lunes, 8 de junio de 2015

"Tá an Ghaeilge ag fáil bháis, tá an Ghaeilge ag fáíl bháis...."

Tuarascáil eile foilsithe faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Seanscéal agus meirg air a déarfadh go leor againn. 

Bhí m’athair á chrá féin faoi mheath agus bás na Gaeltachta chomh fada le mo chuimhne. Chaith sé seal le Roinn na Gaeltachta agus le húdaráis áitiúla a raibh ceantair Ghaeltachta faoina gcúram ar feadh na mblianta fada, tríocha bliain agus breis, agus lean sé ar aghaidh lena chuid díospóireachta agus a chuid stocaireachta a fhad is a bhí sin ar a chumas go ceann blianta tar éis dó dul ar phinsean. 

Nuair a bhí mé i mo ghasúr beag chuir sé isteach i gcomórtas bréag-éadaí mé, leis an chuid eile den chlann, rolla mór páipéir timpeall orm, “Mair a Ghaeilge agus gheobhaidh tú mise” mar mhana air. Hataí ‘bowler’ ar dhuine no beirt eile againn, ‘An tEl-Ef-Em’, agus manaí eile á n-iompar acu sin, an duine ba shine dínn i bhfalaing Mhuimhneach a fuair muid ar iasacht ó mo mhamó, ‘Mo Chlann féin do dhíol a Máthair’ an mana a bhí ar a droiim siúd. Caithfidh sé gurb í sin Nollaig na bliana 1965 nó 66, nuair a bhí go leor cainte i measc lucht na Gaeilge faoin bPáipéar Bán. Bhíodh Fleá ag Na Teaghlaigh Ghaelacha sa Mheal Thuaidh i gCorcaigh. Roimhe sin is cuimhin liom a bheith ag Geamaireacht nó dhó i mBaile Átha Cliath ina mbíodh trácht mhagúil faoi chúis agus faoi ghluaiseacht na Gaeilge, agus faoina naimhde san LFM, sna heaglaisí, sna meáin, in RTÉ agus mar sin de. 

Mar sin is féidir liom a rá go raibh cás agus cúis agus cantal agus ceiliúradh na Gaeilge mar dhlúthchuid den tógáil a fuair mé, Bhíodh na hirisí agus na leabhair, agus údair na n-alt agus na leabhar  sa teach go minic agus an plé á dhéanamh de shíor ar fheall an rialtais, ar chomh gallda is a bhí na heaspaig, ar na rudaí ba cheart a dhéanamh. Ach ní lucht cantail ná cnáimhseála a bhí iontu, rinne siad gníomh, na cairde agus na comhghleacaithe seo a bhí ag m’athair agus mo mháthair. Ní raibh sé d’acmhainn acu gaiscí móra poiblí a dhéanamh, ach ba iad a chuaigh sa bhfiontar le scéim Ard Barra i nGleann Maighir, d’eagraigh siad turais ar an Ghaeltacht, cheannaigh siad na leabhair agus thóg siad a gclann le bheith líofa agus dílis, bhain tírghrá leo ar bhealach nár bhain le go leor de na Gaeilgeoirí oifigiúla a fuair postanna breátha acadúla agus riaracháin lena gcuid Gaeilge. Is cinnte gur chaith m’athair go leor ama leis na scéimeanna, an iris chlóscríofa ‘An Teaghlach’, Cairde Chúil Aodha, Craobh an Chraoibhín i bParád na Díge, Brú na Gráíge i gCorca Dhuibhne, Faiche  na bhFilí i gCarraig na bhFear, coiste Práinne na Gaeilge, feachtais éagsúla le linn an dá bhliain a chaith sé ag obair le Bardas Dhún Laoghaire, coistí agus cumainn éagsúla i nGaoth Dobhair nuair a fuair sé post le Comhairle Contae Dhún na nGall i 1970. 

Ba chuid lárnach de mo shaol chomh fada siar le mo chuimhne Gaeilge agus Gaeltacht, feachtais agus agóidíocht agus caint ar scéimeanna agus pleanáil. Ba leis an Chumann Gaelach a chaith mé mórchuid mo chuid ama agus fuinnimh san Ollscoil i gCúil Raithin, nó ‘The Irish Society’ mar a tugadh air nuair a bhí mé sa chéad bhliain, An Cumann Gaelach (nó Irish Society idir lúibíní) sa dara bliain, agus an Cumann Gaelach le cruinnithe go hiomlán i nGaeilge faoin am go raibh mé i mo chathaoirleach. D’fhoghlaim mé go leor faoi dhearcadh na ndaoine ar fud na hÉireann atá ag obair go dúthrachtach ar son na teanga i mo sheal ar choiste riartha Ghaelscoileanna, agus chonaic mé arís mar a chonaic nuair a bhí mé i mo ghasúr, nach iad na Gaeilgeoirí oifigiúla sárlíofa cáiliúla dea-íoctha na laochra, ach daoine a dhéanann a ndícheall go socair ciúin i mbruachbhailte agus i bparóistí na tíre. Éiríonn le roinnt daoine a leas féin agus leas an phobail a nascadh le chéile, ach is cinnte nach iad na daoine is mó a fhaigheann aird a dhéanann an obair chrua le scoileanna a bhunú agus a mhaoiniú, féilte a eagrú, agus daoine óga a spreagadh. 

Agus i rith na mblianta sin go léir, ón uair a bhí caint agus raic ann faoin bPáipéar Bán sna seascaidí, stailc ocrais Mhisneach i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Féirste i 1966, mórshiúlta agus cruinnithe i gCorcaigh, bunú Ard Barra mar iarracht le Gaeltacht nua a chruthú i ngar don chathair,, féilte i gCúil Aodha, cuairteannta ar cheantair Gaeltachta na Mumhan, i gCiarraí, in Iarthar Chorcaí agus sna Déise, feachtais faoi thithíocht, faoin phobalscoil, ar son comharchumainn agus comhar creidmheasa i nGaoth Dobhair, tacú le Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta lena raidió bradach agus a bhfeachtas toghcháin i 1969, bhí tuairiscí agus tuarascálacha agus airí Gaeltachta agus Gaeltarra agus feachtais ar son an Údaráis agus feachtais toghchánaíochta an Údaráis, agus bunú Raidió na Gaeltachta, agus cláir díospóireahta ar an raidió agus feachtais éagsúla an Chonradh agus bunú Bhord agus Fhoras na Gaeilge, agus eagraíochtaí agus féilte nua a tháinig agus a d’imigh. 

Ní haon nuacht dom mar sin tuarascáil eile fós a bheith ann faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht, ná na díospóireachtaí ná na hargóintí ar irisí agus raidió agus anois ar an idirlíon. 

Is fada ó shin a chonaic daoine an gaol a bhí idir feabhsú cumarsáide agus athrú teanga - féach cá raibh na stáisiúin traenach agus feicfidh tú na sráidbhailte is gallda san iarthar. Thug an raidió agus an teilifís an Béarla isteach sa teach agus de ghnáth chuir daoine fáilte roimh an teanga a thabharfadh go Boston agus go postanna i Sasana nó san ardchathair iad. Ní ionann an fhírinne sin a aithint agus a rá nár cheart an chumarsáid a fheabhsú.

 Bhí na tithe ceanntuí go deas agus iad neadaithe sa tírdhreach sceirdiúil álainn, ach bhí siad fuar, tais, dorcha agus ní haon locht ar dhaoine gur fearr leo stíl eile cónaithe anois. Ní féidir linn fanacht i muinín maidí rámha agus seolta le hearraí a iompar siar an cósta nó amach chuig na hoileáin. Tá athruithe ann nach féidir a stopadh agus bheadh sé fíoramaideach cur ina gcoinne - is féidir leis an bhradán snámh in aghaidh easa ach ní bhíonn mórán rath ar an duine a thugann faoi. Agus mar a deir na Conallaigh, tig athrú ar an athrú - (nó athrach ar an athrach) - agus is féídir leis an teanga, ar modh cumarsáide í go bunúsach, dul ar snámh sa ghréasán agus treisiú ann ar bhealach nach raibh ar fáil go dtí seo. B’fhéidir nach gceannóidh mórán daoine leabhar nó iris Gaeilge, ach tá milliún amharc leathanaigh bainte amach ag an nuachtán idirlín ‘Tuairisc’ agus bhí neart léitheoirí ag ‘Beo’ agus ag blaganna agus foilseacháin eile ar an ngréasán. is suarach an díol a bhíonn ar leabhair Ghaeilge, go háirithe mura bhfuil íomhá phoiblí cheana féin ag an údar ó a bheith ag obair sna meáin chraolta, ach nach bhfuil sé in am anois na saothair litríochta a chur ar fáil i bhfoirm a bheadh inléite ar an scáileán beag atá ag beagnach gach duine anois ina bpóca. 

