An Cuinneagánach


Bhí mé ag freastal ar ócáid éigin a eagraíodh do scríbhneoirí, ag caint le daoine a raibh aithne agam orthu, ag cur aithne ar chorrdhuine eile. Tríocha bliain ó shin ar a laghad, sílim. Mar ba iondúil ag an am, agus b'fhéidir go fóill, bhí ceapairí agus sólaistí eile ar fáil go flúirseach agus cuid againn ag ithe go hamplach. Tar éis tamaill, tháinig fear isteach a raibh cóta fada báistí air, bheannaigh sé do chúpla duine ach níor fhan sé ag comhrá le duine ar bith, chuir sé ceapairí ar phláta agus chonacthas dom gur le fíorocras a d'ith sé iad, sular imigh sé leis gan fanacht le cibé cainteanna nó searmanas a bhí le tosú.

Tá mé cinnte gur aithin cuid de na daoine a bhí i láthair é, ach ba chosúil é le duine as ré eile, glúin a bhí an-ghníomhach tráth ach a bhí ag imeacht as slí na mbréag de réir a chéile. D'aithin mé é, mar dhuine a thagadh ar cuairt chuig m'athair ó am go ham, agus a gcuirfeadh m'athair suas lena chuid cainte gan argóint leis. Dhéanadh sé a lán cainte faoin ngá a bhí ag Éirinn le harm mór, leis na Sasanaigh a ruaigeadh as na Sé Chontae, agus thugadh sé cóipeanna dúinn de pháipéar a raibh sé ina eagarthóir air. Nuair a bhí cónaí orainn sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath bhíodh sé i dteagmháil le m'athair go minic. Is cuimhin liom uair a d'fhreagair m'athair an fón le 'Heileo?' Bhí comhrá beag ann i mBéarla go dtí gur aithin m'athair cé a bhí ann. 'Cén fáth go bhfuil muid ag labhairt Béarla?' ar seisean le hiontas. 'Mar gur labhair tusa Béarla liomsa,' an freagra a fuair sé. 'Conas a labhair mé Béarla?' 'Dúirt tú heileo.' 'Ach deirtear é sin i ngach teanga....' 'Ní deirtear, sin Béarla.'
'B'shin Gearóid Ó Cuinneagáin,' arsa m'athair nuair a bhí an glaoch thart, é ag déanamh iontas de gur labhair an Gaeilgeoir cáiliúil díograiseach sin Béarla leis mar gheall ar fhocal amháin.

Chuaigh mé le mo mhuintir chuig geamaireacht thart fán bhliain chéanna (1964/5), sílim gur Eoghan Ó Tuairisc a scríobh é. I measc na radharcanna bhí baill den Chraobh Rua, agus bean a raibh na deora ag sileadh léi go fras: 'Seo í Deirdre', arsa aisteoir. 'Cén fáth go bhfuil tú ag gol agus ag caoineadh de shíor?' ars fear léi.
'Mar nach ligean Gearóid Ó Cuinneagáin amach mé ach uair sa ráithe,' ar sise ag pusaíl.


B'éasca don leanbh a chonaic eagráin den iris Deirdre sa teach an tagairt a thuiscint. Bhí ráitheachán 'do mhná' á fhoilsiú ag an Cuinneagánach ag an am, iris bheag ar pháipéar snasta. Ní cuimhin liom aon chuid den ábhar a bhí ann, agus ní fheicim aon sampla ar an idirlíon ach oiread, níl fiú grianghraf den chlúdach ar fáil, ach cheana féin bhí mé craos léitheoireachta orm  agus léinn aon iris nó páipéar a raibh fáil air sa bhaile, sa leabharlann agus ar scoil. Mura raibh an t-ábhar in Deirdre spéisiúil dom shíl mé go raibh smaointe spreagúla aislingeacha san Iris Aiseirghe a bhíodh sa teach chomh maith, cé gur aithin mé tar éis tamaill gur athrá is mó a bhí ann agus go raibh go leor de beag beann ar eachtraí na staire nó ar fhíricí an tsaoil. Mhair an iris sin ar aghaidh go dtí an bhliain 1975 nó mar sin, ach nuair a chuaigh m'athair ag obair i dTír Chonaill sa bhliain 1970 ní raibh Aiseirghe ag teacht chugainn sa phost níos mó.

