants-20-chansons-avec-de-la-bretagne-dedans-777081.html]
Is cosúil gur thosaigh lucht na heite deise agus an chiníochais á úsáid lena dteachtaireacht féin a chur chun cinn (agus na tagairtí frithFhrancacha fágtha ar lár ar ndóigh. D'fhreagair Servat iad le 'Touche Pas a la Blanche Hermine' le meabhrú do lucht ciníochais go n-athraíonn an easóg a dath leis na séasúir ... 

Mar sin b'fhéidir nach mana frithchiníoch ach a mhalairt a bhí sa nath a chonaic mé fadó ar bhalla in Pen ar Bed. . . . 




Bagadoù Stourm

https://fr.wikipedia.org/wiki/Drapeau_de_la_Bretagne



https://www.youtube.com/watch?v=KsJkeiUnBlI






Comentarios

  1. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne