Meangadh



Bhí mé ag amharc ar chúpla muince i siopa seodóra i gcathair bhréagach Carcasonne. Phioc bean an tsiopa ceann de na muincí agus chuir sí uirthi é, le meangadh. Cheannaigh mé an ceann sin. Ar mo bhealach amach a tuigeadh dom chomh hálainn is a bhí sí leis an meangadh sin.

'Nár bhreá liom cuireadh chun dinnéir a thabhairt di .... ' ach bhí mé amuigh ar an tsráid fholamh faoin am sin agus ní bheadh sé de dhánaíocht agam filleadh.

Mí Mhárta a bhí ann, Lá Fhéile Pádraig go deimhin.  Bhí na sráideanna ciúin, gan aon turasóirí sa seanchathair, na bialanna folamh. Faoi dheireadh chuaigh mé isteach i gceann acu agus d'ith mo dhinnéar liom féin go haonarach, mé ag smaoineamh ar cad a tharlódh dá gcasfainn ar mo sháil agus cuireadh chun dinnéir a thabhairt don seodóir mná. Cinnte dhiúltódh sí, ach mura ndiúltódh? Má bhí fear aici, nach bhféadfainn cuireadh a thabhairt dó siúd fosta agus bheadh cuideachta agus comhrá agam seachas a bheith ag ithe liom féin.

Léim cat mór dubh in airde ar chathaoir agus leag a lapaí ar an tábla os mo chomhair. Tháinig an freastalaí agus thug leis í, ag tabhair 'coquette' gan náire uirthi....

Níos mó dánaíochta ag an gcat ná agam féin.



Thíos fúm sa bhfíorchathair, i gan fhios dom, faoi na ballaí meánaoiseacha bhí cara liom ag déanamh a chomhrá le bean an leanna . . . .

Comentarios

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne