Entradas

Mostrando entradas de abril, 2016

Tabarca

Imagen
Seachas cóip de cheann de mhórlonga cogaidh chabhlach na Spáinne a cuireadh go tóin tar éis chath Trafalgar, bia den scoth, agus neart ceoil ar na sráideanna, ní fhéadfaí a rá gur chathair tharraingteach í Alicante i gcúige Valencia. Ach amuigh sna sléibhte, i Santuario de Pla de Petrarcos, tá saothair ealaíne sna carraigeacha, a rinneadh ocht míle bliain ó shin.  http://arqueologiaalicante.blogspot.com.es/2011/02/conjunto-de-arte-rupestre-de-pla-de.html Agus amuigh sa Mheánmhuir tá oileán beag a bhfuil daoine ina gcónaí fós ann,  seanteanga Valencia á labhairt acu go fóill (is Catalóinis í ach ná habair sin le muintir Valencia ... ), iad beo ar an iascaireacht agus ar an turasóireacht, oileán a bhí i seilbh na Múrach ar feadh i bhfad, na Críostaithe ina sclábhaithe acu, nach mbíonn ann sa gheimhreadh ach timpeall fiche duine, ach na mílte ar cuairt gach lá i rith an tsamhraidh. Tearmann éan agus bláthanna. Fuarthas iarmsaí Rómhánacha ar an oileán, agus tá fianai