Machnamh an duine doilíosaigh

Scríobh bean nár chuala mé iomrá riamh uirthi alt san Irish Times tamall ó shin agus tá Gaeilgeoirí ag at agus ag pléascadh le fearg mar go ndúirt sí nach bhfuil aon ghá le Gaeilge. An comhartha seanaoise é nár bhac mé leis an alt a léamh, ná an díospóireacht a lean é? Bíonn ailt dá leithéid sna páipéir 'náisiúnta' ó am go ham, agus leagan éigin den argóint chéanna iontu. Ní amháin gur cur amú ama é Gaeilge a fhoghlaim ach déanann sé dochar d'intinn agus d'anam an linbh, a mhaítear, agus ar aon nós níl aon ghá le Gaeilge le bheith i d'Éireannach.

Fanaim amach as an díospóireacht agus an argóint de ghnáth mar gur fáinne fí an mhearbhaill é a bheith ag spairn le naimhde agus 'cairde' na Gaeilge. Cinnte is féidir le duine a bheith ina Éireannach gan Gaeilge, ach ní haon ábhar bróid é a bheith Éireannach, go deimhin is náire a chuireann an tÉireannachas orm féin de ghnáth. Is Gael mise, ní féidir le hÉireannach gan Gaeilge a bheith ina Ghael. 

Ar an drochuair rinneadh nasc fíorláidir idir slánú na Gaeilge agus an córas oideachais, córas a cuireadh ar bun sa naoú haois déag le géillsinigh dílse a chruthú don Impireacht a bhí thuas san am. Bhí an t-aon eagraíocht chumhachtach a bhí fágtha sa tír tar éis bhriseadh Chinn tSáile breá sásta comhoibriú le smachtú na nGael agus lena dteanga a mharú, mar mhalairt ar smacht ar na scoileanna ag gach leibhéal. Tharla sé ag an am céanna go raibh gluaiseacht rómánsach san Eoraip a mhúscail spéis i seanscéalta agus nósanna lucht tuaithe agus ní raibh moill ar an uasaicme saibhreas litríochta na nGael a shú isteach sa Bhéarla le fochultúr nua 'Ceilteach' a chumadh. 

Chuaigh cultúr an smachta agus an bhréagCheilteachais i gcionn fiú ar an mbeagán ar theastaigh uathu dul i gcomhrac leis an ngalldú, agus bhí an strapa leathair agus an díspeagadh ina n-uirlisí le dílseacht don chreideamh agus don teanga a spreagadh i measc na bpáistí nuair a baineadh 'saoirse' amach. D'éirigh leis ar bhealach, rinneadh Gaeilgeoirí as cuid éigin de na daltaí a d'fhulaing scolaíocht nó 'oideachas' na hÉireann. Bhí droch-cháil ar na hoird rialta as an íde a tugadh do leanaí sna scoileanna, agus pionóis chorpartha a dháileadh go trom ar na leanaí (cáintear na Bráithre Críostaí go háirithe, ach nuair a bhunaigh Iognáid Rís a chuid scoileanna níor theastaigh uaidh an tslat a úsáid. Ach bhunaigh sé siúd a chuid scoileanna tamall maith sular tháinig an córas náisiúnta atá fós i bhfeidhm chun cinn: http://www.bergencatholicabuse.com/PDFs/REPUTATION.pdf  . Goilleann sé orm go fóill gur úsáideadh imeaglú agus foréigean le teanga agus creideamh a mhúineadh. Bhí an creideamh in ainm a bheith síochánta agus bunaithe ar ghrá, ach ullmhaíodh muid don Chóneartú le buillí den tslat nuair nár éirigh linn gach ceist sa Teagasc Críostaí a chur de ghlanmheabhair, agus rinne ceangal idir saoirse agus neamhspleáchas agus athbheochan ár dteanga dhúchais ach ba le héigean agus bagairt a d'fhoghlaim leanaí bochta línte filíochta agus rialacha gramadaí. Ghoill sé orm chomh maith nuair a dúirt m'athair uair amháin go raibh an ceart ag na bráithre (bráithre na Toirbhearta ina chás siúd) é féin agus a chomhscoláirí a bhualadh nuair nach raibh a gcuid obair bhaile déanta go maith acu. In ainneoin a dhíograis mar Ghael bhí teachtaireacht an éigeantais faighte aige féin agus ag a lán dá ghlúin ó chomhghleacaithe reiligiúnda na hImpireachta.