Amannta cuirtear lagmhisneach orm nuair a fheicim nó nuair a chloisim an cineál Gaeilge a bhíonn ag daoine anois, is minic gur mó an dúthracht ná an cumas a bhíonn i lucht na cúise. Ach mar a luaigh mé thuas, ní hiad na daoine sárlíofa, dea-íoctha, cáiliúla a dhéanann an obair is fiúntaí, an treabhadh leanúnach a mbíonn toradh intomhaiste air, seachas an taighde nach mbíonn de thoradh air ach tuarascálacha deascríofa slachtmhara a chuirfear ar sheilf tar éis do chúpla duine iad a léamh agus a phlé, go dtí go mbíonn na sonraí go léir as dáta agus go gcaithfear an taighde a dhéanamh arís eile…..

Rinne dream acadúil taighde ar na heagraíochtaí Gaeilge timpeall 20 bliain ó shin, Treo 2000.

Mar bhall de Choiste Riartha Ghaelscoileanna léigh mé an tuarascáil sin agus scríobh mé léirmheas 3000 focal air don Choiste. Ní dóigh liom gur léigh balll ar bith den choiste an tuarascáil ná mo léirmheas, nó má léigh ní raibh aon rud le rá faoi. Is cuma is dócha, níor tháinig a dhath as Treo 2000 agus níor tháinig tada as Plean Gníomhaíochta Bhord na Gaeilge a foilsíodh níos mó ná 30 bliain ó shin (bhí moltaí praiticiúla gan uaillmhian ag Seán Ó Tuama agus a fhoireann, ach d’éirigh sé as mar nach raibh aon spéis ag an Rialtas i ngníomh ar bith a dhéanamh - agus is cuimhin liom cad a dúirt Colmán Ó hUallacháin faoi dhearcadh lucht na polaitíochta - d’éirigh seisean as an Institiúit Teangeolaíochta agus bhí sé agam mar léachtóir i gCúil Raithin sna 70í. ‘A massive campaign to do nothing’ a bhí i mbeartais rialtais an ‘tSaorstáit’  dar leis an teangeolaí Joshua Fishman, a fostaíodh le comhairle a chur ar an Institiúid Teangeolaíochta. 

Ni dóigh liom fiú go bhfuil feachtas le ‘faic a dhéanamh’ ag saorstátairí an lae inniu, an rialtas reatha a  bhíonn ag lúitéis le prionsaí na Breataine agus ar mhaith leo an phoblacht bhocht atá againn a chur ar ceal agus filleadh go baclainn na banríona. Aineolas agus neamhshuim níos mó ná riamh atá acu i leith teanga agus cultúr na hÉireann. 

Ach mar a bhí ó thús ré na hathbheochana, tá daoine agus eagraíochta agus dreamanna neamhfhoirmiúla ann i gcónaí, iad á n-oiriúnú féin don domhan urnua ina bhfuilimid ó stróic teicneolaíocht na faisnéise na fréamhacha as na seanchinnteachtaí. Ní bheidh irisí ná paimphléidí á ndíol ag geata theach an phobail, ná i gcorrtheach leana, ach beidh gach focal a chuirtear an an Idirlíon ar fáíl go deo.

Is gá an fhírinne a fheiceáil. Bhíodh eagla ar fhoilsitheoirí a admháil cé mhéad leabhar Gaeilge a díoladh nó a fágadh ag carnadh deannaigh, níor mhaith an rud go mbeadh an t-eolas sin ag naimhde na Gaeilge’, a dúirt Stiofán Ó hAnnracháin, a d'fhoilsigh leabhar de mo chuid,  liom tráth ….. Ach is fearr liomsa an fhírinne lom. Ní ag snámh in aghaidh easa a bheidh muid feasta, ach ag braistint na gcuilithí agus ag baint leasa astu le cinntiú go mairfidh anam ár náisiúin go folláin sna haoiseanna atá romhainn. Agus le bheith lánsoiléir faoi, is í an teanga anam an náisiúin, tá sí níos luachmhaire ná bratach nó Dáil nó aon fhoireann spóirt. 

No hay comentarios:

Publicar un comentario