Fadó fadó bhí orm aonad faoi litríocht Bhéarla na hÉireann a dhéanamh mar chuid den chúrsa sa Léann Éireannach i gCúil Raithin, leis an ollamh Warner. Bhí orm leabhair le Somerville and Ross, Maria Edgeworth, George Moore, Williamh Carlton agus daoine eile a léamh. Ach níor chuir mé spéis dá laghad in The Real Charlotte, Castle Rackrent, Denis O'Shaughnessy Going to Maynooth, ná i mórán de na leabhair eile a luaigh an t-ollamh ina chuid léachtanna. Ba leor na nótaí léachta do chuid mhaith de na mic léinn, ach bhí ormsa na leabhair a léamh dom féin. Is cinnte go raibh tionchar ag dearcadh mo thuismitheoirí ar mo chuid léitheoireachta. Ní raibh aon mheas acu ar an Angla-Éireannachas. Ach mar gur tógadh mé le Gaeilge sa Ghaeltacht agus san IarGhaeltacht, bhí an cultúr a léiríodh sna leabhair a cuireadh faoinár mbráid aduain, aisteach, coimhthíoch, agus thar aon rud eile, bhí litríocht an naoú haois déag fíor-leadránach. Ba é leabhar Joyce, A Portrait of the Artist as a Young Man,
Bhí mé ag amharc ar chúpla muince i siopa seodóra i gcathair bhréagach Carcasonne. Phioc bean an tsiopa ceann de na muincí agus chuir sí uirthi é, le meangadh. Cheannaigh mé an ceann sin. Ar mo bhealach amach a tuigeadh dom chomh hálainn is a bhí sí leis an meangadh sin. 'Nár bhreá liom cuireadh chun dinnéir a thabhairt di .... ' ach bhí mé amuigh ar an tsráid fholamh faoin am sin agus ní bheadh sé de dhánaíocht agam filleadh. Mí Mhárta a bhí ann, Lá Fhéile Pádraig go deimhin. Bhí na sráideanna ciúin, gan aon turasóirí sa seanchathair, na bialanna folamh. Faoi dheireadh chuaigh mé isteach i gceann acu agus d'ith mo dhinnéar liom féin go haonarach, mé ag smaoineamh ar cad a tharlódh dá gcasfainn ar mo sháil agus cuireadh chun dinnéir a thabhairt don seodóir mná. Cinnte dhiúltódh sí, ach mura ndiúltódh? Má bhí fear aici, nach bhféadfainn cuireadh a thabhairt dó siúd fosta agus bheadh cuideachta agus comhrá agam seachas a bheith ag ithe liom féin. Léim cat mór dubh
Tá sráidbhaile Ail Finn suite timpeall leath bealaigh idir Ros Comáin agus Mainistir na Buaille, baile scoite nach bhfeicfidh tú fiú aon mbóthar mór. D'fhéadfá tiomáint thairis gan é a thabhairt faoi deara ar chor ar bith, murach an cuimhneachán mór ar Chogadh na Saoirse atá le feiceáil ar do dheis agus tú ag tiomáint ó thuaidh. Déantar comóradh go rialta ar na hóglaigh a throid agus a fuair bás i gceantar Ros Comáin timpeall céad bliain ó shin agus ar dhaoine nach iad. I mo bharúil féin ní haon saothar mór ealaíonta é ach tá sé feiceálach. Níl sé deacair teacht ar íomhánna den saothar dealbhadóireachta ar an ngréasán, anseo mar shampla. I gceann de na ballaí tá an gnáthíomhá den Phiarsach: Tá roinnt eolais le fáil ar Wikipedia an Bhéarla faoin láthair, ach níl aon rud ráite faoin duine nó na daoine a rinneadh an dearadh. Is trí thimpist a tháinig mé ar scéal suimiúil faoi dhuine den bheirt a bhí freagrach, ailtire Bascach a chaith cuid mhaith dá óige i mBaile Ghib na Mí. Ba i
Comentarios
Publicar un comentario