Níor éirigh linn an neamhspleáchas intinne a bhaint amach. Ghlac an iomarca daoine le meon smachtúil na Breataine seachas triail cheart a bhaint as prionsabail an Phiarsaigh . Is córas oiliúna do sclábhaithe atá againn i gcónaí, mar nár cuireadh in oiriúint é do phoblacht neamhspleách. Ní haon iontas é go bhfuil féinfhuath (go pearsanta agus go náisiúnta) go smior san Éireannach. Maireann an lúitéis i gcónaí

Sula ndeinim paidir chapaill de, tuigim go bhfuil na scoileanna an-tábhachtach má tá aon chuid de chultúr na nGael le maireachtáil, ach creidim go bhfuil i bhfad an iomarca béime ar an 'oideachas' agus scaoll  orainn ó thaobh aon athrú mór a dhéanamh, cé gur léir don dall gur theip ar an gcóras agus ar na rialacha atá ann le fada. Is ceart go mbeadh fáil ag gach leanbh sa tír ar theanga na tíre, níl aon amhras orm faoi sin, ná aon argóint ina choinne. Ach is ceart chomh maith a aithint nach é leas na teanga í a choinneáil mar ábhar éigeantach ó thús go deireadh na tréimhse scolaíochta. Tá ag teip go tubaisteach ar chóras agus ar fhoireann na scoileanna nuair nach mbíonn líofacht bainte amach tar éis an oiread sin blianta sa bhunscoil. Is gá na hathruithe is mó agus is réabhlóidí a dhéanamh sna bunranganna, is beag an fhianaise atá ann go bhfuil tuiscint ag lucht teagaisc ar an gcaoi a shealbhaíonn naíonáin teangacha. 

Níl na hacmhainní foirne ann le cinntiú go mbainfidh gach dalta bunscoile líofacht amach i nGaeilge, ach má bhíonn an obair déanta go maith sa chéad trí bliana ar scoil ní bheidh múinteoirí chomh hoilte céanna ag teastáil sna hardranganna. Is rómhinic a thugtar na daltaí is fearr do na múinteoirí is fearr, go háirithe nuair atá na daltaí ag ullmhú do na scrúduithe stáit, ach ní bhíonn an gá céanna ag na daltaí is cumasaí le múinteoirí maithe, má bhíonn an obair déanta go maith agus iad an-óg beidh siad in ann dul ar aghaidh iad féin leis an fhoghlaim. 

Is poblacht atá againn, más ea, agus is ceart go mbeadh sé d'aidhm ag córas oideachais poblachta saoránaigh a chruthú, is é sin daoine atá saor. Faoin a a bhíonn siad sna déaga is ceart go mbeadh líofacht ag daltaí sna teangacha agus iad ábalta dul ar aghaidh leo mar is mian leo féin, mar ábhair staidéir, siamsaíochta, sóisialta nó eile. Is uafásach an cur amú acmhainní é daltaí a choinneáil i ranganna nach bhfuil aon spéis acu iontu. Chuirfinn féin deireadh le Gaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist, ach bheadh cumas sa teanga riachtanach (cumas a bheadh léirithe le fíorscrúdú sa Teastas Sóisir) le haghaidh aon phost sa státseirbhís nó i gcomhlachtaí a bhíonn ag plé leis an phobal. 

Níl aon amhras faoi dhícheall na ndaoine atá ag plé le múineadh na Gaeilge, go gairmiúil agus go deonach. Chonaic mé cuid mhaith den obair chrua sin sna scoileanna agus sna coláistí samhraidh. Ach i ndiaidh na dúthrachta sin go léir, cad atá againn? An bhfuil toradh fiúntach ar an obair nuair nach féidir le cuideachta mhór phoiblí fógraí a chrochadh i nGaeilge, nó litir nó glaoch a fhreagairt sa teanga ina scríobhadh iad? An bhfuil toradh ar an obair nuair nach léitear ach corrchóip de leabhar Gaeilge? 

Ní haon mhaith a bheith ag súil le plean nó straitéis ó pholaiteoirí, bhí a lán againn ó bunaíodh an stáit, agus gan aon bhlúire de dháiríreacht ná de thoil laistiar díobh, theip orthu go léir. 

Ó thaobh na scoileanna de is gá aitheantas a thabhairt do na daltaí a bhfuil Gaeilge ón chliabhán acu, gan iad a chiapadh le cúrsaí atá dírithe ar thosaitheoirí. Ní mór go mbeadh dúshlán ann do na daltaí  má tá siad le smacht a fháil ar a dteanga féin, agus sult agus taitneamh a bhaint as an saibhreas litríochta atá againn in ainneoin neamart agus neamhshuim an stáit agus an phobail i gcoitinne. Mura bhfuil de sprioc ag an stát faoi láthair ach giota páipéir a bhronnadh ar gach duine óg le taispeáint gur chríochnaigh siad cúrsa nach mbaineann aon dúshlán leis, is ceart éirí as. Bíonn a laghad sin foghlamtha ag an ngnáthdhalta tar éis na mblianta ar scoil nach fiú luach an pháipéar é. 

Bheadh poist á gcailliúint ag a lán múinteoirí dá gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge don Ardteist, ach tá dhá réiteach air sin. D'fhéadfaí daoine cumasacha a fhostú le téacsleabhair agus ábhar léitheoireachta d'ardchaighdeán a scríobh, agus d'fhéadfaí a lán daoine atá ag obair go drogallach le hábhar nach bhfuil spéis acu féin ná a gcuid daltaí ann a shaoradh ón fhulaingt a bhaineann le post míthaitneamhach. 

Más iad na múinteoirí is fearr a fhanfaidh is ceart do gach duine díobh cúrsa a dhearadh a oireann dóibh féin agus dá ndaltaí, seachas curaclam cúng an stáit a leanúint. Déantar é seo sa bhFionnlainn is cosúil. 

Is í an eagla an galar is measa sa duine. Eagla roimh athrú an eagla is láidre. 
Ach níor éirigh leis na bearta a bhí againn go dtí seo. Agus ní bheidh poblacht mar is ceart againn go deo má bhímid ag brath ar thraidisiún éigeantais na hImpireachta. 

Dúirt scríbhneoir liom tráth nach ar son na cúise, ná le dualgas a lean sé ar aghaidh ag scríobh i nGaeilge, ach mar gheall ar an taitneamh atá le baint as a bheith i mbun comhrá agus caidreamh le Gaeil. Tá a fhios ag cuid againn go bhfuil rud éigin sa bhreis inár saol nuair a chleachtaímid ár dteanga féin mar uirlis teagmhála, machnaimh agus caitheamh aimsire. Ní léir go bhfuil a lán de na daoine atá ag plé leis an teanga ina gcuid oibre den tuairim chéanna. Cé gur eiriceacht  é a bheith in aghaidh an éigeantais, caithfear a bheith misniúil go leor le hathrú ó bhonn a chur ar a bhfuil á dhéanamh againn. Má theastaíonn athrú nó dul chun cinn uainn beidh orainn ár modhanna oibre a athrú. Más mian leat balla a leagadh gheobhaidh tú amach go luath nach fiú í a bhualadh le do chloigeann. Beidh tinneas cinn agus tuirse ort ach ní bheidh an obair déanta. 


Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne