Rocío agus Iván, scéal grá

Níl an tIdirlíon cinnte cár rugadh Rocío, sa Spáinn nó i gCúba, ach is iníon í le fear gnó Cúbach a bhí ina bhainisteoir ginearálta ar KFC na Spáinne tar éis do a thír dhúchais a fhágáil. Dar leis an nuachtán El Español rugadh í i Madrid i mí Mheithimh 1974, ach bhí a sinsir ina dtiarnaí talún i gCúba fadó.
[https://www.elespanol.com/reportajes/20190616/enigma-rocio-monasterio-latifundista-vox-sonrisa-impasible/404709657_0.html].

 Bhí comhlacht siúcra ag a seanmhuintir i ndeisceart Chúba, an Compañía Azucarera Atlántica del Golfo, le longa, traenacha agus a stáisiún leictreachais féin, agus bhí siad an-mhór leis príomhpholaiteoirí na tíre, an Deachtóir Fulgencío Bautista in measc, agus bhí sealúchas acu sna Stáit Aontaithe chomh maith, go háirithe i Nua Eabhroc.

Nuair a ghlac lucht na réabhlóide seilbh ar thalamh na dtiarnaí chuaigh teaghlach Monasterio go Meiriceá ar feadh tamaill agus as sin tháinig an t-athair chun na Spáinne mar bhainisteoir ar an gcéad bhialann de chuid Kentucky Fried Chicken sa bhliain 1972. 
 Rinne sí staidéar ar an ailtireacht. Cuireadh an bhean óg chuig cúig scoil éagsúla i Madrid, cuid acu a bhí faoi stiúir Opus Dei. Lean sé lena cuid oideachais san Universidad Politécnica de Madrid mar a ndearna sí cúrsa san Ailtireacht. Bhunaigh sí comhlacht ailtireachta sa bhliain 2000 cé ná ghnóthaigh sí a cáilíocht go dtí an bhliain 2009. Thosaigh sí ag obair mar ailtire sular bhain sí a cáilíocht amach, agus chuir a hainm le teastais athnuachana a bhfuil conspóid fúthu anois - shínigh sí teastais ar son oibreacha deisiúcháin agus athchóirithe ar árasáin nuair nach raibh an cháilíocht aici.

Phós sí Iván, 'forbróir eastáit réadaigh' sa bhliain 2001 agus tá ceathrar clainne acu.

Is féidir a rá go bhfuil an cúlra céanna beagnach ag Iván, nó Iván Espinosa de los Monteros y de Simón, lena ainm iomlán a thabhairt dó. Is mac é Iván le Carlos Espinosa de los Monteros y Bernaldo de Quirí, fear gnó, an ceathrú marcas de Valtierra. Tiarnaí talún, saighdiúirí agus taighdeoirí a bhí sa teaghlach seo. Tá cáilíochtaí gnó agus eacnamaíochta ag Iván agus MBA as na Stáit Aontaithe. Deirtear go bhfuil sé líofa i Spáinnis, Cataláinis, Béarla agus Fraincis. Rinne sé roinnt oibre teilifíse agus chuaigh i mbun gnó mar fhorbróir eastáit réalaigh le Rocío. Tá go leor tuairiscí sna páipéir thraidisiúnta agus dhigiteacha ina léirítear go ndearna an lánún obair mhídhleachach, gur cheannaigh siad láithreacha tionsclaíocha mar a raibh garáiste deisiúchán carranna sa bhliain 2004 lena bhforbairt mar árasáin nó 'lofts'. Nó chuir siad i gcéill gur leo féin an láthair agus go raibh cead pleanála faighte acu chun árasáin a thógáil. Fuair na ceannaitheoir amach níos déanaí, tar éis dóibh leathmhilliún euro an duine a íoc as na harasáin, nár leis an lánún an láthair agus gurbh iad féin a bhí freagrach as an obair thógála, obair nach raibh ceadaithe riamh ag údaráis na cathrach. Tá an cás seo, agus cás eile ina bhfuil ocht n-árasán i gceist, á fhiosrú ag bardas Madrid faoi láthair.


https://www.elindependiente.com/politica/2019/10/26/espinosa-monasterio-tres-lofts-licencia-habitabilidad-millones/

https://elpais.com/ccaa/2019/10/25/madrid/1572024067_843838.html


Bhí cónaí ar Rocío agus Iván i dtithe éagsúla, agus é de nós acu na foirgnimh a 'fheabhsú' agus a dhíol. Faoi láthair tá cónaí orthu i dteach mór ceithre stór (545 méadar cearnach) i Chamartín, a mhéadaigh siad gan chead na n-údarás.

https://elpais.com/ccaa/2019/10/08/madrid/1570521287_969266.html

Is iomaí gearán atá déanta ag daoine a cheannaigh tithe agus árasáin ó Rocío agus Iván. Ba mhór an t-údar bróid do chuid acu áras inar chónaigh na daoine uaisle seo a cheannach uathu, ach chomh maith le cuid mhaith den obair fheabhsúcháin a bheith mídhleathach, ní raibh sí sásúil ach oiread ó thaobh caighdeáin.

Nuair a thosaigh iriseoirí ag cur ceisteanna faoi 'obair' na beirte seo dúradh gur bhain sé seo lena saol pearsanta. Ach is ionadaithe poiblí iad beirt, agus urlabhraithe láidre ar son an chreidimh agus na 'measúlachta'. Fógraíonn siad a ndílseacht do chreideamh agus do stair na Spáinne agus labhraíonn siad amach in aghaidh na hinimirce agus an aindiachais. Is gráin leo an pósadh hómaghnéasach agus an ginmhilleadh agus aon ionsaí a dhéantar ar lucht rachmais. Is ea. Is baill shinsearacha iad beirt den pháirtí polaitiúil nua Vox, a bhunaigh an Bascach Santiago Abascal tamall beag de bhlianta ó shin, nuair nach raibh an seanpháirtí coimeádach, an Partido Popular, sách maith dó, sách dílis do thraidisiúin Franco....

Mar Chríostaí maith ní maith le Rocío leanaí ó Afraic a fheiceáil ag teacht isteach sa Spáinn. Chuaigh sí féin agus roinnt dá comrádaithe i mbun agóidíochta lasmuigh d'ionad a thugann aire do theifigh óga i Sevilla, á rá gur baol don chomharsanacht na leanaí seo a bheith sa tír. Níorbh fhada gur caitheadh granád isteach sa bhfoirgneamh (níor phléasc sé). Tá fiosrú ar bun agus is féidir go gcuirfear 'coir fuatha' ina leith.


Is iad seo na daoine uaisle, Críostaí, measúla atá ag teacht chun cinn arís sa Spáinn sa lá atá inniu ann.

https://www.eldiario.es/andalucia/sevilla/Fiscalia-Sevilla-investigacion-Rocio-Monasterio_0_963803728.html

https://elpais.com/politica/2019/11/19/actualidad/1574155498_815848.html


Comentarios

  1. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne