Entradas

Mostrando entradas de marzo, 2015

Comhrá beag aréir

Bíonn siad le feiceáil lasmuigh d'ospidéal mór Ramon y Cajal, fir ón Afraic a 'chabhraíonn' le daoine páirceáil ar thaobh na sráide. Aréir tharla go raibh orm duine a thabhairt amach ansin. Thaispeáin fear acu spás dom ag an chúinne taobh amuigh de Urgencias. Shíl mé gurbh fhearr €1 a íoc leis ná a bheith i mbaol fíneála.  Agus tar éis na boic seo a fheiceáil le cúpla bliain anuas bhí mé fiosrach fúthu. 'Cad as daoibhse?' arsa mise leis. 'Tá mise as Gána,' ar seisean. 'Ach is as an tSeineagáil, an Nigéir, agus tíortha eile mo chairde.' 'As Gána? Agus conas a tháinig tú chun na Spáinne?' 'I gcurach.' 'I gcurach?' 'Ar bhus, ansin ar churach le hinneal crochta as a chúl. Ar bhus as Gána, trí Burkina Faso, Mailí, agus an Ailgéir agus trasna na farraige.' 'Níl tú anseo go dleathach mar sin? An gcuireann na péas isteach oraibh?' 'Níl aon fhadhb leo mura mbriseann tú an dlí. Tá mise liom féin, ní chuiri