Entradas

Mostrando entradas de junio, 2014

Castar na daoine ar a chéile

Bean ag siúl romham ar an gcosán. Caol, measartha ard, gruaig chatach ghearr liath, rud annamh na laethanta seo agus a bhfolt daite ag beagnach gach bean. Ní raibh spás ann le hí a scoitheadh nó bhí daoine ag teacht an treo eile. Ní raibh deifir ar bith orm ar an chaoi, ach gur shíl mé go mbeadh sí neirbhíseach dá mbeadh a fhios aici go raibh duine éigin á leanúint. Go tobann baineadh tuisle aisti, agus rug mé ar a sciathán agus í ag titim. Bhí iall a cuaráin briste. Chrom mé le cabhrú léi ach dúirt sí gur chuma, go raibh sí ceart go leor. Ar aghaidh liom gan amharc san aghaidh uirthi. Cheana féin bhí scuaine fada bailithe lasmuigh de na fuinneoigíní. Níorbh aon iontas é, ach bhí go leor ag gearán go raibh rudaí níos fearr cúpla bliain ó shin sular tháinig an rialtas caomhach 'Popular' i gcumhacht. Alt sa pháipéar saor '20 Minutos' faoi éadaí leapa salach agus easpa glaineachta go ginearálta ó cuireadh na seirbhísí glantóireachta amach ar conradh go cuideachtaí prío

Poblacht agus Poblacht Eile

Imagen
Chuir mé an litir seo a leanas chuig an Irish Times tamall ó shin. Níor bhac siad lena fhoilsiú..... A eagarthóir, in Easter 1916 a Republic was declared. The only royal presence at the commemoration of that event should be in effigy - hanging from the lamp-posts. Cuireann sé múisc orm daoine a fheiceáil gléasta ar nós ainmhithe sorcais agus ag umhlú dóibh siúd a bhfuil cumhacht acu mar oidhreacht ó ghadaithe agus dúnmharaithe na haimsire atá caite. Ba náireach an rud é do pholaiteoirí na hÉireann na cultacha moncaí a chur orthu féin le béile a chaitheamh le banríon Shasana. Is náirí fós iad na meáin chumarsáide a deir gur dul chun cinn agus aibíocht agus fás suas a léirigh an lúitéis sin. Ach deirtear go bhfuil formhór an phobail i bhfách le cuireadh a thabhairt do chuid den teaghlach ríoga sin chuig comóradh céad bliain an Éirí Amach . . . . Mar a deirim thuas fógraíodh poblacht ar Luan Cásca 1916. Más poblacht atá againn, nó atá uainn, chuirfeadh sé déistin orainn ár nUachtarán