Bhain an chéad aithne ar Ghearóid Ó Cuinneagáin leis an dá bhliain a chaith muid i gContae Átha Cliath, m'athair ag obair mar phleanálaí le Bardas Dhún Laoghaire agus an chuid ba shine den chlann ag freastal ar Scoil Lorcáin. Samhlaím an iris Deirdre leis an tréimhse sin mar gheall ar an tagairt a rinneadh di san amharclann, agus ba i mblianta deireanacha na 1960í a bhíodh Aiseirghe agus foilseacháin eile dá leithéid á léamh agam de réir mar a d'fheabhsaigh mo chuid Béarla agus mo chumas léitheoireachta i gcoitinne. Bhíodh páipéir agus irisí eile sa teach fosta ar ndóigh, Inniu, an tÉireannach Aontaithe, Amárach, Agus, an Irish Times nuair a bhíodh alt i nGaeilge ann, Scéala Éireann. Ní raibh mórán ábhair i nGaeilge in Aiseirghe ná sna paimphléid, ní cuimhin liom ach tagairtí don tSeapáin mar mháistreás ar an Aigéan Ciúin, sampla ba cheart d'Éirinn a leanúint, dar leis an eagarthóir, ach ar ndóigh faoin am go raibh mise á léamh bhí an mháistreacht sin caillte le fiche bliain ag an tSeapáin agus naimhde úra ag tabhairt faoina chéile ar na haigéin. Ba chosúil gur shíl an Cuinneagánach go bhféadfadh Éire arm ceathrú milliún fear a earcú le hionsaí a dhéanamh ar an teorainn agus rialtas láidir Críostaí a bhunú faoi aon cheannaire amháin a thabharfadh treoir don domhan agus a shábhálfadh muid ó naimhde na tíre agus an chreidimh.

Rian eile den tionchar a bhí ag Ó Cuinneagáin ar m'athair ba ea na leabhair agus na bileoga a thagadh go rialta ó Ambasáid na Portaingéile. 'Dr Salazar says...' an teideal a bhí ar chuid acu, agus bhí bolscaireacht faoi ionradh na hIndia ar Goa, cóilíneacht Phortaingéileach ('The Invasion and Occupation of Goa in the world press' srl), ag teacht chugainn de shíor. Is beag eolais a bhí ag Éireannaigh ar an Phortaingéil ná ar a deachtóir lasmuigh d'eagraíocht Uí Chuinneagáin, sílim. Luann daoine a bhí ina mbaill den eagraíocht, Ailtirí na hAiseirghe, go bhfuair siad ionsparáid ó thréidlitreacha an Phápa, agus ó dheachtóir na Portaingéile, lena gclár polaitiúil a chur chun cinn. Luann iarbhaill den eagraíocht Salazar sa chlár teilifíse a rinne Kairos sa bhliain 2003. Dúirt m'athair gur iarr sé ar an Ambasáid gan na leabhair agus na paimphléidí a chur chuige níos mó, mar nach raibh aon spéis aige iontu, ach níor tugadh aon aird air. Luaigh sé gur spreagadh é féin agus daoine óga eile nuair a bhunaigh an Cuinneagánach Craobh na hAiseirghe de Chonradh na Gaeilge agus é sna déaga, gur chaith sé cúpla bliain san eagraíocht agus go raibh sé lán de dhóchas agus d'fhonn oibre, go raibh daoine maithe ann a bhunaigh Glún na Bua, an páipéar Inniu agus tionscadail eile, ach gur theastaigh ó Ghearóid Ó Cuinneagáin páirtí polaitiúil a dhéanamh as agus a bheith ina dheachtóir ar Éirinn. Tá agallaimh le cuid de bhaill na heagraíochta agus cuntas cuimsitheach ar shaol agus ar ghníomhartha Ghearóid ar fáil ar an scannán seo ar Youtube, agus is beag is féidir liomsa a chur leis.

https://www.youtube.com/watch?v=xX8IfFap-5M




Ar an drochuair níor leor do Ghearóid tír agus teang a chur chun cinn. D'fhoilsigh sé ailt inar ionsaíodh na Giúdaigh. Is dócha go raibh leithscéal ag na daoine óga a thacaigh leis sna blianta luatha, an chéad ghlúin a rugadh agus a tógadh sa Saorstát, a n-intinn óg líonta ag shíolteagasc na hEaglaise agus na bpolaiteoirí a tháinig i gceannas ar an stát nua, iad mífhoighneach mar nach raibh mórán á dhéanamh leis na 'haidhmeanna náisiúnta', athréimniú na teanga agus aothaontú na tíre, a bhaint amach, gan trácht ar dheireadh a chur leis an imirce agus tionscail agus talmhaíocht na tíre a fhorbairt. Bhí tionchar thréidlitreacha áirithe de chuid an Phápa ar mholtaí na heagraíochta, ach ba léir nár chloch mhór ar phaidrín na nAiltirí an daonlathas:





Fuair na hAiltirí tacaíocht ó Theachta Dála nach raibh cáil na Gaeilge ná na náisiúnachta riamh air, Oliver J. Flanagan a toghadh don 'Monetary Reform Party' in 1943 ach a chuaigh sé le Fine Gael ina dhiaidh sin. Thugadh Flanagan foirmeacha le haghaidh ceisteanna Dála do na hAiltirí lena rogha ceisteanna a chur orthu, agus d'éilíodh sé freagraí ar na ceisteanna sin sa Dáil ar a son. I measc rudaí eile rinne Aiséirghe iarracht ainm Sráid Talbot i mBaile Átha Cliath a athrú go Sráid Seán Treacy i gcuimhne ar an trodaire saoirse as Tiobraid Árann agus bhíodh léirsithe éagsúla eile acu ar mhaithe le haird a tharraingt orthu féin, 'ionradh' thar teorainn ina measc. Deirtear gurb é Ailtirí na hAiséirghe an grúpa faisisteach ba thábhachtaí a tháinig chun cinn in Éirinn de na páirtithe beaga éagsúla a rinne iarracht an ciníochas a úsáid mar mheán chun cumhachta:

https://www.tandfonline.com/doi/abs/10.1080/21567689.2012.675708?journalCode=ftmp21

 Téid Focal le Gaoith an mana a bhí ar na bratacha agus iad ag léirsiú agus d'úsáid Proinsias Mac an Bheatha, bunaitheoir Ghlún na Bua agus Inniu, an mana céanna mar theideal ar a leabhar beathaisnéise.

D'úsáid sé an dara leath den seanfhocal mar theideal ar leabhar eile dá chuid:


Bhíodh Vokswagen ag m'athair sna 1960í agus chuaigh muid go Ciarraí bliain amháin agus 'iomparán' ar an díon aige. Scríobh sé "Múscail do Mhisneach a Bhanba" ar an iomparán don turas chun na Gaeltachta. Ba chuid den tionchar a bhí ag an Chuinneagánach sílim an meas a bhí ag a lán daoine ar theicneolaíocht na Gearmáine. Blianta ina dhiaidh sin dúirt sé liom gurb é allmhairiú na gcófraí dín sin don Volkwagen 'an t-aon rud a d'éirigh le Gearóid Ó Cuinneagáin a dhéanamh i gceart". Scar daoine iad féin ón fhear agus óna fheachtaisí, agus mar is léir ón scannán thuasluaite ní raibh siad sásta cur suas lena fhonn deachtóireachta.


Mar sin féin, is léir go raibh an-tionchar aige ar mhórán daoine a tháinig in innmhe i mblianta lár an chéid seo caite, gur spreag sé cuid de na gníomhairí ba dhúthrachtaí i ngluaiseacht na Gaeilge, fiú mura raibh raibh ar a chuid fiontar féin. Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil an tonn faisisteach ag filleadh agus tá ómós áirithe á léiriú ar Ailtirí na hAiséirghe agus ar a mbunaitheoir ag dreamanna nua frithdhaonlathacha:

Ar Twitter tá https://twitter.com/Alcesterome

agus

https://twitter.com/AnA_RBX

agus tá leagan faisisteach den Vicipéid ann ina dtugar ómós don pháirtí chomh maith.

Fágfaidh mé mar sin é. Tá neart eolais ar an idirlíon agus leabhair nó dhó ar fáil chomh maith dóibh siú ar spéis leo an t-ábhar seo

http://leannteangaanreiviu.com/content/sampla%C3%AD-den-fhrith-sheim%C3%ADteachas-iris%C3%AD-éireannacha-gaelacha-sa-chéad-leath-den-20ú-haois

https://www.historyireland.com/20th-century-contemporary-history/ailtiri-na-haiseirghe-irelands-fascist-new-order/

http://leannteangaanreiviu.com/content/sampla%C3%AD-den-fhrith...-iris%C3%AD-éireannacha-gaelacha-sa-chéad-leath-den-20ú-haois


Comentarios

  1. Hey, tá an oiread sin sceitimíní orm go bhfuil mo Phósadh briste curtha ar ais & go bhfuil m’fhear ar ais tar éis dó mé féin agus ár 2 pháiste a fhágáil do bhean eile. Tar éis 8 mbliana pósta, bhí mé féin agus m’fhear i gcairéal amháin nó an ceann eile go dtí gur fhág sé mé faoi dheireadh agus bhog mé go California le bheith le bean eile. bhraith mé go raibh mo shaol thart agus shíl mo pháistí nach bhfeicfidís a n-athair go deo arís. Rinne mé iarracht a bheith láidir díreach do na páistí ach ní raibh mé in ann na pianta a chuireann crá mo chroí a rialú, bhí mo chroí líonta le brón agus pianta mar bhí mé i ndáiríre i ngrá le m’fhear céile. Gach lá agus oíche smaoiním air agus ba mhaith liom i gcónaí go dtiocfadh sé ar ais chugam, bhí an-imní orm agus bhí cúnamh ag teastáil uaim, mar sin chuardaigh mé cabhair ar líne agus tháinig mé ar shuíomh Gréasáin a mhol gur féidir leis an Dr Mohammed cabhrú le hiar-ais go tapa. . Mar sin, bhraith mé gur chóir dom triail a bhaint as. Rinne mé teagmháil leis agus d’inis sé dom cad ba cheart a dhéanamh agus rinne mé é ansin rinne sé (Geasa grá) dom. 28 uair an chloig ina dhiaidh sin, ghlaoigh m’fhear orm i ndáiríre agus dúirt sé liom go bhfuil sé chomh mór sin uaim agus na páistí, So Amazing !! Mar sin a tháinig sé ar ais an lá céanna, le go leor grá agus áthas, agus ghabh sé a leithscéal as a dhearmad, agus as an bpian a chuir sé orm féin agus ar na páistí. Ansin ón lá sin, bhí ár bPósadh níos láidre anois ná mar a bhí sé roimhe seo, Gach buíochas leis an Dr Mohammed. tá sé chomh cumhachtach agus shocraigh mé mo scéal a roinnt ar an idirlíon go ndéanfaidh an Dr Mohammed caster litrithe fíorchumhachtach a ghuífidh mé air i gcónaí maireachtáil i bhfad chun cabhrú lena leanaí in am na dtrioblóidí, má tá tú anseo agus do Ex ar ais uait nó bhog d’fhear céile chuig bean eile, ná bí ag caoineadh níos mó, déan teagmháil leis an caster litrithe cumhachtach seo anois. Seo a theagmháil: Seol ríomhphost chuig: monicaspiritualtemple@gmail.com, is féidir leat glaoch air freisin nó é a chur ar Whats-app: +2348134493948

    ResponderEliminar
  2. Hey, tá an oiread sin sceitimíní orm go bhfuil mo Phósadh briste curtha ar ais & go bhfuil m’fhear ar ais tar éis dó mé féin agus ár 2 pháiste a fhágáil do bhean eile. Tar éis 8 mbliana pósta, bhí mé féin agus m’fhear i gcairéal amháin nó an ceann eile go dtí gur fhág sé mé faoi dheireadh agus bhog mé go California le bheith le bean eile. bhraith mé go raibh mo shaol thart agus shíl mo pháistí nach bhfeicfidís a n-athair go deo arís. Rinne mé iarracht a bheith láidir díreach do na páistí ach ní raibh mé in ann na pianta a chuireann crá mo chroí a rialú, bhí mo chroí líonta le brón agus pianta mar bhí mé i ndáiríre i ngrá le m’fhear céile. Gach lá agus oíche smaoiním air agus ba mhaith liom i gcónaí go dtiocfadh sé ar ais chugam, bhí an-imní orm agus bhí cúnamh ag teastáil uaim, mar sin chuardaigh mé cabhair ar líne agus tháinig mé ar shuíomh Gréasáin a mhol gur féidir leis an Dr Mohammed cabhrú le hiar-ais go tapa. . Mar sin, bhraith mé gur chóir dom triail a bhaint as. Rinne mé teagmháil leis agus d’inis sé dom cad ba cheart a dhéanamh agus rinne mé é ansin rinne sé (Geasa grá) dom. 28 uair an chloig ina dhiaidh sin, ghlaoigh m’fhear orm i ndáiríre agus dúirt sé liom go bhfuil sé chomh mór sin uaim agus na páistí, So Amazing !! Mar sin a tháinig sé ar ais an lá céanna, le go leor grá agus áthas, agus ghabh sé a leithscéal as a dhearmad, agus as an bpian a chuir sé orm féin agus ar na páistí. Ansin ón lá sin, bhí ár bPósadh níos láidre anois ná mar a bhí sé roimhe seo, Gach buíochas leis an Dr Mohammed. tá sé chomh cumhachtach agus shocraigh mé mo scéal a roinnt ar an idirlíon go ndéanfaidh an Dr Mohammed caster litrithe fíorchumhachtach a ghuífidh mé air i gcónaí maireachtáil i bhfad chun cabhrú lena leanaí in am na dtrioblóidí, má tá tú anseo agus do Ex ar ais uait nó bhog d’fhear céile chuig bean eile, ná bí ag caoineadh níos mó, déan teagmháil leis an caster litrithe cumhachtach seo anois. Seo a theagmháil: Seol ríomhphost chuig: monicaspiritualtemple@gmail.com, is féidir leat glaoch air freisin nó é a chur ar Whats-app: +2348134493948

    ResponderEliminar
  3. Hello Ladies and Gentlemen. Is é mo ainm Susan Benson, is iasachtóir mé agus is comhairleoir airgeadais mé freisin. Má theastaíonn cúnamh airgeadais uait, is mise an duine ceart chun teagmháil a dhéanamh, tugaim comhairle airgeadais freisin. Is é mo Thosaíocht is mó ná do chobhsaíocht airgeadais, bíodh leisce ort teachtaireacht a chur chugam agus beidh mé ag do sheirbhís.

    Má theastaíonn athneartú airgeadais uait go práinneach, molfaidh mé duit teagmháil a dhéanamh le mo chuideachta. Soláthraímid gach cineál seirbhísí iasachta iasachtaí urraithe agus neamhurraithe, iasachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha srl. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí R-phost: sunshinefinancialgroupinc@gmail.com nó Teachtaireacht a chur chugam go díreach ar WhatsApp trí: +447903159998 & Faigh Freagra Ar an toirt.

