Searmanas



Bhí orainn éirí go luath an mhaidin sin, éiríonn an ghrian go luath i lár an tsamhraidh. Bhí ciorcal clocha tógtha ar imeall an bhaile agus bhí na draoithe agus na baird laistigh de. Daoine i róbaí fada de dhathanna éagsúla, an chuid is mó acu sean go maith. Tharraing duine acu claíomh as a thruaill agus ghlaoigh amach focal éigin ar nós 'Heddwch'. D'fhreagair an slua leis an fhocal céanna agus cuireadh an claomh ar ais sa truaill. Dúirt duine éigin liom do chogar nach bhféadfaí an fhéile a reáchtáil ach le linn síochána. Rinneadh a lán cainte agus fógraí i dteanga na tíre, agus tháinig scuainí daoine i láthair, isteach sa chiorcal. Bhí an fear as an Chorn ina measc, agus na Briotánaigh, ach na Gaeil ar leataobh mar nach raibh muid páirteach san eagraíocht. I ndiaidh d'fhir agus mná i róbaí gorma agus glasa a n-áít a ghalcach sa chiorcal tháinig slua isteach i róbaí fada bána.



Bhí sé chomh sollúnta le haifreann. Ach nuair a chonaic mé na seanleadanna seo gléasta i mbán dúirt mé de chogar; 'Here come the virgins' agus phléasc na hAlbanaigh amach ag gáire - níor éirigh liom Gáidhlig ná Gaeilge a bhaint as ceachtar acu i rith mo chuid ama ag an Eisteddfod.

Chas an tAlbanach chugam
'You're good' ar seisean. Ach bhí daoine ag stánadh orainn. Chuir muid dreach sollúnta orainn arís agus lean an searmanas ar aghaidh. Ba iad lucht na róbaí bána na draoithe, b'fhearr a bheith múinte.

Ar chúis éigin is maith le daoine searmanais, agus is dócha go raibh folús fágtha i saol na mBreatnach nuair a ghlac siad leis an athrú creidimh, le scrios na mainistreacha agus na ndealbha, le díbirt na Laidne agus na maisiúchán as na teampaill. Is féidir a rá go raibh rath ar an iarracht a rinne Iolo Morgannwg nuair a bhunaigh sé an Gorsedd beagnach dhá chéad bliain ó shin le cultúr 'Ceilteach' na Breataine, mar a shamhlaigh sé é, a athbheochan. Glacadh leis an Iolo seo, nó Edward Williams mar a baisteadh air, mar shaoi agus mar shaineolaí ar litríocht agus stair na Breataine agus leantar ar aghaidh leis na nósanna a bhunaigh sé sa lá inniu féin. Rinne sé obair iontach scoláireachta, ach go leor cumadóireachta chomh maith, mar a léirigh an scoláire G.J. Williams, timpeall 90 bliain ó shin.

Chuimhnigh mé ar an lá sin in Bro Colwyn in 1995 agus mé i láthair ag searmanas mór sollúnta de chuid na hEaglaise Caitlicigh i Madrid an lá cheana, an Cairdinéal ón Róimh agus easpaig agus abaí i mórshiúl isteach in Ardeaglais Madrid, ina róbaí agus a hataí le ceathrar sagart a maraíodh le linn an Chogaidh Chathartha a dhearbhú ina mbeannathaigh ........




Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne