"Tá an Ghaeilge ag fáil bháis, tá an Ghaeilge ag fáíl bháis...."
Tuarascáil eile foilsithe faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Seanscéal agus meirg air a déarfadh go leor againn. Bhí m’ athair á chrá féin faoi mheath agus bás na Gaeltachta chomh fada le mo chuimhne. Chaith sé seal le Roinn na Gaeltachta agus le húdaráis áitiúla a raibh ceantair Ghaeltachta faoina gcúram ar feadh na mblianta fada, tríocha bliain agus breis, agus lean sé ar aghaidh lena chuid díospóireachta agus a chuid stocaireachta a fhad is a bhí sin ar a chumas go ceann blianta tar éis dó dul ar phinsean. Nuair a bhí mé i mo ghasúr beag chuir sé isteach i gcomórtas bréag-éadaí mé, leis an chuid eile den chlann, rolla mór páipéir timpeall orm, “Mair a Ghaeilge agus gheobhaidh tú mise” mar mhana air. Hataí ‘bowler’ ar dhuine no beirt eile againn, ‘An tEl-Ef-Em’, agus manaí eile á n-iompar acu sin, an duine ba shine dínn i bhfalaing Mhuimhneach a fuair muid ar iasacht ó mo mhamó, ‘ Mo Chlann féin do dhíol a Máthair ’ an mana a bhí ar a droiim siúd. Cai...