    Is cuideachta chuimsitheach seirbhíse airgeadais muid agus táimid tiomanta cabhrú leat do spriocanna airgeadais fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a fheabhsú.

    Gnéithe & Sochar;
    ✓ Is féidir leat Iarratas a dhéanamh ar iasacht ag am ar bith, áit ar bith.
    ✓ Féadfaidh tú suas le 20 Milliún Euro a fháil ar iasacht.
    ✓ Faigh d’iasacht laistigh de 24 uair an chloig.
    ✓ Ráta úis suntasach de 3.0%.
    ✓ Faigheann tú an seans an dáta aisíocaíochta a roghnú, go seachtainiúil, go míosúil nó go bliantúil ar feadh tréimhse 1-30 bliana.
    ✓ Feidhmchlár simplí ar líne.
    ✓ Treoir agus saineolas pearsantaithe.
    √ Comhairle Airgeadais.

    Agus; Má bhí sé chomh deacair ort iasacht a fháil ó do bhainc áitiúla nó ó institiúidí airgeadais eile, mar gheall ar roinnt cúiseanna is fearr a bhfuil aithne agat orthu, ach scríobh chugainn cabhróimid leat le hiasacht. Chabhraíomar le go leor daoine agus eagraíochtaí a raibh deacrachtaí airgeadais acu ar fud an domhain. Nuair a dhéanann tú iarratas linn, bíonn tú ag déanamh iarratais le cuideachta iontaofa a thugann aire do do riachtanais mhaoinithe. Tabharfar aire duit tríd an bpróiseas iomlán.

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoinár dtairiscint iasachta, seol d’iarratas ar iasacht chugainn trí: R-phost: sunshinefinancialgroupinc@gmail.com NÓ;
    WhatsApp: +447903159998

    Maidir le hiasachtaí airgid agus comhairle airgeadais, is muid an chuideachta is fearr chun teagmháil a dhéanamh léi anois. Ná déan dearmad neamhaird a dhéanamh orainn, déan teagmháil linn anois chun tosú

    ResponderEliminar
  4. Dia duit agus Fáilte chuig Spotlight Global Financial Services, Claudia Klein is ainm dom, is iasachtóir mé agus is comhairleoir airgeadais mé freisin.

    An bhfuil géarghá agat le hathneartú airgeadais? An bhfuil iasacht uait chun críocha éagsúla? más é do fhreagra, molfaidh mé duit teagmháil a dhéanamh le mo ghnólacht trí | spotlightglobalservices@gmail.com | nó cuir teachtaireacht chugainn ar WhatsApp: +4915758108767 | agus iasacht a bheith agat i do chuntas laistigh de 24 uair an chloig toisc go soláthraímid Seirbhísí Iasachta den scoth ar fud an domhain.

    Cuirimid gach cineál seirbhísí iasachta ar fáil (Iasacht Phearsanta, Iasacht Ghnó agus go leor eile), cuirimid iasachtaí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha ar fáil agus freisin is féidir leat suas le 15 milliún euro a fháil ar iasacht. Cuideoidh mo chuideachta leat cuspóirí éagsúla a bhaint amach le raon leathan táirgí iasachta.

    Tá a fhios againn gur fadhb mhór i gcónaí í iasacht dlisteanach a fháil Do dhaoine aonair a bhfuil fadhb airgeadais acu agus a dteastaíonn réiteach uirthi, tá sé chomh deacair ar a lán daoine iasacht chothromais a fháil óna mbainc áitiúla nó ó institiúidí airgeadais eile mar gheall ar ús ard ráta, comhthaobhacht neamhleor, cóimheas fiachais-ioncaim, scór creidmheasa íseal nó aon chúiseanna eile.

    Gan níos mó uaireanta feithimh ná cuairteanna struis bainc. Tá ár seirbhís ar fáil 24/7 - is féidir leat iasacht a fháil agus d’idirbhearta a chríochnú aon uair agus cibé áit a dteastaíonn sé uait.

    Soláthraímid seirbhísí iasachta den scoth 24 uair an chloig. Le haghaidh Fiosrúcháin / Ceisteanna? - Seol Ríomhphost chuig | spotlightglobalservices@gmail.com | nó cuir teachtaireacht chugainn ar WhatsApp: +4915758108767 | & faigh freagra ar an toirt

    Is féidir leat sinn a sheiceáil go héasca ar ár suíomh Gréasáin trí: https://spotlightglobalfin.wixsite.com/financial

    Ní gá go mbeadh a fhios ag do Theaghlach, Cairde & Comhghleacaithe go bhfuil tú Íseal ar Airgead Tirim, Níl ort ach scríobh chugainn agus gheobhaidh tú iasacht.

    Tá do shaoirse airgeadais i do lámha!

    ResponderEliminar
  5. Dia duit, An bhfuil cúnamh airgeadais de dhíth ort? Is mise Susan Benson. Is iasachtóir mé agus comhairleoir airgeadais freisin.

    An bhfuil iasacht ghnó, iasacht phearsanta, iasacht mhorgáiste nó iasacht uait chun do thionscadal a chur i gcrích? más é do fhreagra, molfaidh mé duit teagmháil a dhéanamh le mo ghnólacht. Déanaimid gach cineál seirbhísí iasachta lena n-áirítear iasachtaí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, scríobh chugainn trí R-phost: (sunshinefinancialgroupinc@gmail.com) nó Teachtaireacht chugam go díreach ar WhatsApp trí: +447903159998 & faigh freagra ar an toirt.

    Is cuideachta seirbhíse airgeadais cuimsitheach muid agus táimid tiomanta cabhrú leat do mhianta go léir a chomhlíonadh. Speisialtóireacht againn i réitigh airgeadais struchtúrtha a sholáthar do dhaoine aonair agus do chuideachtaí ar an mbealach is éifeachtaí agus is gasta.

    Seo roinnt cúiseanna ar chóir duit teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh iasachta;
    * Áisiúlacht - Is féidir leat Iarratas a dhéanamh ar iasacht ag am ar bith, áit ar bith.
    * Méid Solúbtha - Socraíonn tú an méid is mian leat a fháil ar iasacht.
    * Maoiniú Díreach Díreach - Faigh d’iasacht laistigh de 24 uair an chloig tar éis do cheadú.
    * Ráta úis solúbtha 3%.
    * Rátaí Faofa Ard
    * Aisíocaíocht Solúbtha - Faigheann Tú an Seans an Dáta Aisíocaíochta a roghnú, go seachtainiúil, go míosúil nó go bliantúil ar feadh tréimhse 1-30 bliana.
    * Feidhmchlár simplí ar líne.
    * Treoir agus saineolas pearsantaithe.
    * Gan aon mhuirir i bhfolach

    Ná caill an deis mar gheall ar easpa airgid. Déan teagmháil le mo chuideachta anois, is féidir linn cabhrú leat le hiasacht mar chuidíomar le go leor daoine agus eagraíochtaí a raibh deacrachtaí airgeadais acu ar fud an domhain

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoinár dtairiscint iasachta, seol d’iarratas ar iasacht chugainn trí:
    Ríomhphost: sunshinefinancialgroupinc@gmail.com
    WhatsApp: +447903159998

    Tá fáilte roimh Idirghabhálaithe / Sainchomhairleoirí / Bróicéirí a gcliaint a thabhairt leo agus tá siad cosanta 100%. Le muinín iomlán, oibreoimid le chéile chun leasa na bpáirtithe uile atá bainteach leis.

    ResponderEliminar
  6. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ResponderEliminar
  7. DR WALE CABHRÚ DAOINE IN AON CHINEÁL SHAINCHEISTEANNA CAIDREAMH AGUS UIMHREACHA CHRANNCHUR
    Is cás an-chrua é agus mé ag imirt an chrannchuir agus níor bhuaigh mé riamh, nó coinnigh mé ag buachan ciste íseal ní suas le 100 buicéad, bhí mé thíos le saol chomh dian, ba é an ciste is mó a bhuaigh mé riamh ná 100 buicéad, agus tá ag imirt crannchuir le beagnach 12 bliain anois, athraíonn rudaí go tobann an nóiméad a tháinig mé trasna ar rún ar líne, fianaise ar caster litrithe ar a dtugtar DR WALE, a chuidíonn le daoine in aon chineál uimhreacha crannchuir, agus iad ag dul ar líne chonaic go leor maith faoi DR WALE. anois is buaiteoir crannchuir bródúil mé le cabhair ó DR WALE, bhuaigh mé $1,000.0000.00 agus táim á chur in iúl do gach duine amuigh ansin a bhí ag iarraidh an crannchur a bhuachan ar feadh an lae, creidim gurb é seo an t-aon bhealach le buachan an crannchur. Dea-scéal eile anseo ná go gcabhraíonn an DR WALE le cara liom a fear a d’fhág í mar bhean eile a thabhairt ar ais. anois go bhfuil mo chara ina gcónaí sásta lena fear céile. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le DR WALE via: WhatsApp/Viber +2347054019402 NÓ Ríomhphost: drwalespellhome@gmail.com

    Is féidir le DR WALE cabhrú leat freisin chun na fadhbanna seo a réiteach

    (1) Iar-leannán a thabhairt ar ais.
    (2) leigheas luibhe & leighis Spioradálta.
    (3) Ba mhaith leat ardú céime i d'oifig.
    (4) seal toirchis.
    (5)Buaigh cás cúirte.

    ResponderEliminar
  8. Táim anseo chun an gearrscéal seo atá agam a roinnt. Baineann sé leis an gcuideachta agus na hairíonna a d'fhág m'athair ina dhiaidh sula bhfuair sé bás. Toisc nach raibh mórán eolais agam faoina ghnó, bhí cuid dá chomhpháirtithe ag beartú mé a chiceáil amach as na maoine. Bhí mearbhall orm faoi gach rud. thosaigh rudaí ag dul amú. Níl a fhios agam cé chuige a gcloisim. Tugadh an cheist chun na cúirte ach tá an chuma ar an scéal go raibh sé ag dul i bhfabhar mo fhealltóra. dúirt an fealltóir liom nach mbeidh aon rud le rá agam go deo go gcuirfidh sé faoi ghlas mé. Chuir sé seo go léir orm dul i ndúlagar. Bhí mé ag dul amú i ngach réimse. ach seo é an casadh timpeall ar gach rud. lá amháin bhí mé ag léamh ar an idirlíon agus sin mar a rith mé isteach sa leathanach DR WALE. Ar a leathanach chonaic mé go leor dea-scéala agus teistiméireachtaí mar gheall air, an chaoi ar chabhraigh sé le go leor daoine cás cúirte a bhuachan agus go leor rudaí maithe eile a dhéanamh do dhaoine. Mar sin rinne mé teagmháil leis agus mhínigh mé gach mionsonra faoi mo chás dó as sin amach. Dúirt an DR WALE liom nach bhfuil aon rud eagla orm faoi, d'inis sé dom rudaí le déanamh agus rudaí a bhí orm a íoc agus rinne mé íocaíocht as gach rud agus lean mé na treoracha. Agus seo á chlóscríobh agam anois tá an mhaoin agus an chuideachta ar fad tugtha ar ais dom ag an gcúirt. Níl a fhios agam conas a rinne DR WALE a miracle agus a draíocht. Tá smacht iomlán agam ar gach rud anois. Míle buíochas le DR WALE. Táim fíor bhuíoch díot. Is féidir leat DR WALE a bhaint amach ar a WhatsApp/Viber/Telegram: +2347054019402 nó Ríomhphost: drwalespellhome@gmail.com

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne