Slán le Berna


Sa phictiúr thuas tá beirt de m'aintíní, Berna agus Treasa, mar a thug mo mháthair orthu. Bhí siad beirt ina mná rialta in ord Marie Reparatrice, ó bhí siad an-óg. Chaith siad na blianta ar mhisin éagsúla in Éirinn agus thar lear. Mar sin cé gur luaigh mo mháthair go minic iad ní raibh mórán teagmhála againn leo agus muid óg. Is cuimhin liom rud amháin, bhíodh duine acu á rá, ní cuimhin liom cén bhean acu, go raibh cuma easpaig ormsa agus déarfainn go raibh siad féin agus mo mháthair ag súil go ngabhfainn an treo sin. Faoin am go raibh mé i mo mhac léinn bhí siad beirt lonnaithe i gclochar i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Bhuail mé féin agus mo dheartháir isteach acu anois agus arís. Chuiridís plátaí móra bia ar bhord romhainn i gcónaí agus ba mhór an fháilte a chuir beirt fhear óg síorocracha roimhe sin. Bhí an comhrá leo éirimiúil tuisceanach measúil i gcónaí, ach bhí siad sin, dar linne, istigh agus muide amuigh sa saol mór. Ar ndóigh bhí breall orainn. Bhí an bheirt sin amuigh sa saol ar bhealach nach mbíonn mórán seachas taidhleoirí idirnáisiúnta nó iriseoirí cogaidh. Chonaic siad níos mó den saol ná mar a fheicfidh mise go brách.  Chaith Treasa na blianta san Afraic, agus fuair sí bás i dtimpiste bóthair gar do Antanarivo.


Chaith Berna na blianta i Luimneach mar a raibh sí ina máthair ab, agus thug mé cuairt uirthi uair nó dhó ansin (http://baoismhachnamh.blogspot.com/2015/09/ta-fearg-ort-le-dia-arsa-maintin.html) agus le blianta anuas bhí sí i gCorcaigh. Chonaic mé í den uair dheireanach dhá bhliain ó shin sa chlochar ina bhfuil cónaí ar dheirfiúr eile, Joey (nó Columbiere mar a tugadh uirthi san ord), bean a chaith a saol le Cumann na Misean chun na hAfraice. Bhí comhrá bríomhar agam leo beirt agus bhí mé ag súil go mbeadh deis eile againn bualadh leo. Chuir sí cárta um Nollaig agus ar an drochuair bhí an tsláinte tepthe uirthi. Ní raibh sé i ndán dúinn bualadh le chéile arís. D'éag sí ar an 28ú Aibreán agus mo dheirfiúr Colma cois leapa léi. Mar seo a d'fhág Colma slán léi:


Comentarios

  1. Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
    via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne