martes, 29 de diciembre de 2015

An Rí Gradlon

An té a thugann cuairt ar chathair Kemper in Iarthar na Briotáine tabharfaidh sé faoi deara an ardeaglais le dhá thúr ard. Feicfidh sé chomh maith dealbh d’fhear ar mhuin capaill ar bharr na heaglaise. Dealbh é seo den rí Gradlon, bunaitheoir na cathrach agus ardlaoch de chuid na mBriotánach. Ach bhí cathair eile ag Gradlon agus is é seo a scéal. 

Ba í Is príomhchathair ríocht Chornabhaíl agus bhí sí tógtha go díreach ar imeall na mara ar an cheann is faide siar de chósta na Briotáine, idir leithinis Crozon agus Rinn Sizun. Tháinig na longa móra thar sáile anoir agus aduaidh, lastaithe le síoda, fíonta, éadach agus cumhráin an Chianoirthir. Agus d’fhág siad arís agus iad luchtaithe le línéadach, le hairm chogaidh agus le criadóireacht na gCeilteach. Calafort beoga a bhí inti agus bhí mairnéalaigh an domhain le fáil ina cuid tábhairní. Ba láidir saibhir an chathair í agus mhair a muintir go sona. 

Go sona a mhair siad go dtí gur ardaigh an mhuir agus gurbh éigean do na daoine bábhún  ollmhór cloiche a thógáil chun an chathair a chosaint ó bheith báite ag an mhuir. Is dá bharr sin a tugadh Ker Is uirthi, nó an chathair íseal. D’osclaítí geata mór sa bhábhún chun na longa a ligean isteach le lagtrá. Chuir sé isteach go mór ar gach duine ar ndóigh, agus d’fhág sé freagracht an-trom go háirithe ar an rí Gradlon. Ba aige siúd a bhí an eochair don gheata mór agus níor ligeadh do dhuine ar bith eile sa chathair lámh  a leagan uirthi. Bhíodh sé leis fiú agus é ina chodladh istoíche. 

Fear breá ard ba ea Gradlon cosúil le Ceiltigh eile na linne, folt fada air agus croiméal breá. Trodaí misniúil calma ba ea é agus é fós i mbláth na hóige, gan ar a intinn ach cogaíocht, seilg agus eachtraí. Tráthnóna dá raibh sé ag ól i dtábhairne lena chairde cois cuain, tháinig scata máirnéalach ó na tíortha ó thuaidh chun suí ag an mbord. 

“An eol duit” arsa duine acu “gur tháinig muid ó Thír an Cheo Reoite agus go bhfuil ár mbanríon níos áille ná an sneachta féin? Cónaíonn sí i bpálás draíochta taobh thiar de chlaí ard, ag bun fiórd agus istigh ann tá maoin agus saibhreas gan áireamh”. 

Chuir Gradlon cluas le héisteacht air. 
“Bíodh deoch agat” ar sé leis an mairnéalach “agus eachtraigh dúinn”.
“Is  bandraoi í chomh maith agus tá sé ráite go mbíonn ár ndia Odin agus a mhac Thor aici chun boird”.
“An bhféadfá a insint dúinn cá gcónaíonn an ríon seo, agus cén t-ainm atá uirthi?”
“Malgwen a hainm, agus inseoidh mise duit conas an t-aistear a dhéanamh chuici …”
“Caithfidh mé teacht ar an ríon iontach seo agus ar a ciste!” a scairt Gradlon agus é an-chorraithe ag an scéal a chuala sé.

Cosúil le laochra uile an lae sin, ní raibh eagla an bháis ar Ghradlon: nár dhúirt na draoithe leis nach raibh sa bhás ach turas chuig Tír na hÓige? Ar nós na Lochlannach, chreid na seanCheiltigh nach raibh aon rud níos glórmhara ná bás a fháil ar pháirc an áir, go mbeadh siad aontaithe arís lena muintir sa saol eile agus go mbeadh sonas agus só acu ar feadh na síoraíochta i gcuideachta na ndéithe. 
Mhair an comhrá tréan i rith na hoíche. Agus an lá ag gealadh d’fhógair Gradlon go raibh cinneadh déanta aige: ‘Rachaimid ar thuras mara go dtí an tuaisceart aduain agus gabhfaimid ciste na ríona Malgwen dúinn féin’ ar sé lena laochra, dream a bhí i gcónaí réidh le dul chun catha.
Roinnt laethanta ina dhiaidh sin d’fhág cabhlach beag an calafort. Líon leoithne láidir a seolta leathair agus níorbh fhada go raibh na mairnéalaigh ar an fharraige mhór. 

Sular fhág sé an chathair thug an rí a eochair don seandraoi a bhí mar oide aige. ‘Ná bíodh imní ar bith ort,  tá cosaint na ndéithe ag an chathair agus coinneoidh mise súil uirthi’ arsan saoi.

Bhí na longa lastaithe le neart bia agus fíoruisce agus sheoil na laochra gan deacracht ar feadh míosa go dtí go bhfaca siad na sléibhte arda dorcha ag éirí os cionn na mara, agus fiórdanna doimhne chríoch Lochlann. D’oscail siad bairille d’fhíon na Gréige chun a dteacht i dtír a cheiliúradh agus chun iad féin a théamh nó bhí na críocha tuaisceartacha seo an-fhuar. Shéid gaoithe an tuaiscirt  go láidir agus clúdaíodh na longa le calóga sneachta. Casadh loinseoirí eile leo adúirt nach raibh tír na ríona i bhfad uathu agus dheifrigh na Briotánaigh leo ó thuaidh fan an chósta. Chlúdaigh ceo reoite na longa ar feadh tamaill agus shíl siad go raibh siad as cúrsa ach faoi dheireadh ghlan an ceo agus chonaic siad rompu caisleán aisteach ar bharr aille a bhí ag lonradh mar airgead faoi sholas na gealaí. Ní raibh aon amhras orthu: ba é seo caisleán na ríona Malgwen. D’ordaigh Gradlon dá chuid fear dul i dtír. Thuirling na laochra de na longa agus chuaigh faoi scáth na gcrann  mar a ndearna siad campa don oíche. Dhéanfaidís an t-ionsaí le héirí na gréine. 

Go moch ar maidin thug na Briotánaigh faoi bhallaí an chaisleán ach bhí na cosantóirí Lochlanna chomh cróga misniúil leo féin agus b’iomaí fear a leonadh sular chúlaigh na Briotánaigh go dtí an cladach arís. B’éigean dóibh go leor laoch a fhágáil marbh ar pháirc an áir. An mhaidin dár gcionn d’ionsaigh siad arís ach theip orthu nó bhí an fuacht uafásach ag dul go smior iontu agus ag baint an bhrí as a gcnámha.  Nuair a bhí trí sheachtain caite acu le hionsaithe gan éifeacht, agus na fir á marú agus á leonadh go tiubh chuaigh na laochra go Gradlon agus labhair siad leis ina phuball:
‘Ní féidir an dún sin a ghabháil, tá muid cloíte ag an chogaíocht seo, a lán dár gcomrádaithe seolta ag na Lochlannaigh go Tír na hÓige, agus ní fada a mhairfidh na fir leonta leis an bhfuacht atá sa cheantar seo. Ní féidir dul ar aghaidh leis an ionsaí. Teastaíonn uainn filleadh ar an mBriotáin agus ar ár gcathair dhil Is.

‘Abhaile libh más mian libh’ a d’fhreagair an Rí. ‘Ach ní fhágfaidh mise an tír seo go dtí go mbeidh an caisleán sin i mo sheilbh!’

Shíl na laochra go raibh a rí as a mheabhair glan, nó conas a d’fhéadfadh fear amháin, fiú laoch chomh calma le Gradlon, caisleán a ghabháil ina aonar. D’imigh siad leo go dólásach sna longa lena gcomrádaithe leonta agus d’fhág siad Gradlon ina aonar sa sneachta agus sa leac oighir.
Thit an oíche go mear agus an rí ag machnach ar a chathair álainn Is, nach bhfeicfeadh sé ar
ís go brách b’fhéidir. Faoi dheireadh d’ardaigh sé a shúil agus d’fhéach ar an aill, é ina shuí faoi scáth carraige ar foscadh ón ghaoth aduaidh. Chuala sé coiscéimeanna ar a chúl, chas go mear agus chonaic sé an bhean ba áille dár leag sé súil riamh uirthi ag teacht ina threo. Bhí a gruaig fhionn faoina clogad óir ag titim ina slaoda go bun a gúna bháin. Bhí glaine an tsneachta ina géaga geala agus a haghaidh uasal ag lonradh ar nós na gealaí. Stán sí lena súile glé i súile Ghradlon agus labhair sí leis:

‘Ná bíodh eagla ort a rí na mBriotánach, is mise an bhandraoi Malgwen, ríon an tuaiscirt. Tháinig tú go dtí mo ríocht chun mo shaibhreas a shlad, ach ní féidir leat tada a dhéanamh in aghaidh mo chuid draíochta. Is misniúil an fear tú fanacht anseo gan do chuid laochra chun dul i ngleic liom. Ach éist: tá stoirm mhór ag teacht anois agus b’fhearr duit teacht liom go dtí mo chaisleán mar a mbeidh foscadh agat. Tar liom!’

Lean an rí Malgwen gan focal as agus solas aisteach ag lonradh timpeall ar a cholainn. Nuair a shroich siad barr na haille d’oscail an bhanríon na geataí agus tháinig laochra fionna amach chun Gradlon a thionlacan go seomra na ríchathaoireach. 

‘Is tú m’aoi anois, a rí na Briotáine, suigh le mo thaobh agus bíodh deoch agat’ arsan ríon.
Réitíodh an tábla agus bhí féasta acu a mhair naoi lá agus naoi n-oíche. Thit an rí Gradlon i ngrá leis an bhean sí Malgwen.

D’fhan sé ar feadh tamaill sa chaisleán agus bhí sé go breá sásta, ach thug Malgwen faoi deara go gcaithfeadh sé a lán ama ag machnamh.

‘Tuigim cad tá ar d’intinn’ ar sí leis. ‘Ba mhaith leat filleadh ar do thír féin. Rachaidh mise ann leat más mian leat.’
‘Ach ní thig liom filleadh. Níl aon long anois agam ó thréig mo chuid féin mé’.
‘Ná bí buartha, a laoch dhathúil! Tá árthach againn duit, capall draíochta atá chomh mear leis an ghaoth aduaidh, a rachaidh ar cosa in airde thar na tonnta chomh héasca is a rithfidh sí ar talamh. Is dá bharr sin a thugaimid an Muireach air. 

Thug searbhónta an capall isteach i gcúirt an chaisleáin. B’ainmhí ghleoite go dearfa í, a súile ar lonradh mar dhiamaintí, agus a cóta dubh go mín snasta. ‘Ar aghaidh linn’ arsa Gradlon. Suas leis ar mhuin Mhuireich, agus Malgwen os a chomhair amach. láithreach bonn theilg an t-each é féin i dtreo na mara ar nós  saghaid  as bogha.  Amach leis de léim ar na tonnta agus ar aghaidh léi ar cosa in airde agus ar luas na gaoithe agus níorbh fhada go bhfaca Gradlon agus a chompánach álainn longa na mBriotánach.
Bhí iontas an domhain ar chomrádaithe Ghradlon é a fheiceáil ag teacht ar chapall chomh hiontach agus lig siad na gártha áthais ar fheiceáil dóibh go raibh a rí slán. Ach chomh luath is a thuirling Gradlon agus an ríon ón spéir thit an ghaoth agus chlúdaigh ceo throm thais na báid. 

Bhí an cabhlach naoi mí ar an bhfarraige agus ag a dheireadh rugadh leanbh álainn don bhean sí Malgwen agus tugadh Dahut mar ainm uirthi, ainm a chiallaíonn dea-dhraíocht sa Bhriotánais.
Ach níor mhair an t-áthas i bhfad do Ghradlon. Bhronn Malgwen a leanbh air agus dúirt: ‘Caithfidh mé tú a fhágáil anois, a stór, agus filleadh ar mo dhualgas mar bhanríon na sí. Fágaim agat m’iníon agus mo chapall Muireach. Beidh sé an-luachmhar duit.’ Bhí deora le súile Ghradlon agus an ríon sí ag imeacht as amharc ar nós puth deataigh. 

D’éirigh an ceo agus thug leoithne éadrom na longa ar ais gan mhoill go cathair Is. Bhailigh na sluaite chun fáilte a chur ar ais roimh an rí agus a chompánaigh. Chuaigh an rí ar mhuin a chapaill Muireach agus chuaigh isteach sa chathair ag ceann a chuid laochra agus an leanbh Dahut  fáiscthe lena ucht, an t-aon stór a bhí gafa aige óna thuras  go tír na Lochlannach.

Bhí féasta mór ag na laochra agus cheiliúir na daoine filleadh na laochra. Thug gach fear acu cuntas ar a chuid eachtraí sna farraigí fuara i gcéin, go dtí go raibh an t-ionsaí ar an chaisleán, teangmháil Ghradlon le Malgwen, an turas ar an each draíochta, agus breith Dahut fite fuaite go síoraí le finscéalta na mBriotánach.

Tugadh cuireadh chun na cóisire do bhaird uile Chornabhail agus rinne siad sin a gcionn chun eachtraí an rí agus breith a iníne sí a cheiliúradh le hamhráin agus le ceol cruite.


Chuaigh na blianta thart agus d’fhás Dahut suas ina bean óg dhóighiúil le trilsí fada órga cosúil lena máthair nach bhfaca sí riamh. Agus chonaic a hathair ina haghaidh an meangadh a bhíodh ar bhanríon an tuaiscirt Malgwen, a d’imigh uaidh ar ais go domhan na sí. 

Chaith an bhean óg a cuid ama ag damhsa agus ag ceiliúradh a hóige i hallaí an chaisleáin lena cairde, ag canadh nó ag seinm na cruite cois trá. Bhí sí an-tógtha le teagasc na ndraoithe agus d’fhreastail sí ar na féilte móra creidimh gach séasúr. 

Maidin bhreá sa bhfómhar tháinig manach darbh ainm Gwennolé go Is. Ba chara le Gradlon an t-ab seo as mainistir Landévennec a bhí suite cúpla míle ón chathair. Cosúil le manaigh a linne chaith sé a chuid ama ag urnaí trí huaire sa ló lena lámha sínte amach uaidh ar nós na croise agus é caite ar a ghlúine. Ba bheag a d’ith sé. Fiú ar lá saoire eaglasta ní bhíodh aige ach blúire arán le giota cáise. 

Bhí sé le cloisteáil ag teacht agus a chlog á bhualadh aige. Ar an lá seo bhí cuma an-fheargach ar Gwennolé ina chóta de sheithe gabhair agus a mhaide siúil á bheartú aige. Sheas sé os comhair Ghradlon agus an t-allas ag sileadh leis, saothar mór anála air  agus dreach fhiáin fheargach ar a shúil.

‘Gradlon’ ar sé, ‘nach eol duit cad tá ag tarlú i  do bhaile féin? Deirtear liom go gcaitheann an dream óg a gcuid ama ar fad le gáire agus le siamsaí!’
‘Cad tá cearr leis sin?’ a d’fhiafraigh an rí.
‘Tada, ach gurb í d’iníonsa atá i mbun na ndamhsaí agus go mbíonn sí go minic leis na draoithe, an dream sin a mhaslaíonn Dia lena gcuid asarlaíochta!’
Chuir Gradlon isteach ar go grod:
‘Aibhéal, a mhanaigh, caithfimid ómós a thabhairt dár sean-ghnásanna. Cuimhnigh gur iníon de chuid na sí í Dahut, lig di agus fill ar do chuid paidreacha!’
‘Fainic, Gradlon, tá tubaistí móra ag bagairt ar do chathair! Bhí tromluí agam aréir… Bíodh eagla ort roimh fhearg Dé sula mbíonn sé rómhall!’ arsa Gwennolé agus a mhéar dírithe i dtreo na spéire aige, spéir a bhí ag dorchú go mear bagrach. D’imigh an manach leis agus macalla á bhaint ag a chlog as ballaí na cathrach.

Thit an oíche go mear: bhí íor na spéire clúdaithe anois le scamaill dhubha agus an ghrian folaithe ar a gcúl. D’éirigh gaoth mhór agus theith ainmhithe agus éanlaithe isteach i bpoill sa talamh le héalú ón stoirm. 

Ní raibh an manach ach díreach imithe nuair a tháinig marcach deaghléasta go príomhgheata na cathrach. Bhí culaith dhearg air a bhí maisithe le seoda. Ligeadh an tiarna seo isteach láithreach agus thug Gradlon cuireadh chun boird dó.  Thug an tiarna anaithnid féiríní áille d’ór agus d’airgead don rí agus dá iníon.

Bhailigh na daoine uile thart ag amharc air le hiontas agus chan na baird amhráin ina onóir. Bhí an gúna b’áille a  bhí aici curtha uirthi ag Dahut don ócáid agus chuaigh sí ag damhsa leis an phrionsa aduain. Níorbh fhada gur thit an cailín i ngrá leis an strainséara dearg agus chaith sí an oíche uile ag damhsa leis. Chuaigh an rí Gradlon a luí le tuirse agus an bháisteach ag titim go trom   lasmuigh …

‘An bhféadfainn a dhath a thabhairt duit? arsa Dahut agus í faoi dhraíocht ag na féiríní áille a thug an prionsa di agus meallta ag a chuid damhsa. ‘Rud ar bith atá ar mo chumas tig leat é a fháil uaim’ ar sí. 
‘Má tá grá agat dom dáiríre’, a d’fhreagair an fear anaithnid, ‘tabhair dom an eochair sin atá crochta ar a mhuineál ag d’athair, tá sé ina chodladh faoi láthair agus ní raibh ann riamh ach bréagán duitse nuair a bhí tú i do leanbh’. Las meangadh aisteach aghaidh an strainséara agus é ag labhairt léi. Chraith an cailín le heagla agus chúlaigh sí uaidh.

‘Níl  eagla ort romham, a chailín álainn?’ ar sé. ‘Ar aghaidh leat suas agus faigh an eochair sin dom!’
Rinne Dahut moill. Bhí grá aici riamh dá hathair agus bhí sí umhal dó i gcónaí. Ach mhothaigh sí go raibh cumhacht anaithnid á treorú suas an staighre go seomra leapa an rí. Bhí Gradlon ina chodladh go trom agus í ag dul isteach ar a barraicíní. Shleamhnaigh sí an slabhra óir as a mhuineál go cúramach agus chúlaigh sí as a sheomra. 

Thóg an prionsa dearg an eochair uaithi ag bun an staighre agus d’fhág sé an pálás agus gach gár scanrúil as. Chuaigh an cailín sa tóir air agus alltacht uirthi ag iarraidh an eochair a fháil ar ais uaidh ach bhí sé róghasta di agus níorbh fhada gur shroich sé príomhgheata na cathrach. Bhí an bháisteach ag titim go tréan, tonnta arda á mbualadh in aghaidh bhallaí na cathrach ag an ghaoth agus na geataí ag crith faoina mbuillí tréana. Chuir an prionsa dearg an eochair sa ghlas agus chas í go garbh. D’oscail na geataí le clagarnach garbh agus bhrúigh na tonnta isteach. D’ardaigh an sruth láidir cúir agus uisce gach rud a tháinig ina bhealach agus chraith an talamh leis an tintreach agus an toirneach sa spéir. 

Músclaíodh an rí Gradlon agus shuigh sé aniar ina leaba. Chuir sé a lámh faoina mhuineál: bhí an eochair imithe. Bhí sé cheana féin i mbaol a bháite ach d’éirigh leis imeacht as an seomra de léim agus chuaigh sé ag lorg a iníne. Amach leis ar na sráideanna a bhí clúdaithe le huisce. 

‘Dahut, Dahut!’ a ghlaoigh sé go cráite. Faoi dheireadh chonaic sé ag snámh í. Tháinig an Muireach chuige de léim agus chroch sé a iníon in airde ar mhuin an chapaill. Amach leis ar chosa in airde as an chathair, na tonnta mire á leanúint. Bhí siad i mbaol a mbáite ag na tonnta ollmhóra nuair a chonaic siad uathu an manach Gwennolé ar bharr aille. Chonaic an manach an rí agus ghlaoigh de ghuth ard:
‘Gradlon, caith uait d’iníon isteach sa mhuir nó báifear tú le gach duine eile!’

Rinne Gradlon moill ar feadh ala. Ansin chaith Gwennolé a mhaide le hiomlán a nirt leis an bhanphrionsa agus nuair a bhuail sé í thit sí as amharc faoin bhfarraige. Láithreach bonn, stad na tonnta, chiúinigh an mhuir agus thit an ghaoth. D’aon léim amháin bhain an Muireach bruach na mara amach agus é spíonta.



Leag Gradlon a chos ar talamh agus shiúil sé ar ais go láthair na cathrach. B’uafásach an radharc a chonaic sé, ní raibh le feiceáil os a chomhair amach ach an fharraige mhór ag síneadh go bun na spéire. Bhí na céadta troigh uisce os cionn Is anois, cathair álainn shaibhir Ghradlon ina fothrach faoin fharraige. 
Chaith Gradlon blianta ag caoineadh a iníne agus d’fhill sé go minic chuig an chladach ag súil lena phálás agus tithe na cathrach a fheiceáil arís, ach ní raibh le feiceáil ach gaineamh, feamainn agus clocha, gan rian ar bith fágtha d’Is. 

Ach b’fhear cróga fíochmhar é Gradlon agus ar ball bheartaigh sé a chathair a athógáil in ionad níos rathúla. Mar ar tháinig dhá abhainn le chéile thóg sé í agus Kemper nó Cumar mar ainm uirthi. Agus bhí Kemper ina príomhchathair do ríocht Chornabhal. Seasann an chathair seo fós, príomhbhaile Pen ar Bed sa Bhriotáin. 

In annála na manach as Landévennec, tuairiscítear gur mhair Gradlon ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin agus gur riailigh sé a ríocht go stuama cneasta. Rinne céadeaspag Chornabhal de Corentin agus mhair Dahut mar mhaighdean mhara san aigéan. Is iomaí mairnéalach a chonaic í ag seinm na cláirsí ar charraig aonair ar muir, a cuid gruaige fada óir ar foluain sa ghaoth. Ach chúlaigh siad uaithi chun nach meallfadh a ceol binn go híochtar na mara iad. Thuairisc daoine eile gur chuala siad na cloig as séipéil agus teampaill Is sa oíche ag glaoch ar anamnacha na ndaoine bochta a bádh. Mhair cuimhne an rí Gradlon i gcuimhne na mBriotánach agus tá a dhealbh le feiceáil ar bharr cheann de thúir ardeaglais naomh Corentin i Kemper. Samhlaítear do dhaoine go fóill go n-éireoidh an chathair os cionn na dtonn arís mar adeir an rann:

“Pa va beuzet Paris
Ec’h adsavo Ker Is” 

(Nuair a bháfar Páras

aiséireoidh cathair Is).


Vicipéid

No hay comentarios:

Publicar un comentario