Síogaí Beag Linbh


I mbruíon cheart na n-ollamh


Na crainn arda ag luascadh, siosarnach trí na géaga agus na duilleoga. Na cosa trom, mar a bhí an mála beag ar a dhroim, mála nach raibh ann ach peann luaidhe nó dhó, duilleoga páipéir, scríbhinní nach gcuirfeadh greim lena bhéal, ualach léinn agus samhlaíochta. 

Bhí a fhios aige nárbh fhada uaidh sráidbhaile na croise, ach bhí barraíocht tuirse air, ní fhéadfadh sé an cúpla míle eile sin a shiúl, aghaidh a thabhairt ar na madaí a bheadh scaoilte amach le titim na hoíche. Níorbh aon mhaith dó teach leanna, teas na tine, comhluadar a shamhlú, ní raibh an dé fágtha ann ach ar éigean. 

Na crainn arda sin, an chill, seantuamaí chlanna Néill. Bhí a fhios aige cá raibh sé. Bheadh foscadh le fáil ón ghaoth ar a laghad, agus b'fhéidir ón fhearrthainn a bheadh ag stealladh anuas arís go luath. 

Ní raibh sé ábalta siúl ní b'fhaide. Lúb ceann dá ghlúine, agus chuir sé lámh amach le taca a bhaint as an bhalla cloiche. Theagmhaigh a mhéara leis an chaonach tais. Stad sé, lúb a ghlúin arís agus shuigh sé go trom ar an fhéar fhliuch. Chúb sé isteach in aghaidh an bhalla, tharraing a chóta timpeall air go teann. Chuartaigh a mhéara sna pócaí, ach ní raibh ruainne bia fágtha. Lig sé siar a cheann. Thosaigh an bháisteach, rinne sruthanna uisce ar na géaga, a shil anuas air. Shlog sé roinnt uisce agus bhrúigh é féin siar giota eile.  

Tá deireadh liom, sínte anseo i seanchill an Chreagáin, i measc na ríthe. Ní miste, tá mo thír sínte sa chré leis na Niallaigh, cead réime ag na Gaill, gan meas ar mo leithéidse. Níl ionam ach pótaire. Iarsma. Níl aon áit do mo leithéid, ní bhfaighinn lóistín ná deoch féin ar mo chuid rannta. Nach trua go bhfuil an braon deiridh ólta agam, nach bhfuil sin féin agam agus an bás ag druidim liom. 

Thuig sé go raibh a intinn ar fán. Ba chuma. Nach raibh sé ag ceann scríbe, gan a dhath déanta agus gan dada i ndán dó. Fuar, fuar. Na méara fliuch, righin, pian iontu anois agus an taise ag dul go cnámh. An fhearrthainn ina sruthanna anuas air, dá dtiocfadh leis éirí agus dul isteach sa reilig mar a raibh na crainn go dlúth, fiú isteach i dtuama na ríthe, faoiseamh a fháil tamall. Níor mhiste síothlú i gcuideachta na n-uaisle sin a bhí chomh fial lena leithéid tráth. Dá dtiocfadh siad ar ais. Dá bhfillfeadh na géanna fiáine. Aodh Mór Thír Eoghain imithe chun na Róimhe céad bliain ó shin, agus cuid dá shliocht sna sála air, Feidhlim a chuir an lasair sa bharrach, Eoghan Rua a tháinig ar ais le clann Chromail a ruaigeadh ach a d'éag go tubaisteach, sliocht Néill Fhrasaigh a bhí ina ríthe ar Éirinn, iad thall le ríthe na Spáinne agus na Fraince anois. Ach bheadh siad ar ais. Bheadh. Nárbh fhiú a bheith beo an lá sin? 

Chuala sé gleo aisteach, soilse ag teacht ina threo. Cad é seo? D'ardaigh sé a cheann. Rinne sé iarracht seasamh. Bhí neach éigin ag teacht. Carbad sí. Marcshlua Uí Néill? D'éirigh an solas níos láidre. Bhí scáilí na gcrann ag luascadh, ballaí na seaneaglaise á nochtadh, na tuamaí, leacracha na n-uaigheanna. Bhuail uafás é. An mar seo a thiocfadh an spealadóir fána choinne, le solas agus dordán trom? D'éirigh sé ina sheasamh. Níorbh ea, níorbh é seo an bás a bhí chuige. Bhí an bóthar dubh, leathan, líne bhán ina lár. Bhí sé sa saol eile, an solas ag gealú, é dallta. Scread neamhshaolta ón chruth a bhí laistiar de na soilse. Buille a leag go dtí an talamh crua é. Aghaidh ainglí ag amharc anuas air, gruaig rua, beola ramhra milse, déada geala, súile caomha, buartha, brónacha.  

Cé tusa? ar seisean. Bhí siad ina suí i gcóiste shíl sé, taobh le chéile, í siúd ar a dheis. Ach ní raibh aon chapall os a gcomhair. 

Thug sí buidéal bainne dó, agus ceapaire. Ach ba chuma leis bia nó deoch. Stán sé ar an fholt scaoilte, na beola inphógtha, na súile caoine. Bhí an teas an-láidir. An beo nó marbh atá mé? An solas seo uilig. Sa saol eile a bhí sé cinnte. Agus an ainnir seo lena thaobh, ag tathaint air roinnt bia a ithe, ag fiafraí de cá raibh a thriall, á rá leis go mbeadh uirthi imeacht léi, go raibh uirthi dul go baile an Ómáigh, go raibh sí ar a bealach as Contae na Mí, chuig oíche cheoil. Ach ba dheacair éisteacht, ba dheacair í a thuigbheáil cé gur Gaeilge a bhí á labhairt aici, bhí aistíl éigin ina canúint, níor chosúil gur as áit eile a bhí sí ach as am eile. 

Níl tusa as an tír seo? 

Tá, ar sise, is sa cheantar seo a rugadh agus a tógadh mé. Ach na héadaí atá ort, an cóiste draíochta sin, ní ligfeadh na Gaill duit. Níl na Gaill i réim i ngach áit níos mó, ar sise. Agus tá cóiste mar seo ag gach duine. Ach seo, tá mearbhall ort, tá tú fliuch báite, agus tá mé cinnte go bhfuil tú stiúgtha leis an ocras. Ól braon den bhainne, níl a dhath eile agam. Beidh bia agus deoch ar fáil sa Chrois.

An tú Helen, nó ceann de bhéithe na Gréige? 

Bhí alltacht ina súile, iontas agus scanradh. 

An bhfuil tú i gceart, ar sí. Cén mearbhall atá ort. Cad é a tháinig ort, go raibh tú leat féin cois cille oíche mar seo? 

An bhfuil tusa i gceart?, ar seisean. D'ith sé cuid den cheapaire, agus shlog bolgam mór bainne. Ar mo bhealach go dtí an Chrois a bhí mé, nuair a tháinig tuirse orm. Thit mo chodladh orm agus mé ag meabhrú ar thaibhsí na cille agus ar chás na tíre. Agus le fuacht agus ocras bhí mé cinte gur ansin a chuirfí mé faoi fhód, i gCill an Chreagáin. Agus tháinig tú chugam, a réalt gan cheo.... 

Dhruid sí siar uaidh. A haghaidh chomh geal le sneachta. 

Éirigh as, ar sise. Níl mé go maith. Éirigh as, caithfidh sé go bhfuil barraíocht ólta agat, cibé áit a fuair tú an deoch.

Tá fiabhras ort. Amharc, tabharfaidh mé chuig an otharlann tú, ach ná labhair mar sin arís.
Bhí a cheann ag dul ó thaobh go taobh, an ceapaire tite as a lámh. 
'íocshláinte an domhain a bheith ag amharc ort' ar seisean. 'A ríoghain óir'. 

Ba ar éigean a thug sé faoi deara an craitheadh agus an torann. Lasadh an bóthar amuigh os a gcomhair, agus bhí gluaiseacht allta fúthu. 

Mhothaigh sé go raibh siad ag eitilt, bhí luas chomh fiáin faoin chóiste. Luascadh agus craitheadh, aghaidh gheal na mná, ór a cuid gruaige, greim docht aici ar an roth mór dubh os comhair. Bhí sí ag caint léi féin, ag cogarnaigh. 

Chonaic sé soilse go leor, chuala gleo tobann ó chóistí a chuaigh thar bráid mar shí ghaoithe. Thit néalta codalta air ó am go ham, tinneas cinn air, mearbhall. Bhí an mhaidin ag teacht. D'aithin sé an cuan, bhí siad cois trá. Stop sí go tobann, agus d'oscail sí an cóiste. Bhí sí ag siúl go mear i dtreo an uisce nuair a tháinig néal arís air.

Bhí na focail ina rabharta ina cheann. Úrchill, ainnir, loinnir ina céibh, ór, mo ghéarghoin tinnis. 

Fear ar a bhealach go dtí an sráidbhaile a chuidigh leis éirí ina sheasamh ar maidin, fiabhras air agus casacht, ach bhí an brón imithe. Nuair a bheadh biseach air bheadh feidhm le peann agus páipéar, bhí na rannta ag teacht leis go tiubh. ...



Comentarios

  1. Má tá tú ag tabhairt aghaidh ar cholscaradh agus má theastaíonn socrú uait lasmuigh den chúirt, nó má theastaíonn uait go dtiocfadh d’iarchéile nó do bhean chéile abhaile, athróidh Dr.Sango mo thuiscint nuair a thug sé mo bhean chéile ar ais sa bhaile tar éis 10 mí ó scaradh agus anois tá cónaí orainn go sona sásta, tá feabhas tagtha ar ár staid airgeadais agus tá suaimhneas sa bhaile. Táim buíoch de Dr.Sango mar ní chreidim riamh go bhféadfadh mo bhean chéile teacht ar ais chugam ach rinne Dr.Sango é a dhéanamh indéanta. Má theastaíonn cúnamh an litritheora uait le haon fhadhbanna sa saol, ansin is é Dr.Sango an fear ceart don phost. is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis trí r-phost spellspecialistcaster937@gmail.com

    ResponderEliminar
  2